Is í an aibítir Laidineach (nó an aibítir Rómhánach) an córas scríbhneoireachta aibítreach is mó in úsáid ar fud an domhain sa lá atá inniu ann. Tá 26 litir sa bhun-aibítir, agus úsáidtear é, le roinnt modhnuithe, sa chuid is mó de theangacha na hEorpa (roinnt tíortha Oir-Eorpach in easnamh), i Meiriceá Thuaidh agus Theas, san Afraic Fo-Sahárach, agus in oileáin an Aigéin Chiúin.

WD Bosca Sonraí Córais ScríbhneoireachtaAibítir Laidineach
Cineálcóras scríofa agus script nádúrtha
Cruthú7 haois "RCh"
Bunaithe arOld Italic (en) Aistrigh
Stairhistory of the Latin alphabet (en) Aistrigh
ISO 15924Latn (215)
Treo téacsclé go deas
Raon UnicodeU+0041-005A,U+0061-006A, U+00AA,U+00BA,U+00C0-00D6,U+00D7-00F6,U+00F8-00FF, U+0100-017F, U+0180-024F, U+0250-02AF, U+02B0-02E4, U+1D00-1D25,U+1D2C-1D5C,U+1D62-1D65,U+1D6B-1D77,U+1D79-1DBE, U+1E00-1EFF, U+2071,U+207F,U+2090-209C, U+2102,U+2107,U+210A-2113,U+2115,U+2117-2125,U+2128,U+212A-2134,U+2139-213B,U+2141-214C,U+214E, U+2160-2188, U+2C60-2C7F, U+A722-A787,U+A78B-A7CA,U+A7D0-A7D1,U+A7D3,U+A7D5-A7D9,U+A7F2-A7FF, U+AB30-AB5A,U+AB5C-AB64,U+AB66-AB69, U+FB00-FB06, U+FF21-FF3A,U+FF41-FF5A, U+1D400-1D6A5, U+10780-10785,U+10787-107B0,U+107B2-107BA agus U+1D400-1D6A5
Léarscáil dáileacháin

Litreacha
A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V X Y Z
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v x y z

Baintear úsáid as litreacha eile freisin i dteangacha éagsúla, m.sh. w i mBéarla agus Gearmáinis.

Forbairt cuir in eagar

Seo an chéad aibítir Laidine a bhí ann A, B, C, D, E, F, H, I, K, L, M, N, O, P, Q, R, S, T, V, X. Cuireadh Y agus Z leis ar ball chun fuaimeanna ó theangacha eile a chur leis.

Nuair a cruthaíodh an aibítir Angla-Shacsanach bhí litreacha uile na Laidine ón am sin i gceist. Mar sin féin cuid de na litreacha atá sa Bhéarla anois níor tháinig siad isteach sa teanga sin ach le déanaí. An litir is déanaí a tháinig isteach ná ‘J’ nó ‘I’ agus eireaball air. Úsáideadh ‘I’ agus ‘J’ araon don litir chéanna agus níor glacadh le ‘J’ in aibítir an Bhéarla go dtí an naoú céad déag féin.