Pápa Beinidict XVI

Pápa ó 2005 go 2013

Bhí Beinidict XVI (16 Aibreán 192731 Nollaig 2022) ina Phápa ar an Eaglais Chaitliceach idir 2005 agus 2013, tráth a d'éirigh sé as gan choinne ar chúinsí sláinte. Ba é an 265ú pápa é.

Pápa Beinidict XVI
Papst Benedikt XVI in Berlin 2011.jpg
Roman Catholic Archbishop of Munich and Freising (en) Aistrigh

Márta 24, 1977 - Feabhra 15, 1982
Julius Döpfner (en) Aistrigh - Friedrich Wetter (en) Aistrigh
Deoisí: Ard-Deoise Chaitliceach Munich agus Freising
cairdinéal-sagart

Meitheamh 27, 1977 - Aibreán 5, 1993
prefect of the Congregation for the Doctrine of the Faith (en) Aistrigh

Samhain 25, 1981 - Bealtaine 13, 2005
Franjo Šeper - William Levada
Cardinal-Bishop of Velletri-Segni (en) Aistrigh

Aibreán 5, 1993 - Aibreán 19, 2005
Deoisí: Roman Catholic Suburbicarian Diocese of Velletri-Segni (en) Aistrigh
Déan Choláiste na gCairdinéal

Samhain 27, 2002 - Aibreán 19, 2005
Bernardin Gantin (en) Aistrigh - Angelo Sodano
cardinal-bishop of Ostia (en) Aistrigh

Samhain 30, 2002 - Aibreán 19, 2005
Bernardin Gantin (en) Aistrigh - Angelo Sodano
Deoisí: Roman Catholic Suburbicarian Diocese of Ostia (en) Aistrigh
265. Pápa

Aibreán 19, 2005 - Feabhra 28, 2013
Pápa Eoin Pól II - Pápa Proinsias
Pope emeritus (en) Aistrigh

Feabhra 28, 2013 - Nollaig 31, 2022
Saol
Ainm iomlánJoseph Aloisius Ratzinger
Eolas breitheBirth house of Benedict XVI (en) Aistrigh, 16 Aibreán 1927
NáisiúntachtAn Ghearmáin
Cathair na Vatacáine
Áit chónaitheMater Ecclesiae Monastery (en) Aistrigh
Grúpa eitneachGearmánaigh
Teanga dhúchaisAn Ghearmáinis
BásMater Ecclesiae Monastery (en) Aistrigh, 31 Nollaig 2022
Áit adhlacthaVatican Grotto (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha
Muintir
AthairJoseph Ratzinger, Sr.
MáthairMaria Peintner
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Alma materOllscoil Ludwig Maximilian, München
Ducal Georgianum (en) Aistrigh
(1949 - Meitheamh 29, 1951)
Leibhéal oideachaisdochtúireacht
ollamh
Dochtúir Diadhachta
Stiúrthóir tráchtaisMichael Schmaus (en) Aistrigh
Mic léinn dochtúireachtaHub Schnackers
TeangachaAn Ghearmáinis
An Laidin
An Iodáilis
an Fhraincis
an Béarla
An Spáinnis
Mic léinnBruno Schmid
Gairm
Gairmsagart Caitliceach Rómhánach, diagaire, religious writer (en) Aistrigh, pianódóir, múinteoir ollscoile, fealsamh, Transitional deacon (en) Aistrigh, Cairdinéal, deagánach Caitliceach agus Pápa
Áit oibreBonn, München, An Róimh, Cathair na Vatacáine agus Tübingen
FostóiríOllscoil Tübingen
Ollscoil Münster
Ollscoil Ludwig Maximilian, München
Ollscoil Bonn
Ollscoil Regensburg
Duaiseanna
BallraíochtNorth Rhine-Westphalia Academy for Sciences and Arts (en) Aistrigh
Acadamh Eolaíochtaí agus Ealaíon na hEorpa
Académie des Sciences Morales et Politiques
Pontifical Academy of St. Thomas Aquinas (en) Aistrigh
Ógra Hitler
Uirlis cheoilpianó
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí agAn Dara Cogadh Domhanda
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Chaitliceach Rómhánach
Caitliceachas
IMDbnm1909127
vatican.va…
Discogs ID2499557 agus 2737657
Pope Benedict XVI Signature.svg

Pápa caomhach a sheas an fód traidisiúnta a bhí ann. Mhaígh lucht a cháinte gurbh é cosaint na heaglaise an chloch ba mhó ar a phaidrín i gcónaí.[1] Ní raibh eaglaisigh áirithe ná cuid mhór den tréad sásta leis an gcaoi a ndeachaigh sé i ngleic le géarchéimeanna éagsúla, mí-úsáid leanaí san Eaglais Chaitliceach ina measc.[2]

1988

SaolCuir in Eagar

Rugadh faoin ainm Joseph Alois Ratzinger ar an 16 Aibreán 1927 in Marktl am Inn na Gearmáine é. Na bhí sé ina ghasúr, coinscríobhadh é in Ógra Hitler ar dtús agus in airm na Naitsithe ina dhiaidh. Cuireadh col ceathrar dá chuid chun báis le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar bhí siondróm Down air; agus bhí a theaghlach i gcoinne na Naitsithe.[3]

Oirníodh é sa bhliain 1951 agus chuaigh sé leis an diagacht.

Cheap an Pápa Pól VI Ratzinger ina chairdinéal sa bhliain 1977..

PápaCuir in Eagar

Nuair a fuair an Pápa Eoin Pól II bás ar an 2 Aibreán 2005 toghadh Ratzinger ina Phápa sa chomhthionól cairdinéal ar an 19 Aibreán 2005. Ar an 24 Aibreán 2005, ceiliúradh Aifreann Insealbhaithe Pápaigh. Bhí Benedict 78 nuair a rinneadh Pápa de i ndiaidh Eoin Pól II.

