I Miotaseolaíocht na nGael, ba chine osnádúrtha iad na Fomhóraigh (Sean-Ghaeilge Fomóire[1]). Cuireadh u láthair go minic iad mar neacha naimhdeach arrachtacha, a tháinig ón fharraige nó ón bhfothalamh. Níos deireanaí, deirtear gurbh fhathaigh agus foghlaí mara iad. Ba naimhde iad de na chéad lonnaitheoirí na hÉireann agus chéile comhraic de na Tuatha Dé Danann,[2] an cine osnádúrtha eile i miotaseolaíocht na nGael. Ba chasta é an gaol idir eatarthu, agus phós roinnt dá bhaill agus bhí páistí acu. Dá bharr sin, samhlaítear na Fomhóraigh leis na jötnar i Miotaseolaíocht Ioruach.

Na Fomhóraigh, i léaráid le John Duncan (1912)

De réir na miotaseolaíochta, ba dhéithe iad na Fomhóraigh a léiríonn cumhachtaí díobhálacha an dúlra; anord, dorchadas, bás, meath agus triomach ina mbeatha.[3][4][5] I gcodarsnacht le seo, is amhlaidh go léiríonn na Tuath Dé na cumhachtaí fáis agus sibhialtaithe.

Níos deireanaí fós, tugtaí Fomhóraigh ar fhoghlaithe faoi chónaí nó ruathairí na mara, agus rinneadh dearmad ar bhrí bhunúsach an fhocail.

Sanasaíocht

cuir in eagar

As Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge, tugtar Fomóire/Fomóiri ar an gcine, agus Fomóir ar duine amháin acu. As Meán-Ghaeilge, feictear chomh maith Fomórach/Fomóraiġ.

Níltear ar aon tuairim ó thaobh na sanasaíochta de. Is léir anois dhó bhfuil an chéad chuid fréamhaithe ón tSean-Ghaeilge fo (faoi). Is doiléir é brí an dara cuid, áfach. Moltar de réir scríbhneoirí na meánaoise go mb'fhéidir go raibh mur (muir) i gceist, le brí iomlán "daoine faoin fharraige.[6][7] Tá monaí eile ann go bhfuil an fhréamh ná mór, le brí is amhlaidh "na daoine móra fo(dhomhain)". Agus tá tríú moladh ann a bhfuil tacaíocht aige i measc scoláirí, go bhfuil fréamh Ind-Eorpach ann sa chuid Mor, le brí sceimhle nó gránnachas, gaolmhar leis an Sean-Bhéarla maere (a caomhnaítear fós san fhocal "nightmare").[8][9] Más fíor, chiallóidh an t-ainm "deamhain fho(dhomhain)". Baineann Marie-Louise Sjoestedt ciall as an ainm mar "deamhain folaithe", ag rá go bhfuil na Fomhóraigh "...ar nós cumhachtaí an anoird, i gcónaí ann ach folaithe agus doicheallach leis an ord cosmach".[5]

Craobh ghinealaigh

cuir in eagar

Faightear sa lámhscríbhinn Rawlinson B 502 ginealach iomlán na bhFomhórach, ag dul siar go Naoi (fáidh) an Bhíobla, an 10ú glúin ó Ádhamh agus Éabha.[10]

Insítear i Rawlinson B 502, Cuid 26, leathanach 330:[10]

"Bress m. Elathan m. Delbáeth m. Deirgthind m. Ochtaich m. Sithchind m. Molaich m. Lárgluind m. Ciarraill m. Fóesaim m. Meircill m. Leccduib m. Iachtaich m. Libuirnn m. Lathairn m. Soairtt m. Sibuirt m. Siuccat m. Stairnn m. Saltait m. Cair m. h-Iphit m. Philist m. Fuith m. Caim m. Nóe m. Laméch".

De réir téacs i Leabhar na hUidhre, bhí chorp an duine agus ceann an ghabhair acu, nó go raibh súil amháin, lang abhainn agus chúis amháin acu. Bhí roinnt eile acu ámh an-álainn, mar shampla Elatha, athair Bhreasa, agus Breis féin.

