Nichola Mallon
Bean ghnó agus iar-pholaiteoir is ea Nichola Mallon. Ardmhéara Bhéal Feirste a bhí inti, idir 2014 go dtí 2015. Bhí sí ina Leas-cheannaire ar Pháirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO) agus Comhalta den Tionól Reachtachdo Bhéal Feirste Thuaidh idir 2017-2022. Thosaigh sí ag obair le Logistics UK i Nollaig 2022.
Saol
cuir in eagarRugadh Nicola Mallon i mBéal Feirste, sa bhliain 1979. Ba phrintéir agus chócaire a tuismitheoirí, agus tógadh in Ard Eoin í, ceantar de chuid Bhéal Feirste Thuaidh.
D'fhreastail sí ar an 'Mercy Primary School', agus ina dhiaidh sin ar Scoil Ghramadaí Naomh Doiminic do Chailíní. (Béarla:St Dominic's Grammar School for Girls).
Bhí a teaghlach páirteach i ngluaiseacht na gceardchumann, agus ghlac sí páirt i slógaí 'Lá Bealtaine' agus í ina cailín. Ar scoil d'éirigh níos mó suim a bheith aici sa pholaitíocht agus mealladh chuig an PSDLO í.
Rinne sí staidéar ar Eacnamaíocht agus Pholaitíocht ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit ar bhain sí an bhunchéim 'Baitsiléir Ealaíon' (Onór.) amach, agus ina dhiaidh sin an ardchéim 'MA sa Choinbhleacht Chomparáideach Eitneach' (Béarla:MA in Comparative Ethnic Conflict) in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Nuair a d'fhág sí Ollscoil na Banríona, chuaigh sí isteach sa státseirbhís sular bhog sí go dtí an 'General Medical Council' (Gaeilge:An Chomhairle Ghinearálta Leighis), agus ansin fuair sí post leis an PSDLO.
Sa bhliain 2010, comhthoghadh í ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, in ionad Alban Maginness, don toghcheantar buirge 'An tSeanpháirc' (Béarla; Oldpark). Sa bhliain 2014, bhuaigh sí an suíochán sa toghchán.
Tá sí pósta le Brendan Scott agus tá triúr leanaí orthu.