Rang na ngléasanna ceoil, a chuimsíonn ideafóin is scannánafóin, a sheinntear trí bhualadh nó croitheadh. Déanann cuid acu nótaí le hairde ar leith (mar shampla, tiompán is síolafón), agus cuid acu gan a leithéid (mar shampla, ciombail is druma taoibh). Is iad na cnaguirlisí a úsáidtear i gceolfhoireann nua-aoiseach na tiompáin, an druma taoibh, an druma mór, na ciombail, an tamtam, na clogfheadáin is an síolafón. Ach amháin na drumaí is na tiompáin, is ideafóin iad uile.[1]

WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilCnaguirlisí
Cineáluirlis cheoil
Gairm ealaíontacnagcheoltóir
Cnaguirlisí ceolfhoirne

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cnaguirlisí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 149.