Cláirseach
Is uirlis cheoil thriantánach í an chláirseach nó an chruit, a sheinntear trí na sreanga ingearacha a phiocadh leis na méara.[1][2] Téaduirlis atá ann. Is féidir feidhm a bhaint as mar chnaguirlis chomh maith. Bíonn caol, athshonadóir agus téada ar gach cláirseach, agus déantar na téada as níolón, snáithe caoláin, sreang nó síoda.
Cineál | plucked string instrument (en) , composite chordophone (en) , rud ábhartha saorga agus uirlis cheoil |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 322 |
Raon seinm |
Seinntear an chláirseach ar an nglúin, nó ar an talamh: braitheann sé ar airde na huirlise. Cláirseoir nó cruitire a thugtar ar cheoltóir a sheinneann an chláirseach.
Tá an chláirseach Ghaelach[3] ina comhartha suaitheantais ag Rialtas na hÉireann, Uachtarán na hÉireann agus ar bhoinn Éireannach an euro. Tá an chláirseach mar lógó ag an gcomhlacht Guinness freisin, branda a shamhlaítear le hÉirinn ar fud an domhain mhóir, agus samhlaítear í le carachtair thábhachtacha i stair agus seanchas na hÉireann, leithéidí Bhriain Bhóirmhe, Ard-Rí Éireann, agus Toirdhealbhach Ó Cearrbhalláin ‘An Cláirseoir Caoch’.[4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ i mBéarla, the harp
- ↑ Maitiú Ó Coimín (30 Iúil 2024). "‘Ba bhreá liom cláirseach Ghaelach ach glacfaidh mé le triantán le sreanga air!’ – emoji nua le seoladh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-30.
- ↑ i mBéarla, Celtic harp nó an Irish harp
- ↑ Maitiú Ó Coimín (30 Iúil 2024). "‘Ba bhreá liom cláirseach Ghaelach ach glacfaidh mé le triantán le sreanga air!’ – emoji nua le seoladh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-30.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |