Feimineachas
Is creideamh i gcomhionannas na mban agus na bhfear agus i saoradh na mban é feimineachas. Cuimsíonn feimineacha Simone de Beauvoir, Mary Wollstonecraft, Alice Walker, srl.
gluaiseacht cearta vótála na mban (1912) | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | gluaiseacht leasaithe gluaiseacht pholaitiúil idé-eolaíocht methodics (en) gluaiseacht shóisialta téama ealaíne ábhar critical sociology (en) | ||||
Codanna | |||||
Cineálacha feimineachais
cuir in eagarFeimineachas Liobrálach
cuir in eagarSíleann feiminigh liobrálacha go bhfuil mná faoi chois mar thoradh dlíthe. Tugann feiminigh liobrálacha tacaíocht don athrú dlíthe dá bharr. Teastaíonn níos mó ionadaíocht ó fheiminigh liobrálacha. Tosaíodh an feimineachas liobrálach sa 18ú céad leis an bhforbairt liobrálachais. Ba fheiminigh luatha iad Mary Wollstonecraft agus Olympe de Gouges. Sa 19ú céad, rinne feiminigh liobrálacha iarracht ceart vótála a bhaint. Bhain mná an ceart vótála i dTuaisceart Éireann i 1918, agus bhain mná an ceart vótála sa Shaorstát Éireann i 1922.
Tosaíodh Dara Tonn an Fheimineachais sna 1960idí. I Meiriceá, tosaíodh dara tonn le fheiminigh ar nós Betty Friedan agus Gloria Steinem. Bhínn feiminigh liobrálacha i bhfeachtas le haghaidh ginmhillte, frithghiniúna, srl.
Thug go leor daoine cáiliúla tacaíocht do fheimineachas liobrálach le roinnt blianta anuas, ar nós Beyoncé, Madonna, agus Taylor Swift.
Feimineachas Radacach
cuir in eagarAontaíonn feiminigh radacacha leis na feiminigh liobrálacha gurb chóir dúinn dlíthe a athrú le haghaidh ban. Síleann feiminigh radacacha gurb chóir dúinn sochaí a athrú chomh maith áfach. Síleann feiminigh radacacha go dtógadh an sochaí le haghaidh fhuath ban. Mar shampla, síleann roinnt feiminí radacach go bhfuil claonadh in aghaidh mná ag córais nó rialtais céimlathacha.