Andrea Palladio

ailtire Iodálach (1508-1580)

Ailtire a rugadh i bPadua na hIodáile ab ea Andrea PalladioAndrea di Pietro della Gondola (30 Samhain 150819 Lúnasa 1580), an t-ailtire is ceannasaí i stair an iarthair. Oileadh ar dtús é mar shaor cloiche. Chaith sé roinnt blianta sa Róimh ag déanamh staidéir is ag líniú na seanfhothrach. Rinne sé a chéad tionscnamh ailtireachta i Vicenza nuair a d'atóg an seanhalla tionóil is margaidh ansin ina fhoirgneamh taibhseach poiblí a dtugtar an Bhaisleac air. Thóg sé tithe móra is paláis baile d'uaisle na cathrach sin, ina measc an Villa Rotonda, an Villa Foscari, an Villa Emo, is an Villa Poiana. Bhain sé úsáid as colúnáidí le colúin chlasaiceacha, áiléir oscailte, cruinneacháin, áirsí, peidiméidí is na hairíonna go léir a chonaic sé i bhfothraigh na Róimhe, ach cumtha go siméadrach maorga álainn. D'fhoilsigh sé I quattro libri dell'architettura (Ceithre Leabhar na hAiltireachta, 1570) le cur síos go cuimsitheach ar a stíl Phallaidiach, monagraf bunaidh na hailtireachta nua-aoisí. Tinfeadh d'ailtirí ó shin i leith.

Andrea Palladio
Andrea Palladio2.jpeg
Saol
Ainm iomlánAndrea di Pietro della Gondola
Eolas breithePadua, Samhain 1508
NáisiúntachtPoblacht na Veinéis
BásVicenza, thart ar 19 Lúnasa 1580, 1579, 1580
Muintir
Céile/CéilíAllegradonna (en) Aistrigh
Oideachas
TeangachaAn Iodáilis
An Veinéisis
MúinteoiríBartolomeo Cavazza (en) Aistrigh
Gian Giorgio Trissino (en) Aistrigh
Mic léinnVincenzo Scamozzi
Gairm
Gairmailtire agus art theorist (en) Aistrigh
Áit oibreVeneto, Vicenza, An Veinéis agus Udine
Saothar iomráiteachBasilica Palladiana (en) Aistrigh
Gallerie dell'Accademia (en) Aistrigh
Villa Saraceno (en) Aistrigh
Villa Almerico Capra (La Rotonda) (en) Aistrigh
Gioiello di Vicenza (en) Aistrigh
Church of San Giorgio Maggiore (en) Aistrigh
Teatro Olimpico (en) Aistrigh
BallraíochtAccademia delle Arti del Disegno (en) Aistrigh
Dhear Andrea Palladio an Palazzo Chiericati.