James Gandon

ailtire Briotanach (1742-1823)

Ba ailtire iomráiteach é James Gandon (29 Feabhra, 1742 - 24 Nollaig 1823), freagrach as oibreacha i mBaile Átha Cliath amhail na Ceithre Chúirteanna, Teach an Chustaim, Óstaí an Rí, an Otharlann Mhíleata Ríoga, Teach na Parlaiminte (Banc na hÉireann inniu), Droichead Uí Chonaill, srl.[1][2]

James Gandon
James Gandon portrait.jpg
Saol
Eolas breithe Londain, 20 Feabhra 1742
Náisiúntacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Bás Leamhcán, 24 Nollaig 1823
Áit adhlactha Drumcondra Church churchyard (en) Aistrigh
Oideachas
Teangacha An Béarla
Múinteoirí William Chambers
Mic léinn Thomas Malton (en) Aistrigh
Gairm
Gairm ailtire agus watercolorist (en) Aistrigh
Áit oibre Éire

SaolCuir in Eagar

ÓigeCuir in Eagar

 
"James Gandon agus a Chlann", le Paul Sandby

Rugadh Gandon i Londain agus ba de bhunadh na nÚgónach é. Agus é 14 bliana d’aois, cuireadh chun Shipley’s Drawing Academy é, áit a ndearna sé staidéar ar an léann clasaiceach, an mhatamaitic, na healaíona agus an ailtireacht go háirithe. Bhuail sé le go leor dá chuid cairde sa dá bhliain a chaith sé in Shipley’s.[1]

 
Teach na Parlaiminte, BÁC, 1787

Ag deireadh na mblianta sin, bhí sé ina phrintíseach ag William Chambers. Ag an am sin, bhí Chambers ag cumadh a shaothair iontaigh, a 'Thráchtas ar an Ailtireacht Shibhialta'. Tá líníochtaí Gandon le fáil ann. Rinne Gandon obair ann ar an gCasaíne in Marino chomh maith.

GairmCuir in Eagar

 
líníocht a rine Gandon sa Róimh, na 'Baths of Diocletian'
 
Teach an Chustaim, 1781

Sa bhliain 1765, chuir Gandon deireadh lena chaidreamh le William Chambers agus thosaigh sé ag obair ar eastát Sir Samuel Hillier cóngarach do Wolverhampton. D’fhás cleachtach Gandon go mall. Cuireadh tús leis an gcéad phríomhshaothar a bhí aige ar Shire Hall in Nottingham in 1769, a bheadh á úsáid ag an Ard-Ghiúire. Ag an am céanna, chuir sé dearadh isteach ar an gcomórtas do Mhalartán Ríoga nua i mBaile Átha Cliath. Roghnaíodh an dearadh a chuir Thomas Cooley isteach, agus tháinig dearadh Gandon sa dara háit.

Phós sé Eleanor Smullen, Covent Garden, ar an 26 Iúil 1770. Cheannaigh siad teach i Londain agus bhí seisear leanaí acu. Níl mórán ar eolas againn faoina shaothar ailtireachta idir 1771 agus 1777.

Thug Banphrionsa de chuid na Rúise cuireadh dó in 1780 chun tógáil i gCathair Pheadair. Bhí post oifigiúil a raibh céim mhíleata aige mar chuid den tairiscint seo.[1]

 
Ostaí an Rí

ÉireCuir in Eagar

Sa bhliain 1781, ghlac Gandon le tairiscint ón Ró-Onórach John Beresford, Príomhchoimisinéir Ioncam na hÉireann, chun Teach Custaim[5] nua a dhearadh i mBaile Átha Cliath. Tháinig Gandon go Baile Átha Cliath ar an 26 Aibreán 1781. Ach níor cuireadh tús leis an obair ar feadh cúpla mí mar go raibh ceannaithe go mór i gcoinne an Teach Custaim a bhí ag Droichead Shráid Chéipil a athlonnú. Leagadh an chéad chloch ar an 8 Lúnasa 1781 agus cuireadh an obair i gcrích in 1791.[1]

Agus Teach an Chustaim á thógáil, chuaigh Gandon go Londain chun cuairt a thabhairt ar a bhean chéile agus a theaghlach. Bhí sé i gceist aige a theach a dhíol agus teacht ar ais go Baile Átha Claith lena theaghlach. Bhí a bhean chéile tinn, áfach, agus fuair sí bás tar éis dó teacht, ... b'fhéidir. Tháinig sé ar ais go Baile Átha Cliath i Márta 1782 leis an triúr leanaí ab óige (Mary Anne a bhí deich mbliana d’aois, James a bhí ocht mbliana d’aois agus Elizabeth a bhí sé bliana d’aois).

Sa bhliain 1784, thug Gandon faoi theach cúirte nua a thógáil i bPort Láirge.  Le linn na 1780idí, ceapadh Gandon ina chomhairleoir ar Choimisiún na Sráideanna Leathana i mBaile Átha Cliath agus dhear sé roinnt foirgneamh, lena n-áirítear Droichead Carlisle agus feabhsúcháin ar ospidéal luí seoil agus gairdíní Rotunda.  Idir an dá linn, coimisiúnaíodh é chun síntí a chur le Teach na Parlaiminte, Sráid Westmoreland. Cuireadh tús leis an obair i mBealtaine 1785 agus cuireadh i gcrích faoi 29 Aibreán 1789 í. Chosain an obair sin thart ar fhiche míle punt.

Tar éis bhás Thomas Cooley sa bhliain 1784, ceapadh James Gandon chun an obair ar na Ceithre Cúirteanna nua a chríochnú. Leagadh an bhunchloch ar an 3 Márta 1786. Leagadh na bunchlocha don sciathán thoir de na hoifigí a bhí fágtha in 1798. Cuireadh an obair i gcrích sa bhliain 1802.

Ba é Óstaí an Rí an foirgneamh deiridh i mBaile Átha Cliath a raibh baint aige leis. Agus Sráid Henrietta taobh thiar de agus Cnoc an Bhunreachta os a chomhair, tógadh idir 1795 agus 1827 é. Rinne binseoirí Chumann Onórach Óstaí an Rí athchóiriú mór air le déanaí. Faightear sa seomra bia an t-aon taobh istigh de chuid Gandon (seachas roinnt seomraí sa phóirseáid thoir i bhfoirgneamh Bhanc na hÉireann) atá fós slán i príomhfhoirgneamh poiblí. Dódh nó buamáladh na foirgnimh ar fad eile le linn na gcogaí go luath sa 20ú haois nó rinneadh athruithe ollmhóra orthu ó shin.[1]

 
Uaigh Gandon uaigh agus a sheancharad, Francis Grose, i Reilig Dhroim Chonrach

BásCuir in Eagar

Tar éis dó saol fada, rathúil a chaitheamh, cuireadh in uaigh a sheancharad, Francis Grose, i Reilig Dhroim Conrach é, ar a iarratas féin. Seo a leanas atá ar an inscríbhinn: "Such was the respect in which Gandon was held by his neighbours and friends from around his home in Lucan that they refused carriages and walked the 16 miles to and from Drumcondra on the day of his funeral."[1]

Ach tharraing Gandon conspóid lena bheo agus lena mharbh

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 "James Gandon | The Courts Service of Ireland". www.courts.ie. Dáta rochtana: 2021-12-24.
  2. "Gandon, James | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2021-12-24.
  3. "Cúirt Ioma | Oidhreacht Éireann". heritageireland.ie. Dáta rochtana: 2021-12-24.
  4. emmet. "Designed by James Gandon but taking 200 years to complete!" (en-US). Curious Ireland. Dáta rochtana: 2021-12-24.
  5. Aidan Smith (2017-03-21). "Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim - Sonraí faoin taispeántas" (ga). Department of Housing, Local Government and Heritage. Dáta rochtana: 2021-12-24.