Is riocht géiniteach é siondróm Down (nó trísómacht 21) agus siondróm comhbheirthe: crómasóm breise is cúis leis an riocht. Bíonn leibhéal an mhíchumais fhoghlama ghinearálta idir míchumas éadrom agus míchumas domhain. Cé go mbíonn saintréithe fisiceacha áirithe comónta ar dhaoine a bhfuil siondróm Down orthu, is daoine iontu féin iad i gcónaí.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarAiondróm Down
cuir in eagar
Cineálchromosomal disease (en) Aistrigh, trisomy (en) Aistrigh, total autosomal trisomy (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmJohn Langdon Down Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgéineolaíocht mhíochaine agus néareolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Cúis ghéiniteachhuman chromosome 21 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10Q90.9 agus Q90 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9758.0 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPA90 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
OMIM190685 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB3898 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000997 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine943216 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKdowns-syndrome-trisomy-21 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD004314 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet870 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0013080 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:14250 Cuir in eagar ar Wikidata
Lá Fhéile Pádraig

Tréithe cuir in eagar

Go minic bíonn cnámha grua arda ag páiste mar seo, srón leata, súile fiara, agus filleadh starraiceach os cionn taobh inmheánach gach súile. Bíonn na lámha gearr leathan, le fithín bosach amháin. Bíonn céimeanna éagsúla míchumais mheabhraigh ag na páistí seo, agus anchumaí cairdiacha.

Tá seans go mbeidh éagobhsaíocht atlasaiseach (atlantoaxial instability nó AAI) ag dul do dhaoine áirithe a bhfuil siondróm Down orthu.[1] Is éalang coirp i veirteabraí an dromlaigh atá i gceist leis seo.

 
Crómasóim

Géineolaíocht cuir in eagar

Meastar go dtarlaíonn an éalang de bharr teip deighilte mar is gnách i gcrómasóm amháin i ngaiméit, de ghnáth sa bhaineannach. In ionad úbháin normálta le 23 crómasóm, cruthaítear ubhán le 24 crómasóm (dhá cheann de chrómasóm 21 ann). Nuair a thoirchítear an t-ubhán seo, bíonn crómasóm breise ag an suth.

Tarlaíonn siondróm Down níos minice do pháistí máithreacha os cionn 40 bliain d'aois.

Sochaí cuir in eagar

Is é 21 Márta Lá Idirnáisiúnta Siondróm Down, lá chun béim a leagan ar an ngá le gníomhú chun daoine le siondróm Down a chumhachtú le troid ar son a gcearta agus a ndeiseanna féin.[2][3]

Stair cuir in eagar

Ainmnítear an riocht as an lia Sasanach J. L. H. Down (1828-1896). Ach tugadh mongólachas ar an riocht freisin.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. sess.ie. "Siondróm Down". Dáta rochtana: 2022.
  2. Office of the President of Ireland. "Diary President Receives Families On The Occasion Of World Down Syndrome Day" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2022-03-21.
  3. Office of the President of Ireland. "News President Higgins Highlights Inclusion Of People With Disabilities" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2022-03-21.
  4. Hussey, Matt (2011). "Siondróm Down". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 221.