Taranis
dia
I miotaseolaíocht na gCeilteach, dia na toirní is ea Taranis (Prótai-Cheiltis: * Toranos, níos luaite * Tonaros; Laidin: Taranus), a d'adhrtaí go príomha sa Ghaill, leithinis na hIbéire, an Bhreatain agus Éire, ach freisin i nDúiche na Réine agus i gceantar na Danóibe, i measc eile. Rinne an file Rómhánach, Lucan trácht ar Taranis, i dteannta le hEsus agus Toutatis, ina dhán Pharsalia mar dhia na gCeilteach dá ndearnadh íobairtí daonna.[1] Bhí nasc idir Taranis, maraon le Cioclóp Brontes ("toirneach") i miotaseolaíocht na Gréige, leis an roth.
Cineál | dia de chuid na gCeilteach |
---|---|
Comhthéacs | |
Miotaseolaíocht | miotaseolaíocht na gCeilteach |
Dáta | |
Inscne | fireann |
Eile | |
Comhionann | Iúpatar agus Túr |
Feictear sa Ghaill an-chuid léirithe de dhia féasógach agus caor thintrí i láimh amháin aige agus roth sa láimh eile. Is amhlaidh gur nascadh le chéile é le Iúpatar na Rómhánach.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Marcus Annaeus Lucanus. Pharsalia, Book I Curtha i gcartlann 2006-05-02 ar an Wayback Machine
- ↑ Paul-Marie Duval. 2002. Les Dieux de la Gaule. Páras, Éditions Payot.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol a bhaineann leis an mhiotaseolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |