Brian (miotaseolaíocht)

duine de thriúr mac Tuireann na dTuath Dé Danann
(Athsheolta ó Iuchar)

I Miotaseolaíocht na nGael, ar duine de thriúr mac Tuireann na dTuath Dé Danann ba ea Brian, i dteannta le Iuchar agus Iucharba.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarBrian
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Cruinnemiotaseolaíocht na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
MáthairDanu Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLugh Cuir in eagar ar Wikidata
SiblíníIucharba agus Iuchar Cuir in eagar ar Wikidata
"Brian Seizes the Pig-Skin", léaráid le J. H. Bacon, c.1905.

Oidheadh Chlainne Tuireann

cuir in eagar

Shocraigh an triúr deartháireacha, Cian, namhaid a n-athair, agus é féin athair Lugh, a mharú. Chuaigh Cian i riocht muice, chun é féin a chur as aithne, ach chuaigh na deartháireacha i riocht cúnna, agus chuaigh ar a thóir. Mharaigh siad é agus shrac a chorp as a chéile. Rinne siad iarracht a gcoir a cheilt, ach rug Lugh orthu ar ball beag. Mar éiric, sheol sé ar tóraíocht iad ar fud an domhain, chun airm draíochta a thabhairt ar ais, a bhí ar intinn ag Lugh feidhm a bhaint astu sa Dara Cath Maighe Tuireadh. D'éirigh leo gach a raibh ó Lugh, ach d'fhill siad go hÉirinn agus iad gortaithe go dona. D'impigh siad ar Lugh iad a leigheas, ach dhiúltaigh sé. Fuair siad bás, agus fuair Tuireann bás de chumha thar a n-uaigheanna.

I leagan amháin ar a laghad den scéal, is é Brian an té a bhí glic agus grinn, siúd is nach raibh stuaim ná meabhair ag a dheartháireacha, agus an-uamhan orthu i láthair Bhriain.

Cuireadh scéal Clainne Tuireann i gcomórtas le hArgonautica Gaelach.[1]

Béaloideas na hAlban

cuir in eagar

I mbéaloideas níos déanaí na hAlban, b'fhear mórchúiseach é Brian, a thug cabhair don Chailleach chun Deò-ghrèine a tharrtháil.

Cultúr na ndaoine

cuir in eagar

Is príomhphearsa é Brian san úrscéal As Baile: A Story le Patrick Magee, a athinsíonn scéal Mhic Tuireann.

  1. "The Children of Tuireann". P. W. Joyce (aistr.). 1879. Old Irish Romances. C. Kegan Paul & Co.