Pobal seachas Brabús

páirtí polaitíochta Éireannach

Is páirtí polaitiúil Éireannach é Pobal seachas Brabús (PsB) nó an Comhaontas Pobal seachas Brabús uaireanta.[1][2] Tá sé comhdhéanta de bhaill de chuid na heite clé i bPoblacht na hÉireann agus Tuaisceart na hÉireann, a cuireadh ar bun i nDeireadh Fómhair na bliana 2005.

Bosca Sonraí EagraíochtaPobal seachas Brabús
Sonraí
Ainm gearrPBP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaan sóisialachas
Trotscaíochas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaeite chlé Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodhDeireadh Fómhair 2005
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://www.pbp.ie
Twitter: pb4p Cuir in eagar ar Wikidata

Polasaithe

cuir in eagar

Comhghuaillíocht i bhfad amach ar an eite chlé é an Comhaontas, atá i gcoinne an nua-liobrálachais agus na cogaíochta. I bhforógra an pháirtí a seoladh don Olltoghchán 2024,[3]

  • Deirtear go bhfaighfear réidh ar fad leis an Muirear Sóisialta Uilíoch dóibh siúd atá ag saothrú níos lú ná €100,000 sa mbliain agus go dtabharfaí rátaí cánach nua isteach a dhíreodh ar lucht ardioncaim.
  • Bhí sé mar pholasaí ag PsB an €14 billiún d’airgead cánach atá le fáil ó Apple a úsáid chun Comhlacht Tógála Stáit a bhunú chun tithe sóisialta agus inacmhainne a chur ar fáil.
  • Bhunófaí seirbhís náisiúnta phoiblí chun cúram leanaí saor in aisce a chur ar fáil.
  • An Ghaeilge. Deir PsB go gcuirfear deis freastail ar choláiste samhraidh ar fáil do pháiste scoile ar feadh trí bliana. Deirtear freisin go gcinnteofar go mbeidh deis ag gach páiste oideachas lán-Ghaeilge a fháil, bíodh sin ag leibhéal na réamhscoile, na bunscoile nó na meánscoile.[3]
 
Richard Boyd Barrett, 2022

Conspóidí

cuir in eagar

Tharla aighneas sa Dáil i mí na Bealtaine 2024 le linn na díospóireachta ar rún a bhí curtha os comhair na Dála ag Pobal seachas Brabús maidir le neodracht na hÉireann agus 'na trí ghlas'.[4] Chocáil Seán Fleming, Fianna Fáil, a mhéar le Teachtaí Dála Phobal seachas Brabús agus dúirt trí huaire gur maidríní lathaí ag Vladimir Putin a bhí iontu.[5]

Ar na baill tá Richard Boyd Barrett.

Bhí Bríd Smith an t-aon Ghaeilgeoir ag PsB / Comhghuaillíocht Frith-Dhéine sa Dáil le linn 2020-2024. Níor sheas sí in Olltoghchán 2024.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. tearma.ie. ""An Comhaontas Pobal seachas Brabús"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2024-06-05.
  2. Uaireanta tugtar Pobal roimh Bhrabús nó fiú Daoine roimh Bhrabús ar an bpáirtí. Béarla: People Before ProfitPeople Before Profit Alliance uaireanta. Is é "People Before Profit " atá curtha in iúl ar an suíomh pbp.ie
  3. 3.0 3.1 Pádraic Ó Ciardha (15 Samhain 2024). "Cúrsaí saor in aisce sna coláistí samhraidh agus €26 milliún breise do TG4 á mholadh ag Pobal seachas Brabús" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-15.
  4. De réir 'phrótacail na dtrí ghlas', caithfidh Rialtas na hÉireann, Dáil Éireann agus na Náisiúin Aontaithe, caithfidh siad ar fad a mbeannacht a thabhairt sula gcuirtear Óglaigh na hÉireann ar fiannas thar lear. Ar an 30 Aibreán 2024 dhearbhaigh an Taoiseach Simon Harris sa Dáil go raibh an Rialtas meáite ar phrótacail na dtrí ghlas a athrú.
  5. Nuacht RTÉ (2024-05-29). "'Pobal Roimh Bhrabús ina maidríní lathaí ag Putin' – Aire Stáit" (as ga-IE).