Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)

páirtí polaitíochta sa Bhreatain

Páirtí an Lucht Oibre ar cheann de na páirtithe polaitiúla is sine agus is mó sa Ríocht Aontaithe. Glacann an páirtí seasamh eite chlé ar cheisteanna eacnamaíochta, agus seasamh liobrálach ar cheisteanna sóisialta.

Páirtí an Lucht Oibre
Ceannasaíocht Keir Starmer
Bunaithe 1900
Ceanncheathrú 1 Brewer's Green, Londain SW1, An Ríocht Aontaithe
Idé-eolaíocht Eite chlé
Cleamhnas Idirnáisiúntas Sóisialach
Dathanna Dearg
Gréasáin labour.org.uk
Lógó de chuid Pháirtí Lucht Oibre na hAlban. Taispeáintear anseo an leagan áirithe de shiombal an róis a úsáideann an páirtí ar fud na Ríochta Aontaithe.

Ó vótáladh rialtas Lucht Oibre Gordon Brown amach i 2010, tá an páirtí ar fheasúra oifigiúil na Ríochta Aontaithe. In olltoghchán is déanaí na Ríocht Aontaithe, i Mí Nollag 2017, bhuaigh an páirtí 203 shuíomh de na 650 ceann a bhí le fáil i dTeach na dTeachtaí, agus 32.1% de na guthanna. Ó Mhí Aibreáin 2020, is é Keir Starmer atá ina cheannaire ar an bpáirtí. Tá an páirtí chomh maith ar an bpáirtí is mó i rialtas na Breataine Bige, agus is é Mark Drakeford, de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, atá mar Chéad-Aire na Breataine Bige.

Stair an pháirtí ó 2015Cuir in Eagar

Ceannasaíocht CorbynCuir in Eagar

2015-2017Cuir in Eagar

 
Jeremy Corbyn, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre idir 2015 agus 2020

Sa bhliain 2015, toghadh Jeremy Corbyn mar cheannaire ar an bPáirtí, tar éis gur chaill an páirtí olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015, agus gur éirigh a réamhcheannaire, Ed Miliband, as. Ag an am sin, measadh gur iarrthóir an-chleitiúil go coibhneasta chun cheannais an Pháirtí a bhí i gCorbyn – bhí in áireamh a choid beartas ná go gcruthódh Banc Shasana airgead le haghaidh infheistiú i dtithíocht agus in iompar poiblí[1]; go n-athnáisiúnófaí na córais fuinnimh agus iarnróid[2]; agus go ngearrfadh an rialtas cuid den £93 billiún a thugann an rialtas, dar le Kevin Farnsworth, léachtóir ar Ollscoil Eabhrac, i maoluithe cánacha do chomhlachtaí éagsúla[1][3]. Bhuaigh sé an comórtas ceannaire mar gheall ar thacaíocht an-mhór ó bhaill an pháirtí cé nach bhfuair sé a lán tacaíochta óna chuid Fheisirí Westminster. Maireann scoilte poiblí idir eite chlé agus eite dheis an pháirtí go fóill, cé go bhfuil siad seo maolaithe go fiúntach tar éis toradh Olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 don pháirtí, a thug dóibh méadú measartha i líon na suíomhanna Westminster agus méadú mór i líon na vótaí, in ainneoin tairngreachtaí forleathan go gcaillfí an páirtí a lán tacaíochta.

 
Torthaí olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 - gach heicseagán in ionad suímh pharlaiminte amháin. Tá Páirtí an Lucht Oibre i ndearg.

2017-2019Cuir in Eagar

 
Meirge de chuid an pháirtí ag agóid ar son 'People's Vote' (Vóta an Phobail), nó vóta ar fhanacht san Aontas Eorpach tar éis don rialtas margadh Breatimeachta a chinneadh. I rith an phróisis Bhreatimeachta, bhí díospóireacht laistigh den pháirtí faoin seasamh ar cheart dóibh a ghlacadh ar an mBreatimeacht.

Amach as Olltoghchán 2017, lean an páirtí polasaithe eacnamaíochta níos mó chun na heite clé ná cinn an rialtais (atá faoi stiúir an Pháirtí Choimeádaigh) a chur chun cinn. Ag Ard-Fheis an pháirtí sa bhliain 2018, bheartaigh an scáth-seansailéir, John McDonnell, go mbeadh ar chomhlachtaí móra 10% a gcuid scar a thabhairt dá gcoideanna fostaithe; go gcuirfí pá íosta na Ríochta Aontaithe suas go £10 le haghaidh na huaire; go mbeadh margáil chomhchoiteann idir na haontais fhostaithe agus na fostaitheoirí i ngach earnáil eacnamaíochta; agus go n-atabhairfí an córas uisce (chomh maith leis na córais iarnróid, fuinnimh agus poist) faoi sheilbh poiblí, chomh maith le cuid mhór polasaithe eile.[4][5]

I bhfeachtas Olltoghchán 2019, b'é príomhmhana an pháirtí ná "It's Time for Real Change", agus iad ag maíomh gurb é Páirtí an Lucht Oibre an páirtí is fearr chun seirbhísí poiblí a fheabhsú agus chun geilleagar a chruthú a d'oibreodh ar son gach duine.[6]

I ndeireadh an scéil, theip ar an pháirtí tromlach a shéanadh don Pháirtí Caomhach i dTeach na dTeachtaí, gan Páirtí an Lucht Oibre ag fáil níos mó ná 203 shuíomh as 650 suíomh a bhí le fáil san iomlán, agus iad ar 32.1% den vóta. De réir méid na suíochán, b'é sin an toradh ba mheasa a bhí ag an bpáirtí ó na 1930idí.

Aighneas faoin bhfrith-ghiúdachasCuir in Eagar

Ón bhliain 2016, tá aighneas sa pháirtí faoi imnithe go bhfuiltear ag cur suas le frith-Ghiúdachas laistigh den pháirtí. I mí Aibreáin 2016, i ndiaidh airde sna meáin ar dhá ráiteas conspóideach ó bhaill iomráiteacha den pháirtí – Naz Shah, feisire i dTeach na dTeachtaí, agus Ken Livingstone, iar-mhéara de Londain, faoi seach – coimisiúnaíodh tuairisc ar fhrith-Ghiúdachas laistigh den pháirtí ó dhlíodóir agus ball den pháirtí Sami Chakrabarti.[7] Níor chuir an tuairisc seo deireadh leis an aighneas, áfach; tá daoine éagsúla laistigh agus lasmuigh den pháirtí araon ag déanamh líomhan nach bhfuil ceannasaíocht an pháirtí ag déanamh a dhóthain le dul i ngleic leis an bhfrith-Ghiúdachas laistigh den pháirtí. Tháinig na líomhaine seo chun cinn go háirithe i mí Mhárta 2018, nuair a fuair sean-trácht a rinne Jeremy Corbyn faoi mhórphictiúr aird sna meáin[8], agus i mí Feabhra 2019, nuair a d'imigh an feisire parlaiminte Luciana Berger, ar Giúdach í, den pháirtí, agus í ag lua drochíde frith-Ghiúdaí agus an chreidiúint a bhí aici go raibh an páirtí anois "ina páirtí go forleitheadach frith-Ghiúdach", mar chúiseanna aici le himeacht.[9]

I rialtas na Breataine BigeCuir in Eagar

Tá Páirtí an Lucht Oibre ar an bpáirtí is mó i Rialtas na Breataine Bige, feidhmeannacht díláraithe laistigh den Ríocht Aontaithe. Is é Mark Drakeford ceannaire an pháirtí sa Bhreatain Bheag, agus mar sin Céad-Aire na Breataine Bige. Ón toghchán is déanaí 2016, tá an páirtí i gcomhrialtas leis an bPáirtí Daonlathach Liobrálach. I measc na ndlithe nua atá curtha isteach ag an rialtas ó 2016, tá cosc ar phollaidh dlúthphearsanta do dhaoine faoi bhun 18 mbliana[10]; cosc ar chaitheamh tobac taobh amuigh de scoileanna agus ospidéil[11]; leathnú ceartaí vótála, vótaí do dhaoine 16 bliana sna toghcháin áitiúla ina measc sin[12]; agus rialacha chun tacú le saoirse agus inscne-neodracht na gculath scoile[13].

PobalbhreitheannaCuir in Eagar

Ó tharla Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, is idir 28% agus 33% d'fhreagarthóirí i bpobalbhreitheanna sa Bhreatain Mhór a deir gurb ar son Pháirtí an Lucht Oibre a vótálfaidís dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[14][15]

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 LabourList (22 Mhí Iúil 2015). """You just cannot cut your way to prosperity" – Jeremy Corbyn outlines plans to make "large reductions" in £93bn of corporate subsidies" (Béarla). LabourList. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  2. Jane Merrick (9 Mhí Lúnasa 2015). "Jeremy Corbyn to 'bring back Clause IV': Contender pledges to bury New Labour with commitment to public ownership of industry" (Béarla). The Independent. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  3. [Chakrabortty] (7 Mhí Iúil 2015). "The £93bn handshake: businesses pocket huge subsidies and tax breaks" (Béarla). The Guardian. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  4. "John McDonnell offers an ambitious alternative economic policy" (en). The Economist. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  5. "Labour: We'll make firms give staff shares" (en-GB). BBC News (2018-09-24). Dáta rochtana: 2018-10-20.
  6. "The Labour Party". The Labour Party. Dáta rochtana: 2019-11-20.
  7. Zack Beauchamp (2018-03-29). "The UK Labour Party’s anti-Semitism crisis, explained". Vox. Dáta rochtana: 2019-03-12.
  8. Serina S, hu (2018-03-26). "Jeremy Corbyn’s anti-Semitism row: the key facts you need to know" (en-GB). inews.co.uk. Dáta rochtana: 2019-03-12.
  9. "7 MPs Quit The Labour Party To Form 'The Independent Group'" (en). HuffPost UK (2019-02-18). Dáta rochtana: 2019-03-12.
  10. Steven Morris (2018-02-02). "'It’s stupid': young people on Wales' intimate piercing ban" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  11. Steven Morris (2018-05-24). "Wales to ban smoking outside hospitals and schools in UK first" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  12. Steven Morris (2018-01-28). "Over-16s to get voting rights in some Welsh elections" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  13. Richard Adams Education editor (2019-07-10). "Welsh schools to offer cheaper uniforms with gender-neutral options" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  14. "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  15. "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Dáta rochtana: 2018-10-20.