Osclóidh seo an príomhroghchlár
Mary Wollstonecraft.

Ba scríbhneoir as Londain, Sasana í Mary Wollstonecraft (27 Aibreán 1759 - 10 Meán Fómhair 1797) ag deireadh an 18ú haois. Feimineach neamhleithscéalach ab ea í. Tá clú an fheiminigh uirthi inniu ach bhí a cáil amuigh mar bhean de chineál eile ar fad ag an am.

ÉireCuir in Eagar

Ar feadh 1786-1787, bhí Wollstonecraft ina cónaí i mBaile Átha Cliath (15 Cearnóg Mhuirfean) ar feadh tamaill[1] agus chaith sí seal ag obair i gCaisleán Bhaile Mhistéala. D'éirigh sí ina réabhlóidí ag an am sin. is cosúil.[2] Chinn sí bheith ina údar agus bhog sí go dtí Londain, agus ansin Páras.

FeimineachasCuir in Eagar

Bhí Wollstonecraft an-tógtha leis an bhfeimineachas roimh ré. Scríobh sí an leabhar clúiteach faoi chearta na mban, A Vindication of the Rights of Woman, i 1792. B'ait le daoine feimineach ag an am, fiú sa Fhrainc.

RéabhlóidCuir in Eagar

Scríobh Wollstonecraft an leabhar, An Historical and Moral View of the French Revolution, i bPáras.

Bás agus oidhreachtCuir in Eagar

Níor chaith Wollstonecraft ach 9 mbliana ag scríobh.

Agus í ag tabhairt linbh ar an saol, fuair Wollstonecraft bás coicís níos déanaí. Saolaíodh iníon di, Mary Wollstonecraft Shelley, údar Frankenstein.

Is de shuimiúlacht gurbh í Mary Wollstonecraft is géire a shonraigh an ceangal idir sclábhaíocht na mban agus sclábhaíocht na tíre faoi rí uilechumhachtach, ach gurb iad na mná is túisce a íslíonn agus a tháiríonn iad féin i láthair na mórgachta ríoga, a scríobh Alan Titley[3].

Meatacht intleachtúil a thug a fear céile William Godwin ar an lúitéis náireach seo, nuair a d'fhoilsigh sé beathaisnéis faoi Wollstonecraft, Memoirs of the Author of A Vindication of the Rights of Woman (1798).

 
Péintéir: John Williamson (18ú haois)

TagairtíCuir in Eagar

  1. Eamon Ryan, http://oireachtasdebates.oireachtas.ie/Debates%20Authoring/WebAttachments.nsf/($vLookupByConstructedKey)/dail~20170215/$File/Daily%20Book%20Unrevised.pdf?openelement
  2. WOLLSTONECRAFT’S EXPERIENCES IN IRELAND HELPED INFORM HER RADICAL CLASS AND GENDER ANALYSES http://www.historyireland.com/volume-24/from-the-education-of-daughters-to-the-rights-of-woman-mary-wollstonecraft-in-ireland-1786-7/
  3. Irish Times, 13 Lúnasa 2003, https://www.irishtimes.com/culture/2.663/sasanaigh-mhaithe-1.369496