Coimeádach ab ea é. Foilsíodh a chéad imlitir Deus Caritas Est i Mí Eanáir 2006.

Ar 7 Iúil 2007, d'fhógair sé sa Mhoto Proprio Summorum Pontificum go raibh ceadúnas leathan do chléir Chaitliceach an Aifreann Laidineach a léamh.

 
2005

ScannailCuir in Eagar

Is dócha gurb iad na hoilbhéimeanna faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí is mó a chuir míghnaoi ar an tréimhse a chaith Benedict mar phápa.[4] Thosaigh na hoilbhéimeanna seo ag teacht chun solais le linn aimsir Eoin Pól II, ach chuaigh an scéal in olcas nuair a bhí Beinidict i mbun. Tháinig mí-úsáid chun solais i Meiriceá, in Éirinn, san Ostair, sa Bheilg, agus sa Ghearmáin. Deirtear gur chuir na scéalta seo isteach go mór ar Bheinidict, agus is cinnte gur suaitheadh an Eaglais dá dheasca seo.

Sna 2020idí, cáineadh Ratzinger féin as a neamhghníomhaíocht maidir le cásanna mí-úsáide gnéis ar leanaí ina dheoise nuair a bhí sé ina easpag.[3]

VEIDCuir in Eagar

Thóg Benedict XVI conspóid sa bhliain 2009 nuair labhair sé ar cheist an VEID (HIV) san Afraic agus dúirt gur in olcas a rachadh an fhadhb dá dtabharfaí coiscíní do na daoine.

Ar scor agus básCuir in Eagar

 
2007

I bhFeabhra na bliana 2013 d'fhógair Beinidict go raibh sé le héirí as an bpápacht, an chéad phápa le déanamh amhlaidh le 600 bliain. D'éirigh sé as an bpápacht ar 28 Feabhra 2013.[5] Luaigh Benedict ag an am go raibh a shláinte ag dul i léig.

Tar éis dó éirí as, ghlac Benedict an teideal 'Pápa emeritus', agus lean sé ag caitheamh casóg bhán thraidisiúnta an Pápa, agus bhí cónaí air sa Vatacáin ag mainistir Mater Ecclesiae (i gcodarsnacht leis sin, bhí sé 'tugtha le fios' ag Proinsias go nglacfadh sé an teideal 'Easpag emeritus na Róimhe', go mairfeadh sé go ciúin lasmuigh den Vatacáin, agus go seachnódh sé róbaí bána an phápa).[6]

D'éag Beinidict 31 Nollaig 2022, in aois 95 dó. Dúirt Pápa Proinsiais gur searbhónta dílis an tSoiscéil agus na hEaglaise a bhí ann. Dúirt an tÚachtaráin Mícheál D O hUiginn: ‘.... cuimhneofar air as a chuid iarrachtaí gan staonadh chun treo coiteann a aimsiú chun síocháin agus dea-thoil a chur chun cinn ar fud an domhain, lena n-áirítear leas seasta sa tsíocháin i dTuaisceart Éireann.’[7]

Bhí milliún duine i láthair ag sochraid an Phápa Eoin Pól II in 2005, idir uaisleacht agus choitiantacht, ach ní raibh an oiread gnaoi ag na daoine ar Bheinidict.[2] Bhí na mílte duine ag Aifreann Éagnairce an Phápa Beinidict ar 5 Eanáir 2023. Bhí 124 cairdinéal, 200 easpag agus 3,700 sagart páirteach sa searmanas chomh maith.[8]

Léigh Mary Maguire as Leitir Ceanainn, Co Dún na nGall, an Dara Léacht, sliocht as Céad Litir Naomh Peadar ag an Aifreann i gCearnóg Pheadair. Iarradh uirthi Léacht a léamh mar gheall ar an obair thréadach a dhéanann sí i bParóiste Caidrealta Leitir Ceanainn, suíomh Ardeaglais Naomh Adhamhnán.[9]

Cuireadh Benedict i dtuama san uaimh faoin mBaisleac Pheadair. Cuireadh leis sa chónra chomh maith cáipéis i Laidin ar a bhfuil cur síos ar chuid de na heachtraí is suntasaí a tharla le linn a phápachta. Deir an cháipéis gur “throid sé go diongbháilte” chun deireadh a chur leis an mí-úsáid ghnéis san Eaglais.[1]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 Tuairisc. "Ómós léirithe ag na mílte do Benedict agus é curtha i mBaisleac Pheadair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-05.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-01-02). "Corp an Phápa Emeritus Beinidict ina luí faoi ghradam stáit" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 Conradh na Gaeilge Londain, (7 Eanáir 2023). "Nuacht Mhall (podcast, Maigh Eo)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-01-17.
  4. "Benedict XVI agus An Eaglais Chaitliceach" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-07-19.
  5. "Resignation of Pope Benedict XVI" (as en) (2022-12-31). Wikipedia. 
  6. "Le bás Benedict, tá seans go rachaidh Pápa Proinsias ar scor" (ga-IE) (2023-01-01). Dáta rochtana: 2023-01-02.
  7. Garreth Murphy (2022-12-31). "Tá an t-iar-Phápa Benedict XVI, a bhí 95 bliain d’aois, bás" (ga-IE). Dáta rochtana: 2022-12-31.
  8. Nuacht RTÉ (2023-01-05). "An Pápa Emeritus Beinidict XVI curtha i mBaisleac Pheadair" (as ga). 
  9. Nuacht RTÉ, Ciarán Lenoach (2023-01-05). "Sochraid Bheinidict: bean as Dún na nGall a léigh an Dara Léacht" (as ga-IE).