Seanad Éireann

(Athsheolta ó Seanadóir)

Is é Seanad Éireann Teach Uachtarach an Oireachtais, is é sin, Parlaimint na hÉireann. Tá an dá theach lonnaithe i dTeach Laighean. Tugtar seanadóirí ar bhaill an tSeanaid.

Infotaula d'organitzacióSeanad Éireann
SeanadEireann-800.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
Cineál seanad
elected legislative house (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh 11 Nollaig 1922
Eagraíocht agus rialtas
Le cuid
Cuid de An tOireachtas Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáin oireachtas.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
Seomra an tSeanaid i dTeach Laighean.

Cumhachtaí foirmiúla Sheanad an tSaorstáit agus Sheanad 1937Cuir in Eagar

Seanad an tSaorstáit (arna leagan amach i mBunreacht 1922)Cuir in Eagar

  • Níor mhór an uile bhille a chur á bhreithniú ag an Seanad;
  • D'fhéadfadh an Seanad rith bille neamhairgid a chur ar fionraí go ceann 270 lá nó 9 mí (méadaíodh an chumhacht mhoilliúcháin sin go dtí 18 mí in 1928);
  • D’fhéadfadh an Seanad moladh a thabhairt i dtaobh bille airgid (ach ní fhéadfadh sé é a leasú) agus é a chur ar ais laistigh de 21 lá;
  • Bhí sé de cheart aige billí neamhairgid a thionscnamh agus d’fhéadfadh Seanadóirí Billí Comhaltaí Príobháideacha a thabhairt isteach
  • Faoi Airteagal 47, d’fhéadfaí, le rún ó thrí chúigiú de chomhaltaí an tSeanaid (ina n-aonar), bille a chur faoi reifreann.
  • Níor mhór rún ón Seanad (agus ón Dáil) chun Breitheamh de chuid na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí a chur as oifig mar gheall ar mhí-iompar nó mhí-chumas a luafaí (Airteagal 68).

Cumhachtaí Sheanad 1937Cuir in Eagar

  • Faoi Airteagail 20-24 den Bhunreacht
  • Ní mór an uile bhille a chur á bhreithniú ag an Seanad;
  • I gcás bille atá rite ag an Dáil, féadfaidh an Seanad moill a chur ar rith an bhille go ceann 90 lá;
  • Féadfaidh an Seanad moladh a dhéanamh maidir le bille airgid (ach ní féidir leis é a leasú) agus moill a chur ar rith an bhille sin go ceann 21 lá;
  • Is féidir billí nach billí airgid iad a thionscnamh i Seanad Éireann ar choinníoll nach mbeartaítear leo an Bunreacht a leasú. Féadfaidh Seanadóirí Billí Comhaltaí Príobháideacha a thabhairt isteach.
  • Maidir le Comhaltaí den Chomh-Aireacht, is féidir le suas le beirt chomhaltaí den Seanad a bheith ina gcomhaltaí den chomh-aireacht (ach ní an tAire Airgeadais);
  • Faoi Airteagal 27 is féidir reifreann nó olltoghchán a thionscnamh más rud é go ndéanfaidh tromlach den Seanad, i dteannta le haon trian amháin den Dáil, achainí chuig an Uachtarán á rá go bhfuil togra sa bhille 'ina bhfuil an oiread sin tábhacht náisiúnta gur chóir breith an phobail a fháil air'. Ar achainí a fháil, féadfaidh an tUachtarán diúltú a lámh a chur leis an mbille agus dlí a dhéanamh de go dtí go seolfar reifreann nó go dtí go rithfear an bille trí rún ó Dháil nua.
  • Cuireann an Seanad srian leis an bhfeidhmeannas ar bhonn leanúnach trí thairiscintí.
  • Airteagal 33.5 agus 35.5 den Bhunreacht: Tá gá le rún atá rite ag tromlach an tSeanaid agus na Dála chun an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste nó Breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt a chur as oifig "de dheasca mí-iompair nó míthreora"
  • Uachtarán a tháinseamh (Airteagal 12.10)
  • Chun go leanfar de phróiseas táinsimh, i gcás go ndéanfar cúiseamh agus go dtabharfaidh 2/3 d’aon Teach amháin tacaíocht dó, ní mór don Teach eile é a imscrúdú agus ní mór do 2/3 den Teach eile sin tacaíocht a thabhairt dó.

