An Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Eaglais de chuid na Críostaíochta atá san Eaglais Chaitliceach Rómhánach. An Eaglais Chaitliceach an t-ainm a thugann sí uirthi féin[1][2].
Eagraíocht
cuir in eagarCeann de na rudaí is léir láithreach sa Caitliceachas Rómhánach ná go bhfuil cumhacht lárnach ann, a thosaíonn leis an bPápa, agus a dháiltear go cúramach trí cheapadh easpaig ón Róimh féin. Is é Pápa Proinsias ceannaire na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí anois.
Is í an eaglais Chríostaí is mó ar domhan,agus cé go bhfuil Caitlicigh i mbeagnach gach tír ar domhan, is é an príomhchreideamh i gcuid mhór den Eoraip, de Mheiriceá Thuaidh agus go háirithe Meiriceá Theas agus Láir, agus áiteanna san Áise, mar na hOileáin Fhilipíneacha.
De réir mar atá an daonra ag fás i dtíortha cosúil le na hOileáin Fhilipíneacha, tíortha éagsúla san Afraic agus i Meiriceá Láir agus Theas, tá cumhacht á leathadh de réir a chéile do na háiteanna sin.
Ar an taobh eile den scéal, tá titim mhór i bpáirtíocht agus i gcleachtadh an chreidimh seo sna tíortha a bhí i lár staire an chreidimh, m.sh. sa Spáinn, san Iodáil, sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus in Éirinn féin.
Teagasc
cuir in eagarLiotúirge
cuir in eagarSacraimintí
cuir in eagarBaisteadh
An chéad Chomaoineach
Stair
cuir in eagarÓn nGréigis a thagann an focal "Caitliceach", a chiallaíonn domhanda.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "vatican.va". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ Tá eaglaisí eile a úsáideann an téarma, cé go bhfuil garghaol cleachta agus cumarsáide acu leis an eaglais Rómhánach, don chuid is mó.
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |