Cian
In Miotaseolaíocht na nGael, b'athair Lugh é Cian Scáil Bhalbh,[1] mac Dian Cécht na dTuath Dé Danann. I bhformhór na leaganacha, is í Eithne, banríon na bhFomhórach, máthair Lugh; [2] ach i leaganacha áirithe, tá aithne ar Chian mar Ethlend, agus dá bharr, tá aithne ar Lugh mar Lug mac Ethlend[3]
Cath Maighe Tuireadh
cuir in eagarSa seanscéal Cath Maighe Tuireadh, is pósadh ríoraíoch é an cleamhnas idir Cian agus Eithne, mar chuid de chomhghuaillíocht idir na Tuatha Dé agus na Fomhóraigh.[4] I Leabhar Gabhála na hÉireann, thug Cian a mhac Lugh go Tailte, banríon na bhFear Boilg, mar mhac altrama.
Oidheadh Chloinne Tuireann
cuir in eagarIs in Oidheadh Chloinne Tuireann a insítear an scéal faoi bhás Chiain, agus an díoltais a bhain Lugh amach ar na déantóirí coire. Ní caomhnaítear an scéal iomlán ach i lámhscríbhinní déanacha, cé go bhfuil achoimrí le fáil i leaganacha na meánaoise den LGE.
Sa scéal úd, maraíodh Cian ag mic Thuirinn — Brian, Iuchar agus Iucharba — tar éis dó teipthe éalú uathu i riocht muice (nó oircce san LGE).[3] Mar díoltas, chuir Lugh iad ar shraith eachtraí dodhéanta mar dhea. D'éirigh leo i ngach eachtra, ach gortaíodh iad go marfach ag déanamh an chinn dheireanaigh. In ainneoin achainí Thuirinn, cheil Lugh orthu rud áirithe a fuair siad a úsáid, seithe muice a leigheasadh gach cneá. Fuair siad bás dá gcneácha, agus fuair Tuireann bás le briseadh croí thart ar a gcoirp.[5]
Béaloideas
cuir in eagarIs amhlaidh go raibh lánleagan de scéal Chiain ar lorg cleamhnais i seanscéalta na meánaoise, ach ní chaomhnaítear anois é ach sa béaloideas, go háirithe i scéal na ba draíochta, Glas Gaibhnen, bailithe ag William Larminie.[6] Tá scéal mar an gcéanna leis an mbó úd, a d'inis Shane O'Dugan ó Oileán Thoraí do John O'Donovan in 1835, ach go bhfuil ainm an laoich truaillithe go "Mac Cinnfhaelaidh".[7]
Thóg Lady Gregory an dá leagan agus chuir le chéile iad. De réir a hathinsint, chuala Balar, rí na bhFomhórach, tairngreacht draoi a deir go maródh a gharmhac féin é. Chun an chinniúint seo a chosc, chuir sé a aon-iníon faoi ghlas sa Túr Mór ar Oileán Thoraí. Rinne beirt bhan déag cúram di, a d'fhéach chuige nach mbuailfeadh sí le fear choíche, ná nach bhfaigheadh fiú eolas a mbeithsine.
Ar an mórthír, bhí bó dhraíochta ag fear darbh ainm Mac Cinnfhaelaidh. Tugann an bhó an oiread sin bainne go raibh fonn ar chách, Balor ina measc, í a bheith aige. Agus deartháir Mhic Cinnfhaelaidh, Mac Samthainn, ag tabhairt aire sin bhó, tháinig Balar ar an bhfód i riocht buachalla bhig rua, agus bhuail sé bob air an bhó a thabhairt dó. Ag lorg díoltais, d'iarr Mac Cinnfhaelaidh ar leannán sídhe darbh ainm Biróg, a d'iompaigh é le draíocht go barr túr Bhalair, áit a luigh sé le hEithne.
In am trátha, rugadh trírín di, ach bhailigh Balar i mbraillín iad agus sheol iad chun a mbás, báite i bpoll súraic. Bháigh an giolla beirt dóibh, ach thit leanbh amháin trí thimpiste isteach sa chuan, áit a tharrtháil Biróg é. Thóg sé é chuid a athair, a thug in altramas dá dheartháir, Gaibhne an gabha.[8][9][10]
Foinsí
cuir in eagar- Macalister, Robert Alexander Stewart, 1870-1950 (1941). "Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland" ITS 41 (LGE Part IV). Oxford University Press., "Part VII: Invasion of the Tuatha De Danann", ¶304-¶377.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Leabhar Gabhála na hÉireann, Macalister, 1941, §330, ll. 148-; §368, ll. 186-
- ↑ Macalister, 1941, §311, lch. 117
- ↑ 3.0 3.1 Macalister, 1941, §319, ll. 135-137
- ↑ Whitley Stokes (eag. agus aistr.), "The Second Battle of Moytura", Revue Celtique 12, 1891, lch. 59
- ↑ "The Children of Tuireann". P.W. Joyce (aistr.), 1879. Old Irish Romances.
- ↑ Larminie, William (1893). "West Irish Folk-tales and Romances" (Internet Archive) 1: 1–9. Elliot Stock. “"The Gloss Gavlen" (oral), told by John McGinty, Achill Island”
- ↑ O'Donovan, John (1997). "The Antiquities of County Clare: Ordnance Survey Letters 1839" (snippet): 21-. Clasp Press. “"The Cow," from John Reagh O'Cahane, tailor, of Corofin et al.” (Repr. Borlase, William Copeland (1897), The Dolmens of Ireland (google), vol. 3, London: Chapman & Hall, pp. 883-)
- ↑ John O'Donovan (eag. agus aistr.), Annala Rioghachta Éireann: Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters Vol. 1, 1856, ll. 18-21, fonóta S
- ↑ T. W. Rolleston, Myths and Legends of the Celtic Race, 1911, ll. 109-112
- ↑ Lady Gregory, Gods and Fighting Men, 1094, ll. 27-29.