Stíl ailtireachta sa 17ú-18ú céad, díorthaithe ó fhoirgnimh Athbheochana is scríbhinní Andrea Palladio. Pleanáil shiméadrach is úsáid foirmeacha Rómhánacha a bhí mar chroí na stíle. Tháinig sé le bheith an-choitianta i Sasana tar éis d'Inigo Jones í a úsáid don Fhleiteach i Londain (1619-1622), agus don Tiarna Burlington í a chur chun cinn ina scríbhinní. Ag an am céanna baineadh úsáid as an stíl go forleathan san Iodáil, an Ghearmáin, an Ollainn, an Rúis, is na Stáit Aontaithe.[1]

Léaráid ó I quattro libri dell'architettura (Ceithre leabhar na hailtireachta) le Andrea Palladio

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Pallaidiachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 505.