Cuan Bhaile Átha Cliath Theas (Dáilcheantar)
Is Dáilcheantar 4 suíochán é Cuan Bhaile Átha Cliath Theas. Is ceantar láidir Fine Gael é seo. Ní ceantar é seo ina bhfuil Fianna Fáil láidir.
Cuan Bhaile Átha Cliath Theas | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Iaraonán críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 2016 | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Toghcháin
cuir in eagarOlltoghchán 2016
San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Eoghan Murphy (Fine Gael), Kate O'Connell (Fine Gael), Éamon Ryan (Comhaontas Glas), agus Jim O'Callaghan (Fianna Fáil). Theip ar Lucinda Creighton.
Olltoghchán 2020
San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Eoghan Murphy (Fine Gael), Chris Andrews (SF) Éamon Ryan (Comhaontas Glas), agus Jim O'Callaghan (Fianna Fáil). Theip ar Kate O'Connell (Fine Gael).
Fuair iarrthóirí Fine Gael 28% den vóta in 2020 ach chaill an páirtí an suíochán a bhí ag Kate O’Connell; fuair sí 4,624 agus chaill sí amach ar shuíochán le thart ar 900 vóta.
Toghadh Ivana Bacik (LO), ceannaire an Lucht Oibre , sa bhfothoghchán chun suíochán Eoghan Murphy (FG) a líonadh, sa bhliain 2021. Thóg sí an suíochán a bhí ag Fine Gael.[1]
Olltoghchán 2024
San Olltoghchán 2024, bhí ochtar déag iarrthóirí ar thóir ceithre shuíochán, ina measc tá Ceannaire an Lucht Oibre, Ivana Bacik (LO), Chris Andrews (SF) agus Jim O’Callaghan (FF), triúr a bhí ina dTeachtaí Dála sa 33ú Dáil. Ní raibh Eamon Ryan (CG agus an tAire Fuinnimh ag an am) ag seasamh.
Sheas Kate O’Connell. mar iarrthóir neamhspleách, mar nár roghnaíodh í le seasamh d’Fhine Gael. Bhí feachtas láidir ar bun aici agus fuair sí neart poiblíochta ó na meáin náisiúnta. Bhí próifíl ard ag Ivana Bacik (LO) sa toghchán seo chomh maith.[1]
Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 James Geoghegan (FG), Eoin Hayes (SD), Jim O’Callaghan (FF) agus Ivana Bacik (LO).
I mí Nollag 2024, bhí Eoin Hayes curtha ar fionraí ó pháirtí parlaiminte na nDaonlathaithe Sóisialta. Dhíol sé scaireanna Palantir, a fuair sé mar chuid dá fhostaíocht leis an gcomhlacht, i mí Iúil 2024, mí tar éis é bheith tofa chuig Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (27 Samhain 2024). "Cathanna suimiúla romhainn i gcathair Bhaile Átha Cliath agus polaiteoirí mór le rá i gcontúirt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-27.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-12-10). "TD nuathofa Eoin Hayes ar fionraí ag na Daonlathaithe Sóisialta" (as ga-iE).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |