Ryan Tubridy
Is láithreoir teilifíse agus raidió Éireannach é Ryan Tubridy, a rugadh ar 28 Bealtaine sa bhliain 1973. Is as an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath dó.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Bealtaine 1973 50 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ![]() |
Áit chónaithe | Dún Laoghaire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | cumadóir amhrán ![]() |
Suíomh gréasáin | ryantubridy.ie ![]() |
![]() |
Gairm Cuir in Eagar
Tar éis dó blianta a chaitheamh ag cur cláir éagsúla i láthair (mar shampla The Rose of Tralee), fuair sé a sheó cainte féin Tubridy Tonight ar RTÉ 1 sa bhliain 2004.
The Late Late Show, 2009-2023 Cuir in Eagar
Fógraíodh i mBealtaine 2009 go mbeadh sé mar láithreoir The Late Late Show, tar éis do Phat Kenny a fhógairt go mbeadh sé ag éirí as an bpost sin ag deireadh shéasúr 2008-2009.
Chuir an Tiobraideach an seó i láthair don chéad uair ar 5 Meán Fómhair 2009. D'éirigh sé as in 2023.[1]
Raidió Cuir in Eagar
Tá clár raidió ag Tubridy idir an 9 am agus an 10 am chuile mhaidin den tseachtain ar RTÉ Raidió a hAon.
Pearsanta Cuir in Eagar
Muintir Cuir in Eagar
Tá ceangal na nglúnta ag Ryan Tubridy féin le Gaeltacht Chonamara. Bhí sin-seantuismitheoirí an chraoltóra ina múinteoirí i Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i gConamara.
Bhí a mac siúd, an Dr. Seán Tubridy, ina dhochtúir leighis i mBéal an Daingin agus páirteach i gCogadh na Saoirse agus é ina Theachta Dála ag Fianna Fáil i gConamara ina dhiaidh sin, agus bainteach leis an eagraíocht Muintir na Gaeltachta a bhunú le Máirtín Ó Cadhain.[2] D’athraigh muintir Tubridy soir ar an Órán Mór níos deireanaí agus ba ansin a rugadh a athair.[3]
Poblachtach neamh-leithscéalach ba ea seanathair Ryan Tubridy, Todd Andrews, ón taobh eile.[4] Bhí sé ina dhochtúir leighis i mBéal an Daingin agus ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar. D’athraigh muintir Tubridy soir ar an Órán Mór níos deireanaí agus ba ansin a rugadh athair Ryan.[5]
Bhí teach saoire ag a sheanathair, ar thaobh a mháthar, Todd Andrews i mBaile na hAbhann, atá fós ann.[3]
Gaeilge Cuir in Eagar
Dúirt an Tiobraideach sa bhliain 2021, “Is breá liom TG4. Ba mhaith liom an Ghaeilge a thabhairt ar ais i mo shaol ar bhealach éigin, agus déarfainn gur rud é a dtabharfainn faoi nuair a bheidh an rud seo curtha dínn againn... Tá mé tosaithe ag titim beagáinín i ngrá leis an nGaeilge arís agus a bhuíochas sin ar fad do TG4."[2]
Tá beirt iníonacha ag Tubridy agus an léiritheoir RTÉ, Ann Marie Power. Bhí Tubridy ag dul amach le Aoibhinn Ní Shúilleabháin, craoltóir, eolaí agus Gaeilgeoir, idir 2009-2014.[6]
Féach freisin Cuir in Eagar
Tagairtí Cuir in Eagar
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-03-16). "Ryan Tubridy le n-éirí as mar láithreoir an Late Late" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 Tuairisc.ie (2021). "‘Tá mé tosaithe ag titim beagáinín i ngrá leis an nGaeilge arís’ – Ryan Tubridy" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-28.
- ↑ 3.0 3.1 "Ryan Tubridy ag éirí as The Late Late Show" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-16.
- ↑ Seosamh Ó Cuaig (19 Samhain 2015). "I gConamara le Ryan Tubridy, ag plé Casement, an Aud agus an Cheathrú Rua, agus a mhuintir féin…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-28.
- ↑ Máirtín Ó Catháin (28 Lúnasa 2015). "‘Táthar ann nach spéis leo Conamara – is boichte ná mise iad dá bharr!’ – Ryan Tubridy" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-28.
- ↑ "Ryan Tubridy and Aoibhinn Ni Shuilleabhain announce their love split" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-05-28.
Naisc sheachtracha Cuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |