Uirlis cheoil
Is éard atá in uirlis cheoil (nó gléas ceoil) ná feiste chun fuaimeanna ceolmhara a dhéanamh, i measc na lámhdhéantúsán cultúrtha is ársa dá bhfuil ann. Athraíodh is forbraíodh iad thar na cianta le forbairtí teicniúla, teacht chun cinn ábhar nua, agus intleacht a ndéantóirí is na gcumadóirí ceoil. Tá cuid mhaith acu imithe i léig, bíodh is go dtugtar ar ais iad ó am go chéile, chun luathcheol a sheinm, mar shampla.
Roinntear na gléasanna sa cheolfhoireann shiansach nua-aoiseach i 4 shaghas—gaothuirlisí adhmaid is práis, cnaguirlisí, agus téaduirlisí — agus rangaítear mar sin iad sna scóir ceoil. Bealach eile chun gléasanna a rangú, de réir an bhealaigh a seinntear iad: le bogha, séideadh, bualadh, tarraingt, méarú, nó tadhall amháin.
Glactar mar chaighdeán anois le rangú a thairg na ceoleolaithe Erich von Hornbostel (1877-1935) is Kurt Sachs (1881-1959) i 1914, bunaithe ar shaothar Charles Victor Mahillon (1841-1924). Roinn siad na gléasanna i 4 phríomhrang de réir airíonna fisiciúla foinse na fuaime (is é sin, airíonna an ghníomhaí chreathaigh): aerafóin (an t-aer ag creathadh), cordafóin (téad nó téada ag creathadh), ideafóin (corp an ghléis féin ag creathadh), agus scannánafóin (scannán rite ag creathadh). Ó shin cuireadh an 5ú rang leis: an leictreafón (ina gcritheann leictreamaighnéad, ascaltóir nó feiste eile leictreach nó leictreonach). Is féidir gach rang a fhoroinnt de réir airíonna eile.
Catagóirí
cuir in eagarDéanann uirlisí ceoil fuaimeanna ar bhealaí difriúla[1]. Ní sheinneann gach uirlis cheoil gach nóta atá sa tiúin.
Cnaguirlisí nó Uirlisí Tuargana
cuir in eagarBuailtear uirlisí chun fuaimeanna a chruthú. Mar shampla, is uirlisí tuargana iad na drumaí. Nuair a bhuailtear iad, creathann an "craiceann" agus cruthaíonn sé fuaim. Is é an guth daonna an uirlis cheoil is sine ar domhan.
Uirlisí Téad
cuir in eagarNuair a chreathann na téada, déanann na huirlisí ceol.
- Is féidir na téada a phiocadh, mar shampla an bainseó.
- is féidir bogha a úsáid ar na téada, mar shampla an Dordveidhil.
- Is féidir na téada a bhualadh le casúr, mar shampla taobh istigh de phianó.
Gaothuirlisí
cuir in eagarDéanann gaothuirlisí ceol nuair a shéidtear isteach iontu is creathann an t-aer atá istigh iontu.[2] Mar shampla, is uirlisí tuargana iad na fliúit.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-09-01. Dáta rochtana: 2012-02-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gléasanna ceoil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 320.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Ár n-Uirlisí Ceoil
- [https://web.archive.org/web/20121130111344/http://www.curriculumonline.ie/ga/Curaclam_na_Bunscoile/Oideachas_Eala%C3%ADon/Ceol/Ceol_Treoirl%C3%ADnte_do_Mh%C3%BAinteoir%C3%AD/Aguis%C3%ADn/ Curtha i gcartlann 2012-11-30 ar an Wayback Machine Uirlisí ceoil atá oiriúnach do bhunscoileanna]]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |