Dáil Éireann
Is í Dáil Éireann teach íochtarach an Oireachtais, an pharlaimint i bPoblacht na hÉireann. Toghtar go díreach í ar a laghad uair amháin gach cúig bliana leis an gcóras ionadaíocht chionmhar agus an t-Aonvóta Inaistrithe. Is í an craobh is treise san Oireachtas í, agus i bhfad níos mó cumhachta aici ná mar atá ag an teach uachtarach, Seanad Éireann. In éineacht leis an tSeanad ritheann sí dlíthe a thagann i bhfeidhm má chuireann an tUachtarán a lámh leo, ach is féidir leis an Dáil neamhthoil an tSeanaid a shárú agus ní mór don Uachtarán glacadh le Bille atá rite ag an Oireachtas ach amháin má fheictear dó gur sárú ar an Bhunreacht atá ann. Is í an Dáil a ainmníonn Taoiseach lena cheapadh ag an Uachtarán. Cruinníonn an Dáil i dTeach Laighean i mBaile Átha Cliath ó 1922.
StairCuir in Eagar
Bunaíodh an Chéad Dáil sa bhliain 1919. Ba Dháil réabhlóideach í, a bunaíodh an lá ar bhris Cogadh na Saoirse amach sa tír. B'é an Dara Dáil a bhí i bhfeidhm nuair a vótáil an Dáil ar son an Chonradh Angla-Éireannach i 1922, agus b'é an Tríú Dáil an chéad Dáil a toghadh faoi chóras an chonartha sin, i 1922 chomh maith. Mar gheall ar a n-easaontú leis an gConradh, staon na frith-chonraitheoirí ón Tríú Dáil agus ón gCeathrú Dáil, ach scar páirtí nua, Fianna Fáil, ó na frithchonraitheoirí eile i Sinn Féin sa bhliain 1926 ionas go mbeidís in ann páirt a ghlacadh sa Dáil faoi chóras an chonartha, agus ghlac an páirtí sin suíocháin i nDáil Éireann sa Chúigiú Dáil agus i ngach Dáil ina diaidh.
Leagadh amach ról bunreachtúil na Dála mar atá faoi láthair don chéad uair i 1937, nuair a cuireadh Poblacht na hÉireann ar bun mar stát, agus bunreacht nua ag baint léi.
Baill den 33ú DáilCuir in Eagar
Toghadh an 33ú Dáil in Olltoghchán na hÉireann, 2020. Is é seo a leanas ná miondealú na bpáirtithe go léir sa Dáil mar atá faoi láthair:
Páirtí | Suíocháin | |
---|---|---|
Sinn Féin | 36 | |
Fianna Fáil | 36 | |
Fine Gael | 34 | |
Comhaontas Glas | 12 | |
Páirtí an Lucht Oibre | 7 | |
Daonlathaigh Shóisialta | 6 | |
Dlúthpháirtíocht - Pobal Roimh Bhrabús | 5 | |
Aontú | 1 | |
Neamhspleáigh | 21 | |
Ceann Comhairle | 1 | |
Iomlán | 160 |