Is polaiteoir Éireannach ón Mhullach Bán, Contae Ard Mhacha é Justin McNulty, (a rugadh ar an 15 Samhain 1974). Is ball é de Pháirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO). Is Comhalta den Tionól Reachtach (Tuaisceart Éireann) é d'Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha, ó 2017 ar aghaidh.

Infotaula de personaJustin McNulty

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Samhain 1974
49 bliana d'aois
an Ríocht Aontaithe, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Comhalta den Tionól Reachtach
5 Bealtaine 2022 –

Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann
3 Márta 2017 –


Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)


Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Ard Mhacha Cuir in eagar ar Wikidata

D'imir sé peil lena chlub áitiúil 'Cúchulainn CLG, An Mullach Bán' in Ard Mhacha. agus bhí sé ina bhall d' fhoireann peile sinsir Ard Mhacha ó 1995 go dtí 2005. Bhuaigh sé bonn i gCluiche  Ceannais Peile na hÉireann sa bhliain 2002, ag imirt mar lánchúlaí.[1]

A ghairmréim pholaitiúil cuir in eagar

Chuaigh McNulty san iomaíocht le haghaidh toghcheantair Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha, san olltoghchán 2015. Cé gur bhain iarrthóir Shinn Féin,  Mickey Brady an suíochán, fuair McNulty 12,026 vótaí, nó 24.1% d' iomlán na votaí, sé sin 1500 vóta níos mó ar an mbliain roimhe sin . Toghadh McNulty mar chomhalta den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann ar 3 Márta 2017, le haghaidh an PSDLO.

Tagairtí cuir in eagar