Miotaseolaíocht na nGael

cuir in eagar

Parthalán

cuir in eagar

Insítear i miotas na meánaoise gurbh é Parthalán agus a mhuintir an chead dream a tháinig fo hÉirinn, ach go raibh n Fomhóraigh ann chéanna féin. De réir Seathrúin Chéitinne, tháinig siad dhá chéad bhliain roimhe sin, agus Cichol Gricenchos ina cheannaire, agus mhair ar iasc agus éineoil go dtí teacht Pharthaláin, ag tabhairt an chéachta agus daimh. Chloígh Parthalán Cichol sa Cath Maighe Iotha, ach d'éag a mhuintir go léir den phlá.

Deirtear go raibh Éire neamháitithe le tríocha bliain tar éis bás Pharthaláin, ach nuair a tháinig ansin Neimheadh agus a mhuintir, bhuail siad leis na Fomhóraigh. Insíonn Céitinn níos eile ansin, gur fhir fharraige iad na Fomhóraigh as an Meánoirthear, sliocht de Caim mac Naoi. Chloígh Neimheadh iad i roinnt cathanna, agus mharaigh sé a ríthe Sengann agus Gann.[11] D'éirigh ceannairí nua na bhFomhórach aníos ina n-ionad: Conand mac Faebar, a mhair i dTúr Conand ar Oileán Toraí, Dún na nGall; agus Morc mac Dela (dúradh gur mhac Dela iad muintir an chéad ghlúin de na Fir Bholg).

Tar éis bás Neimhidh, chuir Conand agus Morc a mhuintir faoi smacht agus d'éiligh cáin dhian: dhá thrian dá pháistí, a gcuid gráin agus a gcuid bólachta. Chruinnigh mac Neimhidh Fergus Lethderg arm de seasca míle fear, d'éirigh in éadan na bhFomhórach agus scrios túr Conand. D'ionsaigh Morc le cabhlach ollmhór, agus bhí ár mór ar gach taobh acu. Tháinig tonn tuile ansin agus bádh na hiarsmaí, a bheag nó a mhór. Níor éalaigh ach tríocha de mhuintir Neimhidh in aon long amháin, scaipthe anseo is ansiúd ar fud an domhain.

Ba iad na chéad ionraí eile ná na Fir Bholg, ach níor bhuail siadsan leis na Fomhóraigh.

Tuatha Dé Danann

cuir in eagar

Ba iad na Tuatha Dé Danann an chéad chine eile a rinne ionradh ar an tír. Chloígh siad na Fir Bholg sa chéad Cath Maighe Tuireadh agus d'éirigh ina gceannas ar Éirinn. Toisc go raibh lámh caillte ag a gceannaire Nuada sa chath, ní raibh sé fóirsteanach a thuilleadh mar rí, dá bharr ba é i ndáiríre an leath-Fhomhórach Breas an chéad rí na dTuath Dé in Éirinn. Mac Ériu na dTuatha Dé agus Elatha na bhFomhórach an ea é; tháinig Elatha chuici ar mhuir oíche amháin ar long airgid. Deirtear gurbh an-álainn iad Elatha agus Breas araon, ach sa deireadh ba dhroch-rí é Breas, a chur na Tuatha Dé faoi smacht agus iallach orthu cáin a íoc do na Fomhóraigh. Chaill sé a seasamh tar éis aoradh a rinneadh air as an neamhshuim a thug sé dá dhualgas ríoga na córa. Tháinig Nuada' i réim agus lámh nua airgid déanta dó (Nuada Airgeadlámh), ach leanadh leatrom na bhFomhórach ar na Tuatha Dé.

Theith Breas chuig a athair, Elatha, agus d'iarr sé cuidiú air chun é a chur ar ais í gcoróin. Dhiúltaigh Elatha, óir nára chóir dó bhaint amach ar ais nárbh fhéidir leis coinneáil ar éigean. Chuaigh Breas in áit sin i muinín Bhalair, taoiseach Fomhórach níos cogúla a bhí ina chónaí ar Oileán Toraí, agus chruinnigh arm.

D'ullmhaigh na The Tuatha Dé Danann le haghaidh cogaidh, faoi cheannas leath-Fhomhórach eile, Lugh. Ba é Cian na dTuath Dé a athair, agus Eithne iníon Bhalair a mháthair. Sna téacsanna luatha, deirtear gur pósadh ríoraíoch é, ach sa bhéaloideas caomhnaítear scéal níos casta, a chuireann i gcuimhne scéal Pherseus as Miotaseolaíocht na Gréige, mar a leanas.

Tugadh tairngreacht do Bhalar go maródh a gharmhac é. Chun é seo a chosc, chuir sé Eithne faoi ghlas sa túr 'saige ar Oileán Toraí. Ach ghoid Balar bó draíochta Chian, agus mar chúiteamh, d'éirigh leisean, le cuidiú ó bhandraoi darbh ainm Biróg, isteach sa túr agus mheall sé Eithne. Thug sí trírín ar an saol, a d'ordaigh Balor go mbáfaí iad. Fuair beirt acu bás (nó rinneadh na chéad rónta díobh), ach shábháil Biróg ceann amháin dóibh, Lugh féin, agus thug é go Manannán agus Tailte mar thuistí altrama. Agus é fásta, Lugh ligeadh isteach i gcúirt ríoga Nuada de bharr a sároilteachta de gach ealaíon, agus ceapadh é mar cheannaire an airm.

Troideadh an dara Cath Maighe Tuireadh idir na Fomhóraigh faoi cheannas Bhalair agus na Tuatha Dé faoi cheannas Luighe. Mharaigh Balar Nuada lena shúil uafáis nimhneach. Chuaigh Lugh i gcomhrac aonair lena sheanathair, agus chaith urchar cloiche isteach ina shúil agus Balar á hoscailt. Sádh a shúil glan amach as a chinn, ag déanamh léirscrios ar arm na bhFomhórach taobh thiar dó. Tar éis bás Bhalair, chloígh na Fomhóraigh agus ruaigeadh isteach san fharraige iad.

Tá an-ghaol idir na Tuatha Dé Danann agus na Fomhóraigh. Ba shinsear é Neit, dia cogaidh, iad araon.

Foghlaim Chú Chulainn

cuir in eagar

Bhí na Fomhóraigh fós ar an bhfód i ré Chú Chulainn. Sa scéal na meánaoise dar teideal Foghlaim Chú Chulainn, caomhnaithe mar chóip ag Richard Tipper sa British Library, Egerton 106, insítear a leanas:

Then they parted from each other, and Cúchulainn went and looked forth on the great sea. As he was there he beheld a great assembly on the strand nearest to him, to wit, a hundred men and a hundred women seated in the bosom of the haven and the shore, and among them a maiden shapely, dear and beautiful, the most distinguished damsel of the world's women, and they a-weeping and lamenting around the damsel. Cúchulainn came to the place and saluted them. 'What is this sorrow or the misery upon you?' says Cúchulainn. The damsel answered and this she said: ‘A royal tribute which the tribe of Fomorians carry out of this country every seventh year, namely, the first-born of the king's children. And at this time it has come to me to go as that tribute, for to the king I am the dearest of his children. ‘What number comes to lift that tribute?’ asks Cúchulainn. ‘Three sons of Alatrom of the Fomorians,’ she answers, ‘and Dub, Mell and Dubros are their names.’ Not long had they been at those talks when they saw the well-manned, full-great vessel approaching them over the furious waves of the sea. And when the damsel's people saw the ship coming, they all fled from her, and not a single person remained in her company save only Cúchulainn. And thus was that vessel: a single warrior, dark, gloomy, devilish, on the stern of that good ship, and he was laughing roughly, ill-fatedly, so that every one saw his entrails and his bowels through the body of his gullet. ‘What is that mirthfulness on the big man?’ asks Cúchulainn. ‘Because,’ says the damsel, ‘he deems it excellent that thou shouldst be an addition to his tribute in this year rather than in any other year.’ ‘By my conscience,’ says Cúchulainn, ‘it would not be right for him to brag thus regarding me if he knew what would come of it.’ Then the big man came ashore to them into the strand, and stretched forth his long, sinewy, hideous arm to seize Cúchulainn in the very front of his royal tribute. Straightway Cúchulainn raised his right hand, and bared his sword, and gave a blow to the big man and struck off his head, so that he was the first that fell by Cúchulainn after having completed his training. And thereafter the other two fell by him, and he left them thus, neck to neck.[12]

Roinnt Fomhórach

cuir in eagar
  • fomóir ar eDIL.
  • Meyer, Kuno. Über die älteste irische Dichtung II. Rhythmische alliterierende reimlose Strophen. Abhandlungen der Königlich Preussischen Akademie der Wissenschaften. Berlin, 1914.
  • Rhys, John. Lectures on the origin and growth of religion as illustrated by Celtic heathendom. Londain agus Dún Éadain, 1888, lch. 490.
  • Sjoestedt, Marie-Louise. Gods and Heroes of the Celts. Londain, 1949. Aistrithe ag Myles Dillon Dieux et héros des Celtes le Sjoestedt, Páras, 1940.
  • Stokes, Whitley. "The Second Battle of Moytura." Revue Celtique 12 (1891), ll. 52–130, 306–08.
  • — (eag. agus aistr.). "The Training of Cúchulainn." Revue Celtique 29 (1908), ll. 109–47. Edition agus translation le fáil ar CELT.
  • Thurneysen, Rudolf. Die irische Helden- und Königsage bis zum siebzehnten Jahrhundert. 2 iml. Halle: Max Niemeyer, 1921.

Tuilleadh le léamh

cuir in eagar
  • Carey, John. "Native elements in Irish pseudohistory." In Cultural identity and cultural integration: Ireland and Europe in the early Middle Ages, eag. Doris R. Edel. Blackrock: Four Courts, 1995, ll. 45–60. ISBN 1-85182-167-8.
  • Gray, Elizabeth A. "Cath Maige Tuired: Myth and structure (24–120)." Éigse 19 (1982), ll. 1–35.
  • Gray, Elizabeth A. "Cath Maige Tuired: Myth and structure (84–93, 120–167)." Éigse 19 (1983), ll. 230–262.
  • O'Rahilly, Thomas Francis. Early Irish history and mythology. Baile Átha Cliath, 1946.
  1. fomóir ar eDIL
  2. Carey, John. "Fomoiri", in The Celts: History, Life, and Culture. Eagraithe ag John T. Koch. ABC-CLIO, 2012, lch. 355
  3. MacCulloch, John Arnott. The Religion of the Ancient Celts. The Floating Press, 2009, ll. 80, 89, 91
  4. Smyth, Daragh. A Guide to Irish Mythology. Irish Academic Press, 1996, lch. 74
  5. 5.0 5.1 Sjoestedt, Gods and heroes of the Celts, ll. 4-5
  6. Rhys, Lectures on the origin and growth of religion (1888), lch. 591.
  7. Feictear in O'Mulconry's Glossary, Baile Átha Cliath, TCD MS 1317, lch. 42b, "Fomoir .i. fo mhuir ut alii putant, ł a fomo fl{?}o ambiae fl{?}i acain a quo nominatunt{?}." Early Irish Glossaries Database.
  8. Stokes, "Second Battle of Moytura," lch. 128.
  9. Thurneysen, Die irische Helden- und Königsage bis zum siebzehnten Jahrhundert. 2 vols. Halle: Max Niemeyer, 1921, lch. 64.
  10. 10.0 10.1 Ginealaigh ó Rawlinson B 502, Section 26, page 330 to 333, le fáil ar CELT.
  11. Bhí ann chomh maith ríthe na bhFear Boilg darbh ainm Sengann agus Gann.
  12. The Training of Cú Chulainn, eag. Stokes.