Páirtí an Lucht Oibre (Éire)
Is páirtí polaitiúil Éireannach é Páirtí an Lucht Oibre (Béarla: The Labour Party ).
Aintiún | The Red Flag | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Ainm gearr | Lab | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas sóisialach | ||||
Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1912 | ||||
Bunaitheoir(í) | Séamus Ó Conghaile | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Páirtí na Sóisialaithe Eorpach An tAontas Forásach Idirnáisiúntas Sóisialach | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Ivana Bacik (2022–) | ||||
Dáil Éireann | 7 / 160 | ||||
Seanad Éireann | 4 / 60 | ||||
rialtas áitiúil i bPoblacht na hÉireann | |||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | https://labour.ie | ||||
Bunaíodh é sa bhliain 1912. Ba iad Séamas Ó Conghaile, Séamas Ó Lorcáin agus William O'Brien a bhí i mbun a bhunaithe agus a bhí chun tosaigh i stair luath an pháirtí.
De réir Bhunreacht an Pháirtí, is páirtí sóisialach daonlathach é Páirtí an Lucht Oibre. Seasann siad ar son "saoirse, comhphobal, ionannas agus daonlathas". Meastar gurb ar an eite chlé atá an páirtí, agus iad ag tacú le cearta lucht oibre níos láidre, dáileadh níos cothroime den tsaibhreas, agus leibhéalta níos airde de chaitheamh poiblí. Meastar chomh maith gur páirtí liobrálach é i dtaobh na gceisteanna sóisialta, iad ag tacú mar shampla le haisghairm an ochtú leasú sa reifreann a ritheadh i bPoblacht na hÉireann i 2018.[1]
Is é an páirtí is sine i bPoblacht na hÉireann. Bhí sé sa rialtas seacht n-uaire ó bunaíodh é - gach uair mar bhall sóisearach de chomhrialtas. Bhí Pádraic Ó Coinín ina cheannaire ar an pháirtí idir 2002 agus 2007.
Faoi láthair, tá 7 suíochán acu i nDáil Éireann (6 ón olltoghchán agus ceann amháin buaite i bhfothoghchán), agus 5 i Seanad Éireann.
San Eoraip, tá siad ailínithe le Páirtí Sóisalach na hEorpa.
Stair
cuir in eagarI dTús an 20ú hAois
cuir in eagarCé go raibh tacaíocht áirithe ag an bpáirtí seo thuaidh agus theas, níor toghadh aon bhall dá chuid sna Sé Chontae. Chinn siad gan seasamh in éadan Shinn Féin sna toghcháin i 1918 agus i 1921 i dTuaisceart Éireann agus d'fhág sin nach raibh aon duine acu sa Dáil[2]. Is soiléir anois go raibh an polasaí ina chonstaic mhór ar pháirtí nua a thosú.
Toghchán ceannaireachta, 2014
cuir in eagarAr 26 Bealtaine 2014, d'éirigh Mac Giollamóir mar cheannaire an pháirtí.
Iarrthóirí
cuir in eagar- Ceannasaíocht
- Leas-Cheannaire
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Labour vs Sinn Féin: what's the difference?" (en). SpunOut.ie - Ireland's Youth Information Website. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-25. Dáta rochtana: 2020-01-01.
- ↑ Cowman, Des (1991). Fianaise na Staire Iml. 3 : Gnéithe de Stair an 20ú hAois, Ar dTuiscint ar an Domhan Nua-Aoiseach. (An Gúm).
Ceannairí
cuir in eagar- Séamus Ó Conghaile (1912-1916)
- Tomás MacSeáin (1917–1927)
- Tomás S. Ó Conaill (1927–1932)
- Liam Ó Neachtain (1932–1960)
- Breandán Mac Fheorais (1960–1977)
- Proinsias Mac Bhloscaidh (1977–1981)
- Michael O'Leary (1981–1982)
- Risteard Mac An Earraigh (1982–1997)
- Ruairí Ó Cuinn (1997–2002)
- Pádraic Ó Coinín (2002–2007)
- Éamon Mac Giollamóir (2007–2014)
- Siobhán de Burtún (2014–2016)
- Breandán Ó hAmhlain (2016-2020)
- Alan Ó Ceallaigh (2020-2022)
- Ivana Bacik (2022-)
Leas-Cheannairí*
cuir in eagar- Séamus Mac an Tuile (1981–1982)
- Barry Ó Deasúnaigh (1982–1989)
- Ruairí Ó Cuinn (1989–1997)
- Breandán Ó hAmhlain (1997–2002)
- Liz Mac Mánais (2002–2007)
- Siobhán de Burtún (2007–2014)
- Alan Ó Ceallaigh (2014–2016)
Bhí an ról tréighte i 2017 ag an gComhdháil Náisiúnta.
Sa Rialtas
cuir in eagar- 1948–1951 le Fine Gael, Clann na Poblachta, Clann na Talmhan agus Lucht Oibre Náisiúnta
- 1954–1957 le Fine Gael agus Clann na Talmhan
- 1973–1977 le Fine Gael
- 1981–1982 le Fine Gael
- 1982–1987 le Fine Gael
- 1992–1994 le Fianna Fáil
- 1994–1997 le Fine Gael agus Daonlathas Clé
- 2011–2016 le Fine Gael
Suíomh Idirlín
cuir in eagar- http://www.labour.ie - Suíomh Oifigiúil
- http://www.labouryouth.ie - Suíomh Oifigiúil an Ógra na Lucht Oibre