Is foirgneamh suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Teach an Chustaim. Cuireadh i gcrích in 1791 é. Saothar máistreachta sa stíl nuachlasaiceach Eorpach atá ann agus caitheadh deich mbliana á thógáil.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Teach an Chustaim
Íomhá
Sonraí
CineálCustom house (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AiltireJames Gandon Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht1791 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Stíl ailtireachtaPallaidiachas
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 20′ 55″ N, 6° 15′ 11″ O / 53.348544°N,6.253147°W / 53.348544; -6.253147
Gníomhaíocht
ÚinéirRialtais na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáin oifigiúilgov.ie…
1811

Thomas Burgh

cuir in eagar

Dhear agus thóg an t-ailtire Thomas Burgh an chéad Teach an Chustaim sa bhliain 1707 taobh le Droichead Essex.[1]

Faoi na 1770idí, cinneadh nach raibh suíomh Theach an Chustaim oiriúnach dá chuspóir. Chinn Coimisiún na Sráideanna Leathana agus an Coimisiún Ioncaim Teach Custaim nua a fhorbairt níos faide síos san abhainn. Tharraing na pleananna raic i measc na ndíoltóirí áitiúla mar bhí siad buartha go mbeadh drochthionchar acu ar luachanna a ngnólachtaí agus a réadmhaoine. Tá paimfléad gan ainm ó 1781 ag Leabharlann an Oireachtais inar áitíodh go gcuirfeadh an suíomh nua beart níos doimhne ar fáil le haghaidh líon níos mó long.[1]

James Gandon

cuir in eagar

Thug an tArdchoimisinéir Ioncaim, John Beresford,[2] cuireadh don ailtire James Gandon le teacht ó Londain chun Teach nua an Chustaim a dhearadh. Tógadh é sa stíl nuachlasaiceach a raibh an-tóir uirthi ag an am agus osclaíodh an foirgneamh álainn ar an 7 Samhain 1791. (Dhear Gandon Droichead Carlisle, nó Droichead Uí Chonaill sa lá atá inniu ann; osclaíodh é i 1794 agus tá roinnt cosúlachtaí le feiceáil idir an droichead agus Teach an Chustaim ó thaobh na hailtireachta de).

Chosain sé 200,000 steirling, a bhí ina shuim mhór airgid an tráth sin.[3]

Ba é an t-éacht ab fhearr a bhain James Gandon amach.[4] Bhí Gandon roghnaithe ag John Beresford, an Príomh-Choimisinéir Ioncaim.

Rinneadh Edward Smyth, dealbhóir cáiliúil na hÉireann, na dealbha atá lonnaithe i gcodanna éagsúla den fhoirgneamh.

19ú haois

cuir in eagar

Bogadh calafort Bhaile Átha Cliath níos faide síos an abhainn san 19ú haois agus bhí an suíomh do Theach an Chustaim mí-oiriúnach arís. Seachas a bheith ina Theach Custaim, lonnaíodh roinnt gníomhaireachtaí rialtais eile ann, lena n-áirítear Bord an Rialtais Áitiúil.[2]

Bhí an foirgneamh ina cheanncheathrú ag na Coimisinéirí Custaim agus Máil go heisiach ar dtús; ach bhí príomhról Theach an Chustaim i ndáil leis an rialtas áitiúil faoi thús an fhichiú céad áfach.

20ú haois

cuir in eagar

Ar an 25 Bealtaine 1921 rinne fórsa mór d’óglaigh an IRA ruathar ar an bhfoirgneamh le linn Chogadh na Saoirse. Agus é ina shiombail de rialtas na Breataine, mheas an tIRA gur targaid a bhí ann i gcaitheamh Chogadh na Saoirse. Dódh an foirgneamh go talamh

Mhair an tine cúig lá agus a scrios an taobh istigh den fhoirgneamh agus taifid rialtais a chuaigh siar cúpla céad bliain. Mhair creatlach an fhoirgnimh agus rinne Oifig na nOibreacha Poiblí é a athbhunú déanach sna 1920idí. Cuireadh tús leis an dara clár athchóiriúcháin sna 1980idí agus cuireadh i gcrích é in am le dhá chéad bliain ó bunaíodh Teach an Chustaim a cheiliúradh in 1991.

Tá oifigí na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta lonnaithe san fhoirgneamh seo sa lá atá inniu ann.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Tithe an Oireachtais (2023-06-23). "Sa chás taispeántais" (ga-IE). www.oireachtas.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-04. Dáta rochtana: 2024-05-25.
  2. 2.0 2.1 2.2 agus ag conlán beag den dream ceannasach Éireannach a bhí i mbun an phróisis an tráth sin le sráideanna agus foirgnimh phoiblí Bhaile Átha Cliath a leathnú
  3. Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim / An tseoid ailtireachta is cáiliúla in Éirinn (2024). "Custom House Visitor Centre | Heritage Ireland" (ga-IE). Custom House Visitor Centre | Heritage Ireland. Dáta rochtana: 2024-05-25.
  4. housing.gov.ie