Luíochán Chill Mhichíl

Luíochán Chill Mhichíl
Cogadh na Saoirse (Éire)
Luíochán Chill Mhichíl

Leac cuimhneacháin

Dáta: 28 Samhain, 1920
Áit: Cill Mhichíl, Contae Chorcaí, Éire
Toradh: Bua Éireannach
Céilí comhraic
Arm Phoblacht na hÉireann Constáblacht Ríoga na hÉireann
(Póilíní Cúnta)
Ceannasaithe
Tomás de Barra Francis Crake
Slua
36 18
Taismigh
3 17, 1 gort.

Ba é Luíochán Chill Mhichíl ar 28 Samhain 1920 i gContae Corcaigh an luíochán ba mhó le linn Chogadh na Saoirse. Maraíodh seisear ball déag [1] de Rannán Póilíní Cúnta (an RIC, Auxiliaries nó Dúchrónaigh) gar do Chill Mhichíl, idir Dún Mánmhaí agus Maigh Chromtha.

Cúlra cuir in eagar

Ar an 21 Samhain tharla sléacht Dhomhnach na Fola i mBaile Átha Cliath (21 Samhain), agus seachtain ina dhiaidh sin, luíochán Chill Mhichíl.

An luíochán cuir in eagar

Tom Barry

Óglaigh de chuid Airm Phoblacht na hÉireann, faoi stiúir Tom Barry, a bhí freagach as. Rinne an colún reatha de Bhriogáid Chorcaí Thiar luíochán agus mharaigh siad seachtar Póilíní Cúnta déag den ochtar déag, a bhí faoi cheannas Chigire Ceantair an RIC Francis Crake.[2]

D’áitigh Tom Barry go diongbháilte gur lig na Póilíní Cúnta orthu go raibh siad ag géilleadh ag pointe amháin sa chomhrac, sular thosaigh siad ag troid arís. De thoradh na calaoise sin, d’áitigh Barry, maraíodh beirt dá fhir a tháinig amach as an áit ina raibh siad i bhfolach.[2]

Mar gheall ar an bhfeillbheart sin, shocraigh sé gan príosúnaigh ar bith a ghlacadh. Mhaígh lucht cáinte Barry gur chum sé an scéal faoin ngéilleadh bréagach chun bonn cirt a thabhairt le sléacht réamhbheartaithe.

Cibé rud a tharla sa cheo cogaidh, rinneadh bearta díoltais go luath ina dhiaidh sin.[2]

Iarmhairt cuir in eagar

Ba léir go raibh feachtas míleata na Óglach chun dul i dtreise. Thit buille an díoltais gan mhoill:[3] cuireadh contaetha Chorcaí, Thiobraid Árann, Chiarraí agus Luimnigh faoi dhlí míleata. Ar an 11/12 Nollaig, creachadh agus loscadh lár chathair Chorcaí. Níor léir fonn ar bith a bheith ar cheachtar den dá thaobh céim ar gcúl a thabhairt.[3]

Tar éis na n-eachtraí seo, níorbh fhéidir an chogaíocht a shainmhíniú níos mó go simplí mar bheart de chuid na bpóilíní. Coinbhleacht mhíleata a bhí inti.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. agus cuireadh fear eile chun báis tamaillín níos déanaí
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 UCC.ie (2018). "Atlas of the Irish Revolution (AONAD 7: Leabhar Tionscadail na hIdirbhliana: COGADH NA SAOIRSE)". Dáta rochtana: 2021.
  3. 3.0 3.1 Gearóid Ó Tuathaigh (1920). "SRAITH NUA: Éire 1920 – ‘an cath dá riar’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-28.