Seó na mBréagán

sraith theilifíse
(Athsheolta ó Late Late Toy Show)

Tá Seó na mBréagánm nó an Late Late Toy Show á chraoladh ón mbliain 1975 ar an Late Late Show ar RTÉ, á gcur i láthair ag Ryan Tubridy. Meallann an clár sciar maith de lucht féachana na tíre gach Nollaig, i measc na gclár ba mhó rath sa tír, agus máite agus dráite na mbréagán ar taispeáint ag an Tiobraideach féin agus a chomrádaithe beaga.[1] "Tá sé chomh holc sin go bhfuil spraoi de shórt ag baint leis."[2]

Infotaula de sèrie de televisióSeó na mBréagán
Láithreoir(í)Gay Byrne, Pat Kenny, Ryan Tubridy agus Patrick Kielty
TírÉire
Bealach teilifíseRTÉ a hAon
An chéad eipeasóidSamhain 1975
Ryan Tubridy

Conspóidí cuir in eagar

D'fhéadfaí a mhaíomh go gcuireann an clár luachanna ábharaíocha chun cinn, Cuireann an clár brú breise ar roinnt tuismitheoirí an t-am sin den bhliain a macasamhail de bhronntanais a chur ar fáil lá Nollag.[2]

Chaill RTÉ €2,272,859 san iomlán mar gheall ar an gceoldráma "Late Late Toy Show: the Musical" sa Convention Centre, BÁC in 2022. nach raibh mórán ratha air.[3] Ghlac cathaoirleach Bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh go raibh "easnaimh thromchúiseacha" ann agus ghabh sí pardún leis an bpobal agus le foireann RTÉ as an neamart.[4][5]

Gaeilge cuir in eagar

Labhraíodh Gaeilge ar an seó sa bhliain 2012.[6]

Sa bhliain 2019, dúirt RTÉ go raibh ‘fáilte’ á cur acu roimh iarratais ó pháistí le Gaeilge a bheith ar The Late Late Toy Show i mbliana.[7] Ghlacfaí le “hiarratais as Gaeilge agus as Béarla” ó pháistí ar mian leo a bheith páirteach sa chlár, a dúirt RTÉ.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Póilín Nic Géidigh / NÓS (2019). "Bí linn don Toy Show beo ar Twitter anocht le Póilín Nic Géidigh!" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2022-05-28.
  2. 2.0 2.1 Méabh Ní Thuathaláin (2016). "Tromluí an Toy Show Traidisiún taitneamhach nó deasghnáth dóite na Nollag?" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2022-05-28.
  3. "RTÉ have apologised for Toy Show the Musical" (en). JOE.ie. Dáta rochtana: 2024-01-29.
  4. Nuacht RTÉ (2024-01-25). "Cuntasaíocht RTÉ i leith ceoldráma cáinte i dtuarascáil" (as ga). 
  5. Conradh na Gaeilge, Londain (24 Feabhra 2024). "‎Nuacht Mhall: (Baile Átha Cliath) on Apple Podcasts" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-15.
  6. ""Any Craic? Níl" - Alex Meehan | The Late Late Toy Show 2012" (as en) . 
  7. Méabh Ní Thuathaláin (27 M.F. 2019). "Ní féidir geallúint a thabhairt go mbeidh Gaeilgeoir ar an ‘Late Late Toy Show’ an Nollaig seo – RTÉ" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-28.