Nicolaus Copernicus
Ba réalteolaí é Nicolaus Copernicus (19 Feabhra, 1473 – 24 Bealtaine, 1543). Saolaíodh é in Torún na Polainne.
Deirtear gur chuir a leabhar De revolutionibus orbium coelestium (I dtaobh Imrothlú na Sféar Neimhe 1543)[1] tús leis an réalteolaíocht nua-aimseartha. Luaitear an leabhar seo agus Principia Newton mar bhunús na réabhlóide eolaíochta.[2]
Níor éirigh le Copernicus a theoiricí a fhoilsiú go raibh sé aosta go leor, de bhrí go raibh eagla air roimh na húdaráis eaglasta sa Róimh.
TeoiricíCuir in Eagar
Ba é an chéad eolaí é a d'fhógair an córas héilealárnach, teoiric a deir go dtéann an domhan agus pláinéid eile an ghrianchóras timpeall na gréine. Is é a chruthaigh go rothlaíonn an domhan agus go dtimpeallaíonn an domhan is na pláinéid eile sa ghrianchóras an ghrian féin. Luaitear an córas héilealámach seo mar chóras Copemicus. Roimhe sin, creideadh gurbh é an domhan lár na cruinne agus go raibh gach rinn eile ag dul ina thimpeall.