I miotaseolaíocht na nGael, bandia coimhdeachta Dhál Chais ba ea Aoibheall (Meán-Ghaeilge Aibell). Bean sí as tuaisceart na Mumhan ba ea i, agus cistí uirthi ar Charraig Liath, cnoc suite os cionn na Sionainne tuairim is dhá mhíle taobh ó thuaidh de Chill Dalua.[1][2] Bhí leannán ag Aoibheall darbh ainm Dubhlainn Ua hArtagáin. Bhí cláirseach dhraíochta aici, agus deirtí go bhfaighfí bás dá gcloisfí a chuid ceoil.[2][3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAibell
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata

Sanas cuir in eagar

D'fhéadfadh é go bhfuil an t-ainm fréamhaithe ón bhfocal aoibh(inn).[2][4] De rogha ar sin, b'fhéidir go bhfuil sé fréamhaithe ón Prótai-Cheiltis *Oibel-ā, "tine ar lasadh", le ciall "díograis".[5][3] Is dócha gurb ionann é *Oebla as Breatnais .

Le feiceáil cuir in eagar

An Buachaill Caol Dubh cuir in eagar

Sa dán An Buachaill Caol Dubh le Seán Ó Seanacháin song, taispeáineann Aoibheal í féin dó agus a dá chara, pótaire. Sa rann deireanach, geallann Aoibheall céad fear don chara dá bhfágfadh sé an file. Freagraíonn seisean nach dtréigfidh sé choíche a chairde. Admhaíonn Ó Seanacháin dá bharr nach mbainfidh sé choíche an lámh in uachtar ar a andúil.

Lady Gregory cuir in eagar

Insíonn Lady Gregory scéal faoi Aoibheall in am Chath Chluain Tarbh. Tá sí ag iarraidh cosc a chur ar a leannán, Dubhlaing ua hArtagáin, dul ag troid ann i dteannta le Murchadh mac Briain Bóramha. In ainneoin sin, téann sé agus maraítear é. [6]

Cúirt an Mheán Oíche cuir in eagar

Feictear Aoibheall go suntasach sa dán grinn den 18ú haois, Cúirt An Mheán Oíche le Brian Mac Giolla Meidhre. Is ise an breitheamh i gcás an fhile. Tugann Aoibheall an breithiúnas gur gá gach fear tuata pósadh roimh 21 bliain d'aois.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Donal O'Sullivan, "Songs of the Irish," lch. 127.
  2. 2.0 2.1 2.2 Ellis, Peter Berresford (1987), A Dictionary of Irish Mythology, Oxford: Oxford University Press, p. 24, ISBN 978-0-19-282871-2
  3. 3.0 3.1 Matson, Gienna: Celtic Mythology A to Z, lch. 1. Chelsea House, 2004. ISBN 978-1-60413-413-1
  4. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 3
  5. PCl-MoE Curtha i gcartlann 2006-01-14 ar an Wayback Machine, MoE-PCl Curtha i gcartlann 2011-05-14 ar an Wayback Machine "Cóip i gcartlann". Dáta rochtana: 2005-07-08.
  6. Lady Gregory, "Gods and Fighting Men," Cuid I, Leabhar IV ar sacred-texts.com