Éamon Ryan

polaiteoir Éireannach

Is polaiteoir é Éamon Ó Riain[1] (i mBéarla: Éamon Ryan; 28 Iúil 1963 a rugadh é), atá ina cheannaire ar an bpáirtí glas is mó in Éirinn, mar atá, an Comhaontas Glas.

Éamon Ryan
Eamon Ryan Green Party.jpg
Teachta Dála

Meitheamh 6, 2002 - Aibreán 26, 2007
Dúiche: Baile Átha Cliath Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2002
Teachta Dála

Meitheamh 14, 2007 - Feabhra 1, 2011
Dúiche: Baile Átha Cliath Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2007
an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Meitheamh 14, 2007 - Eanáir 23, 2011
Noel Dempsey (en) Aistrigh - Pat Carey
Leader of the Green Party of Ireland (en) Aistrigh

Bealtaine 27, 2011 -
John Gormley
Teachta Dála

Márta 10, 2016 - Eanáir 14, 2020
Dúiche: Cuan Bhaile Átha Cliath Theas
Toghchán: Olltoghchán 2016 in Éirinn
Teachta Dála

Feabhra 8, 2020 -
Dúiche: Cuan Bhaile Átha Cliath Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2020
an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Meitheamh 27, 2020 -
Richard Bruton
An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

Meitheamh 27, 2020 -
Shane Ross
Saol
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 28 Iúil 1963 (59 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Oideachas
Alma materAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Gairm
Gairmduine den lucht gnó agus polaiteoir
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaComhaontas Glas
eamonryan.ie
TwitterEamonRyan

Ba Theachta Dála é ar son Bhaile Átha Cliath Theas idir 2002 agus 2011, agus ba é an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha é idir 2007 agus 2011. Tá sé ina Theachta Dála, ar son Chuan Bhaile Átha Cliath Theas, ó Olltoghchán 2016, agus ina aire rialtais ó 2020.

Sonraí PearsantaCuir in Eagar

Rugadh Éamon Ó Riain i mBaile Átha Cliath agus tógadh é i nDún Droma agus i mBaile an Mhuilinn. Oileadh é i gColáiste Gonzaga i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ar dtús agus d'fhreastail sé ar an ollscoil i UCD, áit ar bhain sé céim amach sa tráchtáil.[2] Mhaígh sé féin gur fhás a shuim i gcúrsaí glasa tar éis dó cúrsa éiceolaíochta a dhéanamh don Mheánteist.[3]

Comhthogadh é ar dtús ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, nuair a d'éirigh Seán Ó Gormlaigh as a shuíochán siúd, tar éis dó a bheith tofa chun na Dála. Atoghadh Ó Riain sna toghcháin áitiúla i 1999 agus d'éirigh leis suíochán Dála a bhuachaint sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 2002, nuair a mhéadaigh líon na nGlasach sa Dáil faoi thrí.

Bhí sé i mbun dhá ghnó rothaíochta sular toghadh é chun na Dála, mar atá, Irish Cycling Safaris agus Belfield Bike Shop. Tá sé pósta leis an scríbhneoir Victoria White agus tá ceathrar páistí óga acu. Tá cónaí orthu i gCluain Sceach.


Ina cheannaire ar an gComhaontas GlasCuir in Eagar

Cé gur chaill sé a shuíochán Dála i 2011, chuaigh Eamon Ryan san iomaíocht do cheannaireacht an Chomhaontais Ghlais in éineacht le beirt eile, mar atá, an Cllr. Malcolm Noonan agus Phil Kearney, tar éis do John Gormley éirí as an bpost. Fógraíodh go raibh an bua ag an Rianach ar 27 Bealtaine 2011 tar éis do bhaill an pháirtí vótáil sa toghchán tríd an bpost.

Deir sé go bhfuil sé dírithe mar cheannaire ar atógáil an pháirtí agus ar theagmháil nua a dhéanamh le muintir na hÉireann amach anseo.[4]

TagairtíCuir in Eagar

  1. Members of the Government (Cabinet Ministers) and Ministers of State - 30th Dáil as at the 24 January 2011. Curtha i gcartlann 2011-01-07 ar an Wayback Machine Suíomh oifigiúil Oireachtas Éireann.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-12-27. Dáta rochtana: 2008-01-20.
  3. A Journey to Change: 25 Years of the Green Party in Irish Politics, le Dan Boyle (2006) lth. 83 ISBN 1-84588-559-7
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-05-28. Dáta rochtana: 2011-05-28.

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar