An Feabhal (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)
Is toghcheantar i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe é An Feabhal. Cruthaíodh sa bhliain 1983 é. Is é Colum Eastwood (PSDLO) sealbhóir reatha an tsuíocháin.[1]
An Feabhal | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 97,300 (2021) | |||
• Dlús | 528.77 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 184.012 km² | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 9 Meitheamh 1983 | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Stair
cuir in eagarÓ 1983 nuair a bunaíodh toghcheantar an Fheabhail, cathair Dhoire agus a bruachbhailte, ba iad ceannairí an SDLP na feisirí cé is moite den tréimhse ó 2017-2019 nuair a bhí an suíochán ag Elisha McCallion, Sinn Féin.[2]
In 2019, bhí an móramh ba mhó i dTuaisceart Éireann ag Colum Eastwood, ceannaire an SDLP in 2019 nuair a bhain sé an suíochán ar ais ó Shinn Féin le farasbarr 17,000 vóta. Bhí casadh os cionn 18% i bhfabhar Eastwood chun a theacht i gcomharbacht ar John Hume agus Mark Durkan. D’iompaigh na sluaite ar ais chuig an SDLP ar chúiseanna éagsúla agus fuair Eastwood vótaí ó aontachtaithe chomh maith le náisiúnaithe.
In 2022, bhí 33% den vóta ag Sinn Féin i gcomparáid le 31% ag an SDLP i dtoghchán an Tionóil 2022. Bhí vóta iomlán na n-Aontachtach faoi bhun 13% in 2019 agus ag 17% in 2022.[2]
2024
cuir in eagarBhí iarrthóir níos láidre ag Sinn Féin, an t-iarmhéara Sandra Duffy. Ach bhí míshástacht le Sinn Féin sa cheantar toisc go ndeachaigh siad go Washington le haghaidh na Féile Pádraig d’ainneoin iompar Mheiriceá i leith chogadh Iosrael ar Gaza. Dhiúltaigh Eastwood agus an SDLP don chuireadh. Mhaígh Sinn Féin gur ag feisirí s’acusan i gcomhar lena n-airí in Stormont a bhí an tionchar agus cumhacht. Ina choinne sin mhaígh Eastwood gurb eisean faoi ndear infheistíocht rialtas na hÉireann sa scoil leighis in Ollscoil Mhic Aodha agus nithe eile a bhain tacaíocht ó Whitehall don ‘City Deal’ do Dhoire agus an Srath Bán.[2]
Bhí seisear eile san iomaíocht; Teachta Tionóil an DUP, Gary Middleton, Janice Montgomery an UUP, Shaun Harkin, Pobal Seachas Brabús, John Boyle Aontú, Anne McCloskey, neamhspleách, agus Rachael Ferguson Pháirtí na Comhghuaillíochta.
Toghcháin
cuir in eagar2020i
cuir in eagarOlltoghchán, 2024 [3] | |||||
---|---|---|---|---|---|
Páirtí | Iarrthóir | Vótaí | % | ± | |
PSDLO | Colum Eastwood | 15,647 | 40.8 | -17.4 | |
Sinn Féin | Sandra Duffy | 11,481 | 29.9 | +8.7 | |
PAD | Gary Middleton | 3,915 | 10.2 | +1.5 | |
Pobail roimh Bhrabús | Shaun Harkin | 2,444 | 6.4 | +3.6 | |
Neamhspleách | Anne McCloskey | 1,519 | 4.0 | +4.0 | |
PAU | Janice Montgomery | 1,422 | 3.7 | +1.7 | |
An Chomhghuaillíocht | Rachel Ferguson | 1,268 | 3.3 | +0.6 | |
Aontú | John Boyle | 662 | 1.7 | -2.7 | |
Tromlach | 4,166 | 10.9 | -25.4 | ||
Ballóid | 38,358 | 52 | -11.2 | ||
Clárú vótálaithe | 73,496 |
2010í
cuir in eagarOlltoghchán, 2019 [4] | |||||
---|---|---|---|---|---|
Páirtí | Iarrthóir | Vótaí | % | ± | |
PSDLO | Colum Eastwood | 26,881 | 57.0 | +17.7 | |
Sinn Féin | Elisha McCallion | 9,771 | 20.7 | -19.0 | |
PAD | Gary Middleton | 4,773 | 10.1 | -6.0 | |
Aontú | Anne McCloskey | 2,032 | 4.3 | +4.3 | |
Pobail roimh Bhrabús | Shaun Harkin | 1,332 | 2.8 | -0.2 | |
An Chomhghuaillíocht | Rachel Ferguson | 1,267 | 2.7 | +0.9 | |
PAU | Darren Guy | 1,088 | 2.3 | +2.3 | |
Tromlach | 17,110 | 36.3 | - | ||
Ballóid | 47,144 | 63.4 | -2.0 | ||
Clárú vótálaithe | 74,360 |
Olltoghchán, 2017 | |||||
---|---|---|---|---|---|
Páirtí | Iarrthóir | Vótaí | % | ± | |
Sinn Féin | Elisha McCallion | 18,256 | 39.7 | +8.2 | |
PSDLO | Mark Durkan | 18,087 | 39.3 | -8.6 | |
PAD | Gary Middleton | 7,398 | 16.1 | +3.7 | |
Pobail roimh Bhrabús | Shaun Harkin | 1,377 | 3.0 | +3.0 | |
An Chomhghuaillíocht | John Doherty | 847 | 1.8 | +0.4 | |
Tromlach | 169 | 0.4 | - | ||
Ballóid | 46,136 | 65.4 | +12.6 | ||
Clárú vótálaithe | 70,324 |
Olltoghchán, 2015 | |||||
---|---|---|---|---|---|
Páirtí | Iarrthóir | Vótaí | % | ± | |
PSDLO | Mark Durkan | 17,725 | 47.9 | +3.2 | |
Sinn Féin | Gearóid Ó Heára | 11,679 | 31.6 | -0.4 | |
PAD | Gary Middleton | 4,573 | 12.4 | +0.5 | |
PAU | Julia Kee | 1,226 | 3.3 | +0.1 | |
An Chomhghuaillíocht | David Hawthorne | 835 | 2.3 | +1.7 | |
PNRA | Kyle Thompson | 832 | 2.2 | +2.2 | |
Páirtí Coimeádach (TÉ) | Hamish Badenoch | 132 | 0.4 | +0.4 | |
Tromlach | 6,046 | 16.3 | +3.6 | ||
Ballóid | 37,002 | 52.8 | -4.7 | ||
Clárú vótálaithe | 70,036 |
Olltoghchán, 2010 | |||||
---|---|---|---|---|---|
Páirtí | Iarrthóir | Vótaí | % | ± | |
PSDLO | Mark Durkan | 16,992 | 44.7 | -1.7 | |
Sinn Féin | Martina Anderson | 12,098 | 31.9 | -1.4 | |
PAD | Maurice Devenney | 4,489 | 11.8 | -2.2 | |
Pobail roimh Bhrabús | Eamonn McCann | 2,936 | 7.7 | +7.7 | |
UCU-NF | David Harding | 1,221 | 3.2 | +0.9 | |
An Chomhghuaillíocht | Keith McGrellis | 223 | 0.6 | +0.6 | |
Tromlach | 4,824 | 12.7 | -0.4 | ||
Ballóid | 37,889 | 57.5 | -12.5 | ||
Clárú vótálaithe | 65,843 |
2000i
cuir in eagarOlltoghchán, 2005 | |||||
---|---|---|---|---|---|
Páirtí | Iarrthóir | Vótaí | % | ± | |
PSDLO | Mark Durkan | 21,119 | 46.3 | -3.9 | |
Sinn Féin | Mitchel McLaughlin | 15,162 | 33.2 | +6.6 | |
PAD | William Hay | 6,557 | 14.4 | -0.8 | |
Comhshaoil sóisialach | Eamonn McCann | 1,649 | 3.6 | +3.6 | |
PAU | Earl Storey | 1,091 | 2.4 | -4.5 | |
Rainbow Dream Ticket | Ben Reel | 31 | 0.1 | +0.1 | |
Tromlach | 5,937 | 13.1 | -10.5 | ||
Ballóid | 45,609 | 65.9 | -3.0 | ||
Clárú vótálaithe | 65,758 |
Olltoghchán, 2001 | |||||
---|---|---|---|---|---|
Páirtí | Iarrthóir | Vótaí | % | ± | |
PSDLO | John Hume | 24,538 | 50.2 | -2.3 | |
