Bhíodh Ceiltis na nOileán á labhairt ag Ceiltigh na nOileán, lonnaithe i nÉirinn, sa Bhreatain agus sa Bhriotáin. Úsáidtear an téarma do dhreamanna Ceilteacha ón Iarannaois tríd an ré Rómhánach go dtí an luath-mheánaois, ina measc Briotanaigh Cheilteacha, na Cruithnigh agus na Gaeil.

Bosca Sonraí Grúpa DaonnaCeiltigh na nOileán
Cineálgrúpa daoine
Ball deNa Ceiltigh
Éire agus an Bhreatain i lár na chéad mílaoise, roimh ionradh na nAngla-Shacsanach sa Bhreatain.

██ Briotanaigh Cheilteacha.

██ Cruithnigh.

██ Gaeil.

Miodóg Cheilteach a fuarthas sa Bhreatain.

Leath teangacha na gCeiltigh ar fud na noileán le linn na Cré-umhaoisé agus go luath le líne na hIarannaoise. Tá dhá fhine ann: Briotainic san oirthear agus Gaeilis san iarthar. Cé go bhfuil fianaise scríofa ann ar Cheiltis na Mór-Roinne ón séú haois RC, rud a ligint le cinnteacht d'athchruthú a dhéanamh ar Phrótai-Cheiltis, ní fheictear Ceiltis na nOileán go dtí go luath sa chéad mhílaois.

Bhí creideamh ildiachach ag Ceiltigh na nOileán, faoi réim na ndraoithe.

Bhí naisc láidre ag roinnt desna treibheanna as deisceart na Breataine leis an mór-roinn, go háirithe leis an nGaill agus leis an nBeilg. Bhuail siad a gcuid bíonn féin.

Rinne Impireacht na Róimhe ionradh ar an mBreatain sa chéad aois AD agus chuir faoina smacht, agus d'éirigh cultúr Rómhánach-Briotanach chun cinn san oirdheisceart. D'fhan Briotanaigh agus Cruithnigh sa tuaisceart, agus na Gaeil i nÉirinn, laistigh den impireacht. Le meath ré na Rómhánach sna 400í, lonnaigh treibheanna Angla-Shacsanacha san oirdheisceart, agus roinnt Gael san iarthar. Tháinig na Gaeil chun cinn san Albain. D'imigh roinnt Briotanaigh go dtí Armorica le linn na ré seo.

Faoin 10ú haois, bhí Ceiltigh na nOileán scartha de réir áite agus teanga:

Bhí roinnt Ceilteach eile lonnaithe i dtuaisceart Sasana agus deisceart na hAlban, agus i dteannta sin 'séard a bhí fágtha desna Cruithnigh i dtuaisceart na hAlban.