Corcaigh Thuaidh-Lár (Dáilcheantar)

Is Dáilcheantar 5 suíochán é Corcaigh Thuaidh-Lár (5 suíochán ó 2024).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCorcaigh Thuaidh-Lár

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1981
Aitheantóir tuairisciúil
Pádraig O'Sullivan, FF, 2019
Colm Burke, FG, 2020
Eoghan Kenny (LO) agus 24 bliain d'aois in 2024

Toghcháin

cuir in eagar

Olltoghchán 2016

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Dara Murphy (Fine Gael), Jonathan O'Brien (Sinn Féin), Mick Barry (Dlúthphartíocht–Pobal Roimh Bhrabús), agus Billy Kelleher (Fianna Fáil). Bhíodh suíochán sa dáilcheantar seo ag Kathleen Lynch (LO) ach chaill sí in 2016.

Olltoghchán 2020

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Colm Burke (FG), Thomas Gould (SF), Mick Barry (Dlúthphartíocht–Pobal Roimh Bhrabús), agus Pádraig O'Sullivan (FF). Toghadh Gould (SF) in 2020 ar an gcéad chomhaireamh le 14,286 vóta agus 3,455 vóta le spáráil. Fuair Mick Barry (SP) 1,459 acu, rud a chuir chun cinn ar Kenneth Flynn (Ind Ire) é. Bhí Mick Barry ag brath ar go leor vótaí aistrithe ó fharasbarr Gould (SF) agus ón gComhaontas Glas in 2020,[1]

Olltoghchán 2024 San Olltoghchán 2024, bhí suíochán breise le líonadh sa toghcheantar de bharr Mala agus an ceantar thart air a bheith tógtha ó Chorcaigh Thoir agus curtha leis an dáilcheantar seo. Bhí 21 iarrthóir ainmnithe le dul san iomaíocht do na cúig shuíochán a bhí le líonadh. I measc na n-iarrthóirí bhí na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Thomas Gould (SF); Pádraig O’Sullivan (FF); Colm Burke (FG) agus Mick Barry (SP). Le suíochán breise le líonadh bhí Fianna Fáil ag iarraidh an dara suíochán a fháil, mar a bhí Fine Gael. Cé go bhfuil Fianna Fáil níos láidre sa chathair ná mar atá Fine Gael de ghnáth, nuair a chuirtear Mala san áireamh is a mhalairt atá fíor.[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Eoghan Kenny (LO) agus Ken O'Flynn (II), agus atoghadh Colm Burke (FG), Thomas Gould (SF) agus Pádraig O'Sullivan (FF). Is é Eoghan Kenny (24) an TD is óige sa 34ú Dáil.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (25 Samhain 2024). "Páirtí an Lucht Oibre, Fianna Fáil agus neamhspleáigh ag súil le suíocháin bhreise i gcathair agus oirthear Chorcaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-25.