Comhdhéanamh Sheanad an tSaorstáit agus Sheanad 1937Cuir in Eagar

Seanad an tSaorstáit (1922-1936)Cuir in Eagar

  • 60 Comhalta
  • Ní dhéantaí toghcháin an tSeanaid ar aon uain le toghcháin na Dála;
  • Iarrthóirí 35 bliana, nó os a chionn, d’aois agus “saoránaigh a ainmneofar as ucht onóir do bheith déanta acu don Náisiún le seirbhís phuiblí úsáideach, no, de bhrí cháilíocht no bhua speisialta do bheith acu, go n-ionaduighid tréithe táchtacha de shaol an Náisiúin.” (Airteagal 30)
  • Ba é téarma oifige gach comhalta den Seanad 12 bhliain; thogh gach saoránach a bhí 30 bliain, agus os a chionn, d’aois, an ceathrú cuid de Chomhaltaí an Tí trí Ionadaíocht Chionmhaire agus trí Vóta Inaistrithe Amháin in aon toghlach náisiúnta amháin in aghaidh gach trí bliana. As Rolla a toghadh iad - 2/3 acu arna n-ainmniú lena dtoghadh ag an Dáil agus 1/3 acu ag an Seanad (leagadh amach sa reachtaíocht an modh chun ainmnithigh a mholadh agus a roghnú).
  • Sa bhliain 1922, d’fhonn is nach ndéanfaí toghchán díreach i gcomhair 60 seanadóir in aon toghlach amháin, rinneadh socrú speisialta i gcomhair an chéad Seanaid: rinne Uachtarán na hArd-Chomhairle 30 seanadóir a cheapadh i gcomhréir leis na critéir thuasluaite (15 sheanadóir ar feadh 6 bliana agus 15 sheanadóir ar feadh 9 mbliana). Toghadh 30 seanadóir as liosta iarrthóirí a sholáthair an Dáil. In 1925 rinneadh toghchán i gcomhair 19 seanadóir (mar go raibh ceithre chorrfholúntas ann) agus ba é an t-aon toghchán amháin dá shórt a rinneadh ar fud an Stáit.
  • Leasaíodh an Bunreacht i ndiaidh 1928 agus athraíodh an toghlach go dtí Seanadóirí agus TDanna ach leanadh den chóras leanúnach (15 sheanadóir in aghaidh gach trí bliana).

Seanad 1937Cuir in Eagar

  • 60 Comhalta
  • Bíonn toghcháin ar aon uain le toghcháin na Dála (ní mór iad a sheoladh laistigh de 90 lá i ndiaidh lánscor na Dála).
  • Déantar 43 Sheanadóir a thoghadh ó rollaí gairmiúla a n-ainmníonn na dreamanna seo a leanas iarrthóirí orthu: (a) comhlachtaí ainmniúcháin (ní mór do chomhlachtaí a bheith cáilithe chun bheith ina gcomhlachtaí den sórt sin de réir coinníollacha a leagtar amach i reachtaíocht) nó (b) ceathrar comhaltaí reatha den Oireachtas.
  • Cruthaítear dhá fho-rolla agus caithfear aon duine amháin ar a laghad a thoghadh as gach ceann acu.
  • Is ionann an toghlach do na 43 Sheanadóir sin agus comhairleoirí rialtais áitiúil, comhaltaí nuathofa de chuid na Dála agus Seanadóirí atá ag dul as oifig.
  • Leagtar amach ábhar an rolla ghairmiúil sa Bhunreacht.
  • Toghann céimithe ollscoileanna 6 Sheanadóir, 3 dhuine acu ag céimithe de chuid Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus 3 dhuine acu ag céimithe de chuid Ollscoil Náisiúnta na hÉireann. Nuair a ritheadh an tAcht um an Seachtú Leasú ar an mBunreacht (Forais Árdoideachais do Thoghadh Comhaltaí de Sheanad Éireann), 1979, an 3 Lúnasa 1979, rinneadh an ionadaíocht ar an Seanad a bhí ag Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus ag Ollscoil Náisiúnta na hÉireann a leathnú go céimithe ó fhorais tríú leibhéal eile.
  • Ceapann an Taoiseach 11 dhuine acu.

BallraíochtCuir in Eagar

De réir an bhunreachta, is gá go dtarlaíonn an toghchán do Sheanad Éireann laistigh de 90 lá ó thoghchán Dála. Tá seasca ball sa Seanad:

Baill den 23ú SeanadCuir in Eagar

Páirtí Seanadóirí
Fianna Fáil 28
Fine Gael 14
Polaiteoirí neamhspleácha 7
Páirtí an Lucht Oibre 5
An Páirtí Daonlathach 2
Comhaontas Glas 3
Iomlán 60

TagairtíCuir in Eagar

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar