Is tír "neodrach" í Éire. De réir 'phrótacail na dtrí ghlas', caithfidh Rialtas na hÉireann, Dáil Éireann agus na Náisiúin Aontaithe, caithfidh siad ar fad a mbeannacht a thabhairt sula gcuirtear Óglaigh na hÉireann ar fiannas thar lear. Ar an 30 Aibreán 2024 dhearbhaigh an Taoiseach Simon Harris sa Dáil go raibh an Rialtas meáite ar phrótacail na dtrí ghlas a athrú.[2][3]

Cionn Ghleann Gad[1] Scríobhadh "Éire" amach le linn Ré na Práinne ar eagla na heagla

Sna 1930idí, d'fhógair Éamon de Valera go bhfanfadh an tír amach ón gcogadh, agus an tír ag cloí le polasaí dian na neodrachta. Chuir Winston Churchill agus rialtas na Breataine an-bhrú air dul chun cogaidh i gcoinne na nGearmánach. Meastar go raibh de Valera ag iarraidh a thaispeáint don tsaol mhór gur tír neamhspleách í Éire. Ach is féidir a rá nárbh fhíor-neodracht í in aon chor, ach "neodracht i bhfabhar leis na Comhghuallaithe".

Príomhalt: Ré na Práinne

Níl Éire ina ball den Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i láthair na huaire. Toisc go bhfuil Éire ina ballstát den Aontas Eorpach agus mar chuid de chóras polaitíochta an Iarthair, d’fhéadfaí glacadh leis go mbeidh Éire ina targaid i gcónaí, cé go mbeidh an baol sin níos lú ná tíortha eile.

Tharla cibirionsaí coiriúil ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) in 2021.

Mar gheall ar na bagairtí sna 2020idí (mar shampla, maidir le cibirionsaithe, cogaíocht hibrideach agus cosaint cáblaí sonraí ar ghrinneall na farraige timpeall na hÉireann), bíonn Rialtas na hÉireann ag comhoibriú le ECAT. Tá Éire i bpriacal ó ‘ghéarbhagairt ar muir’ ón Rúis agus ag an am céanna, tá Éire ag diúgaireacht ar ECAT maidir le cúrsaí cosanta.[4] Tá Éire mar chuid de thionscadal ina bhfaighinn sí comhairle ó ECAT. Ag an am céanna, tá beartais i bhfeidhm san AE chun comhoibriú idir an AE agus ECAT a neartú i réimsí slándála agus cosanta.[5]

Dúirt an Tánaiste Mícheál Ó Máirtín in 2024 go gcaithfimid glacadh leis go bhfuil cogaíocht hibrideach ag tarlú ar fud fad na hEorpa, agus go bhféadfadh na cáblaí sonraí ar ghrinneall na farraige amach ó chósta na hÉireann a bheith mar thargaidí luachmhara.[6][7]

D’fhógair an Rialtas siar sa bhliain 2021 go raibh siad chun níos mó infheistíochta a chur ar fáil don Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála.  Mar chuid d’iarrachtaí sin ghlac an Lárionad agus Óglaigh na hÉireann páirt i gcleachtaí a d’eagraigh lárionad cibearchosanta NATO sa bhliain 2024. Anuas air seo, tá Éire mar chuid de chomhaontú le NATO chun níos mó tacaíochta a fháil chun cáblaí sonraí a chosaint agus chun cibearchosaintí a neartú.[8]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. logainm.ie. "Glengad Head". Dáta rochtana: 2024.
  2. Nuacht RTÉ (2024-05-29). "'Pobal Roimh Bhrabús ina maidríní lathaí ag Putin' – Aire Stáit" (as ga-IE). 
  3. "Taoiseach insists neutrality ‘not at risk’ with removal of triple lock for UN peacekeeping missions" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-06-05.
  4. Eoin Ó Murchú (12 Feabhra 2024). "Neodracht faoi bhagairt agus cáineadh breise sna meáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-15.
  5. Máirtín Ó Duibhir (13 Márta 2024). "Ceisteanna cosanta agus cumhachta ag éirí níos casta san AE" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-15.
  6. Houses of the Oireachtas (2024-05-09). "Ukraine War – Thursday, 9 May 2024 – Parliamentary Questions (33rd Dáil) – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-10-25.
  7. John Mooney (2024-09-21). "Micheál Martin: We must keep a laser focus on threats to Ireland" (en). www.thetimes.com. Dáta rochtana: 2024-10-25.
  8. Máirtín Ó Duibhir (21 Deireadh Fómhair 2024). "Níl Éire ar bharr an liosta ach glac leis go mbeidh sí ina targaid i ré na cogaíochta hibridí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-26.