Fealsamh, scríbhneoir agus ceoltóir ab ea Jean-Jacques Rousseau, (28 Meitheamh, 17122 Iúil, 1778). Rugadh sa nGinéiv é, agus fuair sé bás i nErmenonville na Fraince.

Infotaula de personaJean-Jacques Rousseau

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Meitheamh 1712
an Ghinéiv (Poblacht na Ginéive)
Bás2 Iúil 1778
66 bliana d'aois
Ermenonville (Ríocht na Fraince)
Siocair bháisBás nádúrtha (Stad cairdiach)
Áit adhlacthacenotaph of Jean-Jacques Rousseau (en) Aistrigh (1780–1794) 49° 07′ 16″ N, 2° 41′ 27″ E / 49.1211944°N,2.6908056°E / 49.1211944; 2.6908056
île des Peupliers (en) Aistrigh (1778–1794) 49° 07′ 16″ N, 2° 41′ 27″ E / 49.12119°N,2.69081°E / 49.12119; 2.69081
Panthéon 48° 50′ 46″ N, 2° 20′ 47″ E / 48.84621689°N,2.34644°E / 48.84621689; 2.34644 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Protastúnachas, Caitliceachas agus an Protastúnachas
Áit chónaitheTorino
Staffordshire
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Réimse oibreLuibheolaíocht
Gairmfealsamh, encyclopédiste, drámadóir, comhfhreagraí, scríbhneoir aistí, eolaí polaitiúil, criticeoir ceoil, nádúraí, dírbheathaisnéisí, scríbhneoir, oideolaí, cumadóir claisiceach, úrscéalaí, ceoleolaí, luibheolaí Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtSocial contract (en) Aistrigh agus Barócach
Mac/iníon léinnLouis Stanislas de Girardin
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Giorrúchán luibheolaíochtaRousseau
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileThérèse Levasseur (1768–1778) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíFrançoise-Louise de Warens (1728–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairIsaac Rousseau
Síniú

IMDB: nm0003707 TMDB.org: 146529
Apple Music: 277613624 Musicbrainz: 4a7f3a02-b1ba-4e26-8e30-f580ece1150c Lieder.net: 22695 Discogs: 1097374 IMSLP: Category:Rousseau,_Jean-Jacques Goodreads author: 7994 Find a Grave: 1520 Project Gutenberg: 1286 IPNI: 8665-1Cuir in eagar ar Wikidata
masc mairbh
Fén gConradh sóisialta; nó Prionsabail an Dlí pholaitiúil

Smaoineamh

cuir in eagar

Bhí Rousseau ar dhuine de mhór-smaointeoirí na hEagnaíochta, agus bhí tionchar nach beag ag téacsanna dá chuid ar Réabhlóid na Fraince, ar an oideachas, ar an smaointeoireacht pholaitiúil, agus ar fhorbairt agus fhorás an Náisiúnachas.

Is ag triall ar an Château de Vincennes, caisleán atá suite tuairim is 6 km soir ó Pháras, a bhí Rousseau sa bhliain 1749 nuair a bhuail taom inspioráide é.[1] Bhí sé ar a bhealach chun cuairt a thabhairt ar Denis Diderot, cara leis a bhí i mbraighdeanas sa chaisleán de bharr a chuid scríbhinní. Príomh-eagarthóir an Encyclopédie agus duine d’fhealsaimh mhóra na hEagnaíochta ba ea Diderot – fear a bhí ar a dhícheall ag iarraidh soiscéal na heolaíochta agus an réasúin a scaipeadh ar fud na Fraince agus na hEorpa. Ach thiontaigh Rousseau i dtreo eile ar fad tar éis an illumination de Vincennes: is ar an nádúr seachas an eolaíocht, ar na mothúcháin seachas an réasún, a dhíreodh sé a aird feasta. Réamhtheachtaire an rómánsachais ba ea é ón lá sin amach.

 
'Dioscúrsa faoi bhunús agus bhoinn an neamhionannais i measc na ndaoine'

Bhí Jean-Jacques Rousseau ar na céad smaointeoirí a raibh cur chuige páiste-lárnach aige; bhíodh cosaint dlite faoin fhéineachas don ghasúr fosta, dála an scéil.[2]

 
'Émile, nó Fén oideachas'

Cé nárbh é Rousseau a chuir tús leis an ndírbheathaisnéis mar sheanrá, ba é Confessions (Gaeilge: 'Coibhseana'), leabhar a scríobh sé idir 1765 agus 1770 agus inar dhein sé cur síos ar ar an gcéad trí bliana is caoga dá shaol, a chuir tús leis an ndírbheathaisnéis comhaimseartha.

Bhí a úrscéal Julie, ou la nouvelle Héloïse (Gaeilge: 'Julie, nó an Héloïse nua') ar cheann de mhór-úrscéalta an 18ú haois. Bhí an t-úrscéal seo an-tábhachtach ó thaobh luathfhorbairt an Rómánsachais de, agus bhí an-tionchar aige ar fhorbairt an Rómánsachais sa scéalaíocht go háirithe.

 
Ar chléː Rousseau i bpastal sa mbliain 1753. Ba é Maurice Quentin de La Tour a dhein an pictiúr.

I measc mór-shaothar eile de chuid Rousseau, d'fhéadfaí na saothair seo a leanas a lua:

  • Discours sur l'origine et les fondements de l'inégalité parmi les hommes (Gaeilge: 'Dioscúrsa faoi bhunús agus bhoinn an neamhionannais i measc na ndaoine')
  • Émile, ou De l'éducation (Gaeilge: 'Émile, nó Fén oideachas')
  • Du contrat social; ou Principes du droit politique (Gaeilge: Fén gConradh sóisialta; nó Prionsabail an Dlí pholaitiúil)

Chuir Rousseau go mór leis an gceol ó thaobh theoiric an cheoil agus chumadh an cheoil de.

Bhuail stroc, is cosúil, é ar an 2 Iúil, 1778.

  1. Vincent Morley. "Reifreann ar Chearta an Pháiste" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-02.
  2. Ciarán Mac Aonghusa. "Reifreann ar Chearta an Pháiste" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-02.