Coláiste Gonzaga
Scoil Chaitliceach phríobháideach do bhuachaillí a bunaíodh sa bhliain 1950 faoi stiúir Chumann Íosa is ea Coláiste Gonzaga C.Í. (Gonzaga College S.J.). Ainmníodh an scoil as San Aloysius Gonzaga, Íosanách. I Raghnallach i mBaile Átha Cliath atá an scoil suite. Bíonn a lán spóirt á n-imirt sa scoil; rugbaí, cruicéad agus badmantan ina measc. Tá clú ar an scoil maidir le ficheall agus i ngeall ar na torthaí maithe a ghnóthaíonn daltaí na scoile san Ardteistiméireacht.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | meánscoil |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | http://www.gonzaga.ie |
Iardhaltaí a bhfuil clú orthu
cuir in eagar- Paul Carney - Breitheamh in Ardchúirt na hÉireann
- Anthony Clare - Síceolaí agus craoltóir
- Finghin Collins - Pianadóir
- Ciarán Cuffe - TD de chuid an Pháirtí Glais
- Conor Deasy - Príomhamhránaí an ghrúpa The Thrills
- Paul Durcan - File [1]
- Tony Ensor - iar-Imreoir ar fhoireann rugbaí na hÉireann[2]
- Kevin Feeney - Breitheamh in Ardchúirt na hÉireann
- Ross Geoghegan - Ollamh le Matamataic, State University of New York [3]
- Charles Edward Lysaght - Scríobhneoir [4] Curtha i gcartlann 2008-10-05 ar an Wayback Machine
- George K. Miley - Ollamh le Réalteolaíocht, Ollscoil Leiden [5] Curtha i gcartlann 2007-06-30 ar an Wayback Machine
- Barry McCrea - Scríobhneoir
- Michael McDowell - iar-Thánaiste agus iar-Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí
- Macdara Woods - File
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh gréasáin an choláiste Curtha i gcartlann 2007-12-31 ar an Wayback Machine