Miotaseolaíocht na gCeilteach

Maraon le dreamanna Eorpacha den Iarannaois, tá ann i Miotaseolaíocht na gCeilteach creidimh ildiachais le han-chuid déithe agus bandéithe.[1] Níor tháinig miotais Cheiltigh na Mór-roinne (dreamanna amhail is na Gallaigh agus na Ceiltibéaraigh) slán as concas ag Impireacht na Róimhe, meath a dteangacha agus a dtiontú ar an gCríostaíocht. Ní fhaightear ach iarsmaí i bhfoinsí Gréag-Rómhánacha agus seandálaíocht. Is as na hOileáin (Gaeil as Éirinn agus as an Albain; na Briotanaigh Cheilteacha as iarthar na Breataine agus as an Briotáin) a thagann an chuid is mó den miotaseolaíocht atá ar marthain. D'fhág siad a mbéaloideas ó ghlúin go glúin, a scríobhadh síos i ndeireadh na dála ag manaigh Críostaí sa mheánaois, Miotaseolaíocht na nGael an chuid is mó de, ach roinnt mhaith miotaseolaíocht na mBreatnach.

Meastar go bhfuil an fhine osnádúrtha, na Tuatha Dé Danann bunaithe ar déithe Ceilteacha na hÉireann. Tá dhá chlann mhóra le feiceál sa Bhreatain Bheag, Plant Dôn agus Plant Llŷr. Tá naisc idir déithe na nOileán agus na Mór-roinne: Tá Lugh agus Lleu gaolmhar le Lugus; Goibniu agus Gofannon le Gobannos; Macán (Aonghas) and Mabon le Maponos; srl. Is pearsa choiteann í bandia an fhlaithis, a bhronnann flaitheas ar rí á phósadh. Feictear go minic an t-Alltar, a dtugann laochra miotalacha cuairt air. Tá tionchar na gceilteach le feiceáil sna seanscéalta Celtic myth influenced later Artúracha.

Léargas ginearálta cuir in eagar

 
Dia na gCeilteach, Sucellos

Ag a bhuaicphointe, bhí cultúr na gceilteach leathadh ar fud lár agus iarthar na hEorpach, ach ní raibh riamh lárionad polaitiúil aontaithe acu. De thairbhe sin, bhí an-chuid éagsúlacht i nósanna áitiúla dá gcreidimh, cé go bhfeictear go forleathan roinnt pearsana amhail is an dia Lugh. Tá fós ar marthain tuairim is trí chéad inscríbhinn d'ainmneacha déithe, go minic lena leaganacha Rómhánacha, ach is genii locorum (déithe áitiúla) an chuid is mó acu siúd.

Tá roinnt fo-aicmí de miotaseolaíocht na gCeilteach ann, bhíodh is go bhfuil naisc eatarthu, bunaithe ar ghéaga na dTeangacha Ceilteacha:

Foinsí stairiúla cuir in eagar

 
Rothaí Ceilteacha móideacha, gaolta a mheastar le cultas of Taranis. Tá na mílte dóibh siúd aimsithe i dtearmainn in Gallia Belgica, le dátaí ó 50 RC go dtí AD 50. Musée d'Archéologie Nationale, An Fhrainc

Tá fianaise ann ar earraí móideacha agus ar an bhFéilire Coligny gur scríobhtaí Gaillis ag baint leas as aibítrí Gréagach, Rómhánach agus Iodáilic Thuaidh. Óir nach bhfuil ach oiread beag samplaí de scríbhneoireacht Gailíse, meastar gur milleadh ag na Rómhánach iad.[3] Dúirt Julius Caesar go raibh go deimhin scríbhneoireacht ag na Gallaigh. Thug sé faoi ndeara go raibh daonlathas ag na Helvetii,[4] ach dúirt sé fosta go raibh cosc ar na draoithe roinnt rannta creidimh suntasacha a scríobh amach.[5][6]

Bhris na Rómhánach cumhacht na ndraoithe agus chuireadar nós inscríbhinní poiblí ar bun sa Ghaill — tá an chuid is mó dóibh níos sine ná conas na Róimhe.

Cé go raibh script Oghaim ag na Gaeil chun inscríbhinní gearra (go formhór ainmneacha pearsanta) a dhéanamh, níor tháinig lánlitearthacht go hÉirinn, nach ndearna na Rómhánach concas uirthi, go dtí teacht na Críostaíochta. Go deimhin, scríobhadh na miotais Ghaelacha don chéad uair ag na manaigh, cé le claonadh Críostaí.[7]

Miotaseolaíocht na nGael cuir in eagar

 
Cuchulainn carries Ferdiad across the river

Is as Éirinn a thagann na scéalaíochtaí is sine ó Ré na Laochra (Heroic Age).[8] Le teacht na Críostaíochta, thit na déithe is bandéithe de réir a chéile i léig. San ábhar atá fós ar mharthain, scríofa go formhór ag manaigh Críostaí, feictear na Tuatha Dé Danann agus na Fomhóraigh, mar shampla sa téacs den Cath Maighe Tuireadh, maraon leis an saothar leathstairiúil Leabhar Gabhála Éireann. Léiríonn na Tuatha Dé tréithe na sochaí daonna amhail is ríogacht, ceird agus cogadh, agus na Fomhóraigh anord agus an nádúr fiáin.

An Daghdha cuir in eagar

I amhlaidh go raibh an Daghdha ina cheannaire sa phaintéón.[9] Léiríonn an Daghdha sár-tréithe na nGael. Dhéantaí ámh ceap magaidh de sna scéalta, ach mar sin féin, measadh go raibh achmhainn mhaith grinn aige.

Is pearsa cumhachtach é an Daghdha, agus cleith ina láimh aige. Sa Ghaill, meastar go go bhfuil gaol idir é agus Sucellus an buailteoir, agus aigese casúr agus cupán.

Mór-Ríoghain cuir in eagar

Tré bhandia an chatha na nGael ba ea Mór-Ríoghain.[10][11] Bhí inti Neamhain, Macha and Babhdh (bhí ainmneacha níos annaimhe ann), agus iad araon ag léiriú tréithe éagsúla chomhraic. Feictear í sa Táin Bó Cúailnge ach go háirithe.

Lugh cuir in eagar

 
Lugh's Magic Spear; léaráid le H. R. Millar

Is é Lugh an dé a fheictear is coitianta sna seanscéalta. Is léir go bhfuil sé gaolmhar le Lugus, a fheictear fud i logainmneacha ar fud an domhain Cheiltigh, sábháil is of Lugdunum (Lyon sa Fhrainc), Lugdunum Batavorum (Brittenburg, taobh thiar de Leiden san Ísiltír) agus Lucus Augusti ({Λοuκος Λuγούστον, Lugo sa Ghailís). Deirtear sna miotais Cheilteacha gurbh é Lugh an dia a cuireadh san áit a deireanach ar liosta na ndéithe. Ceiliúradh é san fheis Lughnasadh.

Eile cuir in eagar

I measc déithe tábhachtacha eile, tá Other important goddesses include Brigit, iníon an Daghdha; Aibell, Áine, Macha agus Ériu. Is suntasach í is Epona, bandia na gcapall, a cheiliúradh ag feiseanna samhraidh. I measc deirge Gaelacha eile, tá Nuada Airgetlám, chéad rí na dTuath Dé Danann; Goibniu, gabha agus grúdaire; Dian Cécht, dtús an leighis; agus dia na mara Manannán mac Lir.

Miotaseolaíocht na mBreatneach cuir in eagar

 
Llŷr agus na healaí, léaráid le H. R. Millar
 
Túslínte le scéal Mabinogi as Llyfr Coch Hergest:
Gereint vab Erbin. Arthur a deuodes dala llys yg Caerllion ar Wysc...
Geraint mac Erbin. Bhíodh a chúirt ag Artúr ag Caerlleon ar an Wysc...

Feictear frithfhilltigh thábhachtacha de mhiotaseolaíocht na mBreatnach in Ceithre Ghéag Mabinogi, go háirithe Rhiannon, Teyrnon agus Brân Fendigaidd (Bran Beannaithe). Is amhlaidh go bhfuil pearsana eile fréamhaithe ó mhiotaseolaíocht na bPróit-Ind-Eorpach amhail is Arawn, rí an Alltair ag lorg cabhrach ó duine daonna, agus an laoch do-mharaithe ach i gcásanna frithráiteacha. Is mórphearsana iad Clann Llŷr (Ler) sa Dara agus san Tríú Géaga, agus Clann Dôn (Danu) sa Ceathrú Géag, ach ní príomhscéalta iad.

Feictear nósanna agus ainmneacha eile sna seanscéalta Breatnacha, go háirithe Mabon ap Modron (Mac Diaga na Máthar Diaga) in Culhwch and Olwen, agus sa chnuasach scéalta Tréanna Breatnaise. Mar sin féin, níl dóthain eolais an chun scéalaíocht cruthaithe nó paintéón a insint, sa mhéid nach féidir a rá go raibh miotaseolaíocht Bhreathnach aontaithe ann ar chur ar bith. Pé scéal é, scríobhadh sárshaothair Bhreatnaise sa mheánaois bunaithe ar an ábhar a bhí fós ar marthain.

Iarsmaí de mhiotaseolaíocht na nGallach cuir in eagar

 
Taranis (le roth Ceilteach agus caor thintrí), Le Chatelet, Gourzon, Haute-Marne, an Fhrainc

Bhí déithe ann a d'adhrtaí na Ceiltigh nach bhfuil ar eolas acu ach a n-ainmneacha. Thairis sin, tá roinnt iarsmaí de sheanscéalta nó miotais Ceilteacha caomhnaithe ag scríbhneoirí clasaiceacha.[12]

Dar leis an reitricí Siriach Lucian, bhíodh Ogmios i gceannas bhuíon fear ceangailte le slabhra dá gcluasa chun a theangan, tongue mar shiombal a dheisbhéalaí.

Déanann an file Rómánsach de chuid na chéad aoise, Lucan, trácht ar Taranis, Teutates agus Esus, ach níl a lán fianaise eile ann ar dhéithe tábhachtacha iad.

D'fhéadfadh é go bhfuil miotais chaillte léirithe ar roinnt objets d'art, bonn agus altóir, amhail is Tarvos Trigaranus nó ‘Iúpatar’ eachtrach is cionn an Anguiped (fíor daonna nathair-chosacha). Tá brí mhiotasach bainte as an gcoire Gundestrup.[13]

Tá léirithe ann fosta nach bhfuil ainmneacha acu, ina measc íomhánna trícheannach nó trí-aghaidheach; a squatting god, dia le nathair; dia le roth; agus marcach le fathach ar a ghlúine.[14] Faightear roinnt dóibh i bportaigh mhóna sa Bhreatain de chuid na Cré-umhaoisa,[15] rud a chuireann le fios gur réamhRómhánach agus forleathan iad i measc na gCeilteach. Tá léarscáil déanta le dáileadh na n-íomhánna agus feictear dlús lárnach le scaipeadh amach feadh línte trádála. Faightear an íomhá trí-cheannach cruinnithe i measc na mBelgae, idir na haibhneacha Oise, Marne agus Moselle; agus an marcach leis an fathach le taobh na Réine.[14]

Déithe Ceilteacha dar le hIúil Caesar cuir in eagar

 
Roth óir Ceilteach le siombail, Balesme, Haute-Marne. National Archaeological Museum

Ina mórshaothar Commentarii de Bello Gallico,[16] déanann Iúil Caesar trácht ar na cúigear príomh-dhéithe adhartha sa Ghaill (de réir interpretatio graeca, tugann sé ainmneacha na ndéithe Rómhánacha is gaire dóibh).

  • Ba é Mearcair an dia is tábhachtaí, tionscnóir na n-ealaíon (agus dá bharr gaolta le Lugus), tacaí eachtránaithe, agus trádálaithe agus a gcuid brabúis.
  • Apalló, lia leighis
  • Mars, dia an chogaidh
  • Iúpatar, rí an fhlaithis
  • Minéirve, spreagóir oilteachta

Ó thaobh miotaseolaíocht na nGael de, molann MacBain gurb ionann Apalló agus Lugh, Mearcair agus Manannán mac Lir, Iúpatar agus an Dagda, Mars agus Neit, agus Minéirve agus Brigit.[17]

I dteannta leis an gcúigear seo, deir Caesar go rianaíonn na Gallaigh a sinsearacht ar ais go Dīs Pater[18] (Donn na nGael, b'fhéidir).

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • de Vries, Jan, Keltische Religion (1961).
  • Duval, Paul-Marie, Les Dieux de la Gaule, eagrán nua (1976)
  • Mac Cana, Proinsias. Celtic Mythology. Nua Eabhrac: Hamlyn, 1970. ISBN 0-600-00647-6
  • —, The Learned Tales of Medieval Ireland (Irish Literature – Studies), Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (1980): ISBN 1-85500-120-9
  • MacKillop, James, Dictionary of Celtic Mythology. Oxford: Oxford University Press, 1998. ISBN 0-19-280120-1
  • Maier, Bernhard, Dictionary of Celtic religion and culture, Boydell & Brewer (1997) ISBN 978-0-85115-660-6
  • Ó Rathaille, T. F., Early Irish History and Mythology (1991, athchló 1971)
  • Rolleston, T. W., Celtic Myths and Legends. Dover Publications Inc. (1911, athchló 1990). ISBN 0486265072
  • Rhys, John, Lectures on the Origin and Growth of Religion as Illustrated by Celtic Heathendom 3rd ed. (1898, reprinted 1979)
  • Sjoestedt, M. L., Gods and Heroes of the Celts. 1949; translated by Myles Dillon. repr. Berkeley, CA: Turtle Press, 1990. ISBN 1-85182-179-1
  • Squire, Charles. Celtic Myth and Legend. Newcastle Publishing Co. 1975. ISBN 0-87877-030-5
  • Stercks, Claude, Éléments de cosmogonie celtique (1986)
  • Vendryes, Joseph; Ernest Tonnelat & B.-O. Unbegaun Les Religions des Celtes, des Germains et des anciens Slaves (1948)

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Cunliffe, Barry, (1997) The Ancient Celts. Oxford, Oxford University Press ISBN 0-19-815010-5, ll. 183 (religion), 202, 204–8.
  2. O'Rahilly, T. F. (1984). "Early Irish History and Mythology". Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  3. Ross, Anne (1972). "Everyday Life of the Pagan Celts": 166–167. Carousel Books. 
  4. Caesar, De Bello Gallico 1.29
  5. Caesar, De Bello Gallico]] 6.14
  6. Chadwick, Nora Kershaw (1970). "The Celts". Penguin Books. 
  7. Ross, Anne (1972). "Everyday Life of the Pagan Celts": 168–170. Carousel Books. 
  8. Jackson, Kenneth Hurlstone (1971). "A Celtic Miscellany": 27–28. Penguin Classics. 
  9. Geddes & Grosset Ltd (1997). "Dictionary of the Celts": 41. Brockhampton Press London. 
  10. Geddes & Grosset Ltd (1997). "Dictionary of the Celts": 130. Brockhampton Press. 
  11. Mammoth Book of Celtic Myths and Legends (1999), Constable & Robinson Ltd
  12. Duval, Paul-Marie (1993). "Les dieux de la Gaule": 94–98. Paris, FR: Éditions Payot. 
  13. Olmsted, G.S. (1976). "The Gundestrup version of Táin Bó Cuailnge". Antiquity 50 (198): 95–103. doi:10.1017/S0003598X00070836. 
  14. 14.0 14.1 Powell, T. G. E. (1958). "The Celts". Thames & Hudson. 
  15. Chadwick, Nora (1970). "The Celts". Pelican Books. 
  16. Caesar, Gaius Julius. "Commentarii de Bello Gallico". 
  17. MacBain, Alexander (1976). "Celtic Mythology and Religion": 69–75. Folcroft Library Editions. 
  18. Ross, Anne (1972). "Everyday Life of the Pagan Celts": 208. Carousel Books.