Corcaigh Theas-Lár (Dáilcheantar)
Is Dáilcheantar 4 suíochán é Corcaigh Theas-Lár (5 suíochán ó 2020).
Corcaigh Theas-Lár | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
Contae in Éirinn | Contae Chorcaí | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1981 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Bhí an dáilcheantar an dáilcheantar thar a bheith iomaíoch sna 2020idí ina raibh Simon Coveney, iar-aire FG, an tAire Airgeadais Micheal McGrath (FF) agus an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin (FF) chomh maith le Donnchadh Ó Laoghaire (SF).[1]
Toghcháin
cuir in eagarOlltoghchán 2016
San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Simon Coveney (Fine Gael), Donnchadh Ó Laoghaire (Sinn Féin), Mícheál Ó Máirtín (Fianna Fáil), agus Michael McGrath (Fianna Fáil). Chaill Jerry Buttimer (FG) a shuíochán in 2016.
Olltoghchán 2020
San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Simon Coveney (Fine Gael), Donnchadh Ó Laoghaire (Sinn Féin), Mícheál Ó Máirtín (Fianna Fáil), agus Michael McGrath (Fianna Fáil). Bhí Donnchadh Ó Laoghaire (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 14,057 vóta, 2,628 vóta thar an gcuóta. Cainteoir maith Gaeilge é agus é ina urlabhraí ar chúrsaí oideachais ag a pháirtí.[2]
Idir an dá Mhicheál d’éirigh le Fianna Fáil 35.5% den vóta céadrogha a fháil in 2020.
Olltoghchán 2024
Roimh Olltoghchán 2024 sheas Simon Coveney síos, agus ceapadh McGrath mar An Coimisinéir um Dhaonlathas, Cheartas agus Riail an Dlí. San Olltoghchán 2024, bhí suíochán breise le líonadh sa toghcheantar de bharr ceantar taobh ó dheas den abhainn, thart ar Bhaile an Easpaig, a bheith aistrithe isteach sa dáilcheantar ó Chorcaigh Thuaidh-Lár.[2]
Sheas 22 iarrthóir in 2024, ina measc beirt de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020, An Tánaiste Micheál Martin (FF) agus agus Donnchadh Ó Laoghaire (SF).
Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Séamus McGrath (FF), Jerry Buttimer (FG) agus Pádraig Rice (SD) agus atoghadh Donnchadh Ó Laoghaire (SF) agus Mícheál Ó Máirtín (FF).
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2024-04-02). "An tAire Coveney le seasamh go leataobh" (as ga-IE).
- ↑ 2.0 2.1 Donncha Ó hÉallaithe (25 Samhain 2024). "Páirtí an Lucht Oibre, Fianna Fáil agus neamhspleáigh ag súil le suíocháin bhreise i gcathair agus oirthear Chorcaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-25.