Ionsaí haiceála ar ríomhchoráis FSS agus na Roinne Sláinte (2021)

Rinneadh ionsaí haiceála ar ríomhchoráis Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na Roinne Sláinte idir 30 Aibreán - 13 Bealtaine 2021, an ionsaí haiceála ríomhaireachta is measa riamh a rinneadh sa stát. Thug an FSS faoi deara ar an 13 Bealtaine go cúrasaí ag dul amú.[1][2]

bogearraí éirice - sampla (Golden Eye sa cháß seo)

Thruailligh bogearra éirice an córas ríomhaireachta; 'D'ainneoin an méid infheistíochta a bhí déanta ag an HSE len é a chosaint ar na hionsaithe seo, táimid fós ag foghlaim' a dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach FSS.[3]

Bhí an bhuíon coirpeach Wizard Spider freagrach as an ionsaí, ar cheann de na buíonta coirpeach is cumasaí i gcúrsaí teicneolaíochta ar domhan.[4] Bhí na bradaithe bunaithe i gCathair Pheadair - agus sa cheantar máguaird - sa Rúis. Bhain Wizard Spider úsáid as bogearraí éirice "Conti", bogearraí atá le fáil ar cíos ó 2019.[1]

IarmhairtíCuir in Eagar

Dhún an FSS síos a chóras le nach ndéanfaí tuilleadh dochair nuair a tuigeadh dó gur thruailligh bogearra éirice é. Cuireadh as go mór do sheirbhísí sláinte ar fud na tíre mar gheall ar an bhfoghail.[5] Bhí tionchar mór ar chumas na heagraíochta trí chéile an cúram cuí a chur ar fáil d'othair.[6] Cuireadh ar ceal formhór na gcoinní a bhí ag othair.[7]

Bhí sonraí bainteach le hothair faighte ag an lucht haiceála.

Richard Corbridge, CIO FSS - comhdháil sa bhliain 2017ː "e-Health in the digital society"

Cosnódh sé na deicheanna milliún euro leis an damáiste a chur ina cheart.[8]

CostasCuir in Eagar

Bhí éileamh ar airgead fuascailte i mBitcoin déanta ag na foghlaithe.[9] An aidhm a bhí Wizard Spider ná sonraí FSS a chriptiú agus a chur faoi ghlas agus ansin iarracht a dhéanamh airgead fuascailte a bhaint den Stát chun é a fháil ar ais

Bhí lucht cibearshlándála náisiúnta (agus an Biúró Cibearchoireachta an Gharda Síochána ) ag plé leis an gceist sin sna laethanta i ndiaidh na n-ionsaithe. Chuaigh na gardaí i gcomhairle le póilíní Europol agus Interpol. Chuaigh an HSE ag obair i gcomhar leis an Ionad Náisiúnta Cibearshlándála, agus le saineolaithe eile féachaint leis an scéal a réiteach.

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 "Irish health system fights off one ransomware attack, succumbs to another" (en-US). Verdict (2021-05-17). Dáta rochtana: 2021-05-20.
  2. thug FSS faoi deara i rith na hoíche ar 13 Bealtaine go raibh ionsaí déanta ar chuid dá córais le bogearraí éirice. (14 Bealtaine 2021). "Éileamh déanta ag cibearchoirpigh ar airgead fuascailte ón Stát" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-20.
  3. Nuacht RTÉ (2021-05-15). "Príomhfheidhmeannach an HSE fós aineolas i dtaca le sonraí" (in ga). 
  4. Nuacht RTÉ (2021-05-18). ""Ríomhfhoghlaithe Wizard Spider freagrach as cibirionsaí"" (in ga). 
  5. Nuacht RTÉ (2021-05-15). "Impleachtaí na n-ionsaithe haiceála fós á meas ag an HSE" (in ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2021-05-18). ""Dúshláin mar gheall ar chibirionsaí le dul i méid" - Colm Henry" (in ga). 
  7. Nuacht RTÉ (2021-05-14). "Ríomhchóras Fheidhmeannacht na Seirbíse Sláinte dúnta go fóill" (in ga). 
  8. Nuacht RTÉ (2021-05-17). "Cibirionsaí: "coir thromchúiseach in aghaidh daoine breoite"" (in ga). 
  9. Nuacht RTÉ (2021-05-16). "Córais ríomhaireachta na Roinne Sláinte buailte freisin" (in ga).