Bean ghnó is ea Deirdre Anne "Dee" Forbes (a rugadh 1 Feabhra 1967), agus Ardstiúrthóir RTÉ ó Aibreán 2016 go Meitheamh 2023 D'éirigh sí as a post sin de bharr na conspóide faoi na híocaíochtaí faoi cheilt a déanadh leis an gcraoltóir. Ryan Tubridy.[1]

Infotaula de personaDee Forbes

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithFeabhra 1967
57 bliana d'aois
Drom Dhá Liag, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

I nDrom Dhá Liag in iarthar Chorcaí a rugadh Forbes. Bhain sí céim sa stair agus sa pholaitíocht amach in UCD in 1988.

Londain cuir in eagar

Bhí Dee Forbes lonnaithe i Londain, áit ar chaith sí níos mó ná 27 bliain idir 1989-2016, ag obair do chraoltóirí agus don ghníomhaireacht fógraíochta Young and Rubicam.

Stiúir Forbes gnónna Turner Broadcasting sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn sna 2000idí. Chaith sí roinnt blianta ag obair le Turner i róil éagsúla tráchtála. Ba í Ceann na nDíolachán Fógraíochta don Eoraip freisin í.

Thosaigh Forbes ag obair le Discovery Networks Northern Europe in 2010 mar Cheann oibríocht na Ríochta Aontaithe/ na hÉireann. Chuir sí lena cuid freagrachtaí de réir a chéile go dtí go raibh sí i gceannas ar réigiún Thuaisceart na hEorpa. D'éirigh sí ina hUachtarán agus ina Stiúrthóir Bainistíochta.[2]

 
Forbes sa bhliain 2015

RTÉ cuir in eagar

Ceapadh Dee Forbes ina Príomh-Stiúrthóir ar RTÉ le héifeacht ón 11 Iúil 2016.

Faoi cheannasaíocht Dee Forbes sa bhliain 2017, bhí atheagar iomlán curtha ar struchtúr na heagraíochta. Faoin bplean ‘Aon RTÉ Amháin’, tháinig "ré nua teicneolaíochta" i bhfeidhm "lena mbaineann léiriúchán ilardán agus comhdhlúthú na meán."[2]

 
Ryan Tubridy, 2018

Scannal Tubridy cuir in eagar

Bhí Forbes i gceannas ar na comhráití leis an ngníomhaire a bhí ag Ryan Tubridy, i dteannta feidhmeannaigh shinsearacha eile de chuid RTÉ i rith 2017-2022. Dúirt sí gur lorg siad socrú leis an láithreoir a choinneáil ach conradh nua a réiteach le 15% de choigilt a aimsiú, agus "tagadh ar shocrú a chinntigh laghdú ar chostas RTÉ".[1]

D'admhaigh RTÉ gur íoc RTÉ €345,000 faoi cheilt le Ryan Tubridy, airgead sa mbreis ar a thuarastal nár tuairiscíodh don phobal ná don Oireachtas. Tháinig an scannal chun solas tar éis fiosrú ón iniúchóir Deloitte.[1]

Níos déanaí, dhiúltaigh RTÉ conradh fostaíochta Forbes a sholáthar do Choiste na gCuntas Poiblí i nDáil Éireann, agus eolas a sholáthar maidir leis na pacáistí airgeadais scoir a tugadh dí agus d'iar-Stiúrthóir Tráchtála an chraoltóra,Geraldine O'Leary agus iar-Phríomh Oifigeach Airgeadais, Breda O'Keefe.[3]

Eile cuir in eagar

Bhí Forbes ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar bhord The Irish Times tráth agus bhí sí ar bhord Munster Rugby [2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-06-26). "Ceannasaí RTÉ tar éis éirí as faoin scannal íocaíochtaí" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 2.2 RTÉ (2017). "Súil siar 2017". Dáta rochtana: 2023.
  3. Nuacht RTÉ (2023-09-22). "Níl conradh fostaíochta Dee Forbes á sholáthar ag RTÉ" (as ga-IE).