Lár-Pháirtí Náisiúnta

páirtí polaitíochta

Páirtí polaitiúil gearrshaolach Éireannach ab ea an Lár-Pháirtí Náisiúnta (Béarla: National Centre Party) a bhí ar an bhfód idir 1932 agus 1933. Úsáideadh an t-ainm Léag Náisiúnta na bhFeirmeoirí agus na nÍocóirí Rátái (National Farmers' and Ratepayers' League) ar dtús. Bunaíodh an páirtí i mí na Nollag 1932. Thacaigh roinnt mhaith Teachtaí Dála leis an bpáirtí nua, ceathrar ó Pháirtí na bhFeirmeoirí agus 13 Theachta Dála neamhspleách ina measc. Ba é Frank MacDermot, TD ó Ros Comáin, ceannaire an pháirtí nua, agus Séamus Diolún, TD ó Dhún na nGall agus mac Sheáin Diolún go mór chun cinn.

Bosca Sonraí EagraíochtaLár-Pháirtí Náisiúnta
Sonraí
Ainm gearrNCP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtadaonlathas Críostaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar dheis ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1932
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1933 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí an páirtí i bhfabhar

  • Banc Ceannais a bhunú
  • díbholsciú tar éis gearradh siar ar rátaí pá
  • an chaomhnaitheacht
  • deireadh leis an gcogadh trádála Angla-Éireannach
  • deireadh a chur le rátaí ar thalamh curaíochta

Bhí an páirtí go mór in éadan Fhianna Fáil, cé go raibh cosúlachtaí idir polasaithe an dá pháirtí.

Toghadh 11 Theachta Dála de chuid an pháirtí in olltoghchán Eanáir 1933. Bhíodh gníomhaithe de chuid Fhianna Fáil (go minic le cabhair ó bhaill den IRA) ag cur isteach ar chruinnithe an pháirtí roimh an olltoghcháin. Ba iad na heachtraí seo, agus ionsaithe ar chruinnithe páirtithe eile, príomh-chúis bunú na Léinte Gorma. An aidhm a bhí ag na Léinte Gorma ná cruinnithe páirtithe coimeádaigh a chosaint. Cé gur sheas an Lár-Pháirtí Náisiúnta le Cumann na nGaedheal in éadan Fhianna Fáil, dhiúltaigh Frank MacDermot do chomhcheangal idir an dá pháirtí. Ach nuaír a chuir an rialtas cosc ar na Léinte Gorma i Lúnasa 1933, tháinig Cumann na nGaedheal, an Lár-Pháirtí Náisiúnta agus na Léinte Gorma le chéile chun páirtí nua, Fine Gael, a bhunú. Ceapadh MacDermot mar Leas-Uachtarán an pháirtí nua, ach níor réitigh sé rómhaith le polasaithe an pháirtí nua agus tar éis tamaill d'éirigh sé as chun bheith ina Theachta neamhspleách.

Olltoghcháin cuir in eagar

Toghchán Dáil Vótaí chéad Rogha Vóta % Áit Suíocháin Ceannaire
1933 126,909 9.2
11 / 153
Frank MacDermot

Tagairtí cuir in eagar