Aoibhinn Ní Shúilleabháin

scoláire agus craoltóir Éireannach

Is scoláire, craoltóir agus ceoltóir Éireannach í Aoibhinn Ní Shúilleabháin.

Infotaula de personaAoibhinn Ní Shúilleabháin

(2012) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1983
40/41 bliana d'aois
Ceathrú na Con, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath - ceadúnach
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath - dochtúireacht Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBaile Átha Cliath
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, pearsa raidió, láithreoir teilifíse, matamaiticeoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
UirlisCeol gutha
Teaghlach
PáirtíRyan Tubridy (2009–2014) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm2031527 Twitter: aoibhinn_ni_s Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol

cuir in eagar

Rugadh Aoibhinn sa bhliain 1983. Art agus Máire a tuismitheoirí. Bhí Art ina stiúrthóir ar Ionad Oideachas Mhaigh Eo agus bhí Máire ina leas-phríomhóide i nGaelscoil Chaisleán an Bharraigh.[1] Thainig sí i méadaíocht i gCeathrú na Con i gcontae Mhaigh Eo. Is í Aoibhinn an páiste is sine agus tá cúig deartháireacha aici.[2]Tá Aoibhinn agus deartháireacha s’aici páirteach i gComhaltas Ceoltóirí Éireann.[3]

Fuair Aoibhinn céim san fhisic theoiriciúil sa bhliain 2005 ó Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 2009, rinne Aoibhinn staidéar le haghaidh Ard-Dioplóma san Oideachas ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a d'óstáil sí imeachtaí don Amharclann Eolaíochta. Fuair sí a hArd-Dioplóma chun múineadh ag leibhéal na meánscoile sa bhliain céanna. Fuair sí PhD sa mhata sa bhliain 2016.[4]

Rose of Tralee

cuir in eagar

Ghlac Aoibhinn páirt sa chomórtas Rós Thrá Lí sa bhliain 2005. Bhuaigh sí an chéad babhta den chomórtas ar an 15ú de Meitheamh 2005 nuair a chan sí ‘Summerfly’.[5]Bhí sí 22 ag an am. Chuir athair Aoibhinn ainm s’aici síos agus ní raibh sí róshásta ar dtús ach chuaigh sí ar aghaidh chun an comortás  a bhuachaint.[6]Bhí sí in ainm a bheith ag dul go dtí Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath I mí Deireadh Fomháir an bhliain sin chun Céim Máistir a fháil sa ríomheolaíocht ach d’fhan sí chun a bheith mar iondaí don féile Rós Thrá Lí.[7]

Bhí Aoibhinn mar an príomh-amhránaí de Ragús, banna ceol traidisiúnta a chuaigh sí ar camchuairt le sa bhliain 2007 go Stáit Aontaithe Meiriceá, An tSeapáin agus ar fud na hEorpa.

Múinteoireacht

cuir in eagar

D’obair sí mar mhúinteoir faoi oiliúint sa mhatamaitic,san fhisic agus sa Ghaeilge I dTamhlacht, Baile Átha Cliath.

Sa bhliain 2007, bhí sí ar an gclár The Panel ar RTÉ a Dó. Ghlac sí páirt I séasúr 2008 de Celebrity Bainisteoir ar RTÉ One, ina raibh sí mar bhainisteoir ar foireann peile ó Kiltimagh. Bhí sí mar láithreoir ar chlár ceol traidisiúnta seachtainiúil darbh ainm The Reel Deal ar RTÉ ar feadh sé eipeasóid ó Meitheamh-Iúil 2009. Bhí sí mar ambassadóir do Sheachtain na Gaeilge I mí Márta 2010. Láithrigh sí clár taistil ar RTÉ darbh ainm Getaways le Joe Lindsay, ach cuireadh Angela Scalon in áit Lindsay. Sa bhliain 2013 fuair sí post mar láithreoir de chlár raidió a bhí ar siúil ar feadh deich sheachtain ar RTÉ Radio 1 darbh ainm Aoibhinn and Company.  Láithrigh sí an chlár RTÉ Fleadh Cheoil chomh maith le John Creedon sa bhliain 2014. Tá sí mar ceann de na láithreoir ar an chlár RTÉ The Science Squad ó 2012 chomh le Jonathan Mc Crea agus Kathriona Devereux.[8] Láithríonn sí an clár 10 Things to Know About leo chomh maith, clár a thosaigh sa bhliain 2017.[9]

Rinneadh ciapadh ar Aoibhinn ar feadh dhá bhliain. Bhí Ollamh Hans-Benjamin Braun ag déanamh an ciapadh seo. In airteagal a scríobh an Irish Times dúirt siad go raibh eagla uirthi a bheith léi féin ar an campas agus beagnach stad sí gairm s’aici mar gheall air. Ag deireadh 2019 bhí cás cuairte acu agus fuair siad Ollamh Hans-Benjamin Braun ciontach de ciapadh faoi rionn 10 Gníomh Cionn Neamh-Mharfach in aghaidh an duine 1997. Mar gheall ar seo níl céad ag an ollamh teaglamh a bheith aige le Ní Shuilleabháin ar feadh cúig bliana. Anois tá Ní Shuilleabháin ag caint amach faoi táithí s’aici chun aird a tharraingt ar an ciapadh a tharlaíonn do mná in ollscoileanna. Chuir sí gearán foirméalta isteach tar éis di labhirt le na Gardaí. Ag pointe amháin tiastil an ollamh trasna an chontae chuig Corcaigh chun labhirt le Ní Shuilleabháin nuair fuair sé amach tríd na mean shoisiálta go raibh sí ansin lena chairde. Chuig na Gardaí é amach as an ostán dhá uair. An seachtain roimh bainis s’aici bhí eagla uirthi bhí sí imníoch go tiocfaidh sé chuig an teach. Anois níl post ag Braun san ollscoil agus fuair Aoibhinn leithscéal ón ollscoil mar gheall ar na moille a bhí le gearán s’aici.[10]

Caidreamh agus teaghlach

cuir in eagar

Bhí Aoibhinn i gcaidreamh leis an gcraoltóir Éireannach Ryan Tubridy ón mbliain 2009 go dtí 2014. Nuair a scar siad, bhí Tubridy 41 agus bhí sí 29. In 2013, cheannaigh an bheirt acu teach i mBaile na Manach, Baile Átha Claith.[11]

Phós Aoibhinn an grianghrafadóir Carlos Diaz in 2017.[12] Bhí mac acu sa samhradh 2019 agus thug siad an t-ainm Naoise Garcia air.[13] Bhí mac eile acu i nDeireadh Fómhair 2020.[14]

  1. "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Irish singer | Biography, Facts, Information, Career, Wiki, Life". peoplepill.com. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  2. "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Irish singer | Biography, Facts, Information, Career, Wiki, Life". peoplepill.com. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  3. "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Irish singer | Biography, Facts, Information, Career, Wiki, Life". peoplepill.com. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  4. In conversation with Hilary Fennell (2016-11-05). "This much I know: Aoibhinn Ní Shúilleabháin" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  5. peoplepill.com. "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Irish singer | Biography, Facts, Information, Career, Wiki, Life" (en-US). peoplepill.com. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  6. In conversation with Hilary Fennell (2016-11-05). "This much I know: Aoibhinn Ní Shúilleabháin" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  7. "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Irish singer | Biography, Facts, Information, Career, Wiki, Life". peoplepill.com. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  8. "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Irish singer | Biography, Facts, Information, Career, Wiki, Life". peoplepill.com. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  9. "10 Things to Know About" (as en) (2017-11-14). 
  10. "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Two years of harassment at UCD" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  11. "Tubridy Breakup - Ryan and Aoibhinn Ní Shúilleabháin split". web.archive.org (2015-02-03). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-02-03. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  12. "Aoibhinn Ní Shúilleabháin ties the knot with her mystery man in low-key wedding" (en). independent. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  13. "Aoibhinn Ní Shuilleabháin expecting second child".
  14. "Baby joy for Aoibhinn Ní Shúilleabháin" (as en) (2020-11-03).