John Gormley

polaiteoir Éireannach

Polaiteoir Éireannach de chuid an Chomhaontais Ghlais é Seán Ó Gormlaigh[1] (a rugadh ar an 4ú lá Lúnasa 1959 i mBaile Átha Cliath). Oileadh é i gColáiste Naomh Mainchín i Luimneach, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus in Ollscoil Freiburg sa Ghearmáin.

John Gormley
John Gormley TD, Minister for the Environment, Heritage and Local Government.jpg
Ardmhéara Bhaile Átha Cliath

1994 - 1995
Tomás Mac Giolla - Seán Dublin Bay Rockall Loftus (en) Aistrigh
Teachta Dála

Meitheamh 26, 1997 - Aibreán 25, 2002
Dúiche: Baile Átha Cliath Thoir Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1997
Teachta Dála

Meitheamh 6, 2002 - Aibreán 26, 2007
Dúiche: Baile Átha Cliath Thoir Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2002
Teachta Dála

Meitheamh 14, 2007 - Feabhra 1, 2011
Dúiche: Baile Átha Cliath Thoir Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2007
An tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil

Meitheamh 14, 2007 - Eanáir 23, 2011
Dick Roche (en) Aistrigh - Éamon Ó Cuív
Saol
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 4 Lúnasa 1959 (63 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Oideachas
Alma materAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
St Munchin's College (en) Aistrigh
Gairm
Gairmpolaiteoir
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaComhaontas Glas

Chuaigh sé san iomaíocht in olltoghchán don chéad uair i 1989. Toghadh é chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i 1991 agus bhí sé mar Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath ó 1994-1995. Toghadh é chun na Dála i Meitheamh 1997.

Toghadh é ina cheannaire (mar chomharba ar Trevor Sargent) ar an 17 Iúil 2007. Bhí sé mar Chathaoirleach an pháirtí ó 2001, ach bhí air éirí as an gcúram sin de réir bhunreacht an pháirtí, nuair a rinneadh aire rialtais de i 2007.

Bhí sé mar údar ar The Green Guide for Ireland (Cló Wolfhound 1990). Tá sé pósta, agus iníon agus mac amháin aige.

TagairtíCuir in Eagar

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar