Malcolm Noonan

polaiteoir Éireannach

Is polaiteoir Éireannach é Malcolm Noonan. Toghadh é don Dáil, Toghcheantar Cheatharlach-Cill Chainnigh, in Olltoghchán 2020. Ceapadh é ina Aire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchán i mí Iúil 2020.

Infotaula de personaMalcolm Noonan

Malcolm Noonan (2025)
Beathaisnéis
Breith1966
58/59 bliana d'aois
Port Láirge, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
29 Eanáir 2025 –
Téarma parlaiminte: 27th Seanad (en) Aistrigh


Toghadh i: 2025 Seanad election (en) Aistrigh
Minister of State at the Department of Housing, Local Government and Heritage (en) Aistrigh
1 Iúil 2020 – 23 Eanáir 2025
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil


Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata


X: noonan_malcolm Cuir in eagar ar Wikidata

Sular chinn Noonan díriú ar an bpolaitíocht is ar an ngníomhaíochas comhshaoil agus pobail a bhí sé ag díriú, ina ról mar stiúrthóir agus comhordaitheoir náisiúnta Chairde Cruinne na hÉireann agus bhí baint aige le gníomhaíochas pobalbhunaithe chomh maith; bithéagsúlacht, gníomhú ar son na haeráide, soghluaisteacht, abhcóideacht ar son lucht míchumais, lánpháirtiú, forbairt an lucht siúil agus meabhairshláinte.

I rith a shaoil oibre tá tréimhsí caite aige ag díriú ar gharraíodóireacht tírdhreacha, féinmharú a chosc agus dearadh grafach. Tá cáilíochtaí aige sa dearadh tionsclaíoch agus BA (Onór) san Fhorbairt Tuaithe. Bhain sé MA san Fhorbairt Idirnáisiúnta amach in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.

Polaitíocht

cuir in eagar

Tá Noonan ina bhall den Comhaontas Glas ón mbliain 2004.

Ceapadh é ina chomhalta de Chomhairle Buirge Chill Chainnigh agus Comhairle Contae Chill Chainnigh in 2004, tá 16 bhliain caite aige ag obair in earnáil an rialtais áitiúil agus ceapadh é mar Mhéara Chill Chainnigh in 2009; ba é an chéad Mhéara ón bPáirtí Glas a ceapadh i stair fhada na Cathrach. Chaith sé tréimhse ghairid ag feidhmiú mar Thoscaire na hÉireann ar Choiste Eorpach na Réigiún agus mar Chomhchathaoirleach ar Fhóram Uile-Oileáin na nÚdarás Áitiúil Neamhnúicléach.

Féach freisin

cuir in eagar