Sa bhitheolaíocht, is éard atá i sóchán ná athrú tobann a thagann ar sheicheamh núicléitíde d'ábhair géiniteach an orgánaigh bheo.

Léaráid ag taispeáint sócháin ghéinitigh.

Is féidir le hathrú tobann teacht ar ghéin aonarach, nó fiú ar chrómasóm iomlán. Earráid i gcóipeáil na géine is brí leis an sóchán go minic: earráid a tharlaíonn i rith na cilldeighilte, abair, má nochtar an chill don tsolas ultraivialaite nó don radaíocht ianúcháin (is é sin, na x-ghathanna nó an cineál radaíochta a thagann as iseatóip radaighníomhacha), do cheimiceáin so-ghineacha nó do víris áirithe.

Tá a leithéid de rud ann freisin agus hipearshóchán. Is éard atá i gceist leis an hipearshóchán ná meicníocht na cille leis an gcóras imdhíonachta a chur in oiriúint do na miocróib atá díreach á ionsaí. Próiseas é nach dtéann i bhfeidhm ach amháin ar réigiúin áirithe sna cealla glóbailine imdhíonachta, agus is cuid nádúrtha é d'fhrithionsaí an orgánaigh bheo ar na miocróib.

Is minic a shíltear go ndéanann gach sóchán dochar don orgánach agus don speiceas go léir, ach níl an scéal chomh simplí sin. Aithnítear sócháin bhuntaistiúla, sócháin mhíbhuntaistiúla agus sócháin neodracha, ach is dócha go ndéanann an chuid is mó de na sócháin neodracha féin dochar éigin don orgánach. Tá sócháin mharfacha ann freisin a thugann bás an orgánaigh.