Sinn Féin | Mitchel McLaughlin | 12,988 | 26.6 | +2.6 | |
PAD | William Hay | 7,414 | 15.2 | -6.4 | |
PAU | Andrew Davidson | 3,360 | 6.9 | +6.9 | |
An Chomhghuaillíocht | Colm Cavanagh | 579 | 1.2 | -0.5 | |
Tromlach | 11,550 | 23.6 | -5.0 | ||
Ballóid | 48,879 | 68.9 | -1.8 | ||
Clárú vótálaithe | 70,943 |
1990i
cuir in eagarOlltoghchán, 1997 | |||||
---|---|---|---|---|---|
Páirtí | Iarrthóir | Vótaí | % | ± | |
PSDLO | John Hume | 25,109 | 52.5 | +1.0 | |
Sinn Féin | Mitchel McLaughlin | 11,445 | 23.9 | +6.3 | |
PAD | William Hay | 10,290 | 21.5 | -4.9 | |
An Chomhghuaillíocht | Helen-Marie Bell | 817 | 1.7 | -1.0 | |
Páirtí Dlí Nádúrtha | Donn Brennan | 154 | 0.3 | -0.5 | |
Tromlach | 13,664 | 28.6 | +3.5 | ||
Ballóid | 47,815 | 70.4 | +0.9 | ||
Clárú vótálaithe | 67,905 |
Olltoghchán, 1992 | |||||
---|---|---|---|---|---|
Páirtí | Iarrthóir | Vótaí | % | ± | |
PSDLO | John Hume | 26,710 | 51.5 | +2.7 | |
PAD | Gregory Campbell | 13,705 | 26.4 | -2.2 | |
Sinn Féin | Martin McGuinness | 9,149 | 17.6 | -0.3 | |
An Chomhghuaillíocht | Lara McIlroy | 1,390 | 2.7 | +0.1 | |
Páirtí na nOibrithe | Gordon McKenzie | 514 | 1.0 | -1.1 | |
Páirtí Dlí Nádúrtha | John Burns | 422 | 0.8 | +0.8 | |
Tromlach | 13,005 | 25.1 | +4.8 | ||
Ballóid | 51,890 | 69.5 | +0.5 | ||
Clárú vótálaithe | 74,673 |
1980i
cuir in eagarOlltoghchán, 1987 | |||||
---|---|---|---|---|---|
Páirtí | Iarrthóir | Vótaí | % | ± | |
PSDLO | John Hume | 23,743 | 48.8 | +2.8 | |
PAD | Gregory Campbell | 13,883 | 28.6 | -1.9 | |
Sinn Féin | Martin McGuinness | 8,707 | 17.9 | -2.4 | |
An Chomhghuaillíocht | Elizabeth Zammitt | 1,276 | 2.6 | +0.5 | |
Páirtí na nOibrithe | Eamonn Melaugh | 1,022 | 2.1 | +1.0 | |
Tromlach | 9,860 | 20.3 | +4.7 | ||
Ballóid | 48,631 | 69.0 | -8.6 | ||
Clárú vótálaithe | 70,519 |
Olltoghchán, 1983 | |||||
---|---|---|---|---|---|
Páirtí | Iarrthóir | Vótaí | % | ± | |
PSDLO | John Hume | 24,071 | 46.0 | - | |
PAD | Gregory Campbell | 15,923 | 30.5 | - | |
Sinn Féin | Martin McGuinness | 10,607 | 20.3 | - | |
An Chomhghuaillíocht | Gerard O'Grady | 1,108 | 2.1 | - | |
Páirtí na nOibrithe | Eamonn Melaugh | 582 | 1.1 | - | |
Tromlach | 8,148 | 15.6 | - | ||
Ballóid | 52,291 | 77.6 | - | ||
Clárú vótálaithe | 66,976 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Ciarán Lenoach (2019-12-12). "Tromlach glan ag na Tóraithe - bua rábach" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Póilín Ní Chiaráin (23 Meitheamh 2024). "An taobh thiar den Bhanna ‘glas’, dúshlán roimh Shinn Féin i nDoire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-06.
- ↑ "Foyle - General election results 2024" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2024-07-08.
- ↑ "Foyle parliamentary constituency - Election 2019" (en-GB). Dáta rochtana: 2019-12-13.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |