Sa bhéaloideas agus miotaseolaíocht na nGael, bó thorthúlach ab ea Glas Gaibhneann (nó Gaibhleann, Gamhain srl.), a tháladh bainne go raidhseach.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarGlas Ghaibhneann
Cineálainmhí miotasach
cattle in religion and mythology (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid demiotaseolaíocht na nGael, An Fhiannaíocht agus Na Scéalta Miotaseolaíochta Cuir in eagar ar Wikidata

Déanann Patrick Power cur síos ar 'Ghlas Gamhain' agus 'Bó Bhán' (gaolta le Bóinn) mar neacha miotasacha a bhfuil gnéithe tírdhreacha nó réimsí uisce go minic ainmnithe astu. Scríobh Patricia Monaghan gur bhandia í Glas Ghaibhleann ceangailte go minic le haibhneacha.[2]

Cuireadh an scéal le chéile le hábhair bona fide meánaoiseacha breise, um athinsint gan uaim a chruthú. Téann Cian ar tóir bhó dhraíochta, buaileann sé le hiníon Bhalair, titeann i ngrá agus gineann an leanbh, Lugh. Tá leagan le Lady Gregory le fáil, chomh maith le dá scéal tíre sách éagsúla.[3][4]

Sanasaíocht cuir in eagar

Táthar ar aon intinn maidir leis an dath Glas, ach tá tuairim nó dhó ann as an gcuid Gaimhneann. Dar leis an Donnabhán, fréamhaithe ón tuiseal ginideach den fhocal gaibhne atá sé. Más fíor, 'séard atá i gceist ná (Bó) Ghlas an Ghabha. Ach d'fhéadfadh é, dar leis an staraí eaglaise agus eolaí logainmneacha Patrick Power, go bhfuil foirm den fhocal gamhain i gceist.[5]

Leagan le Lady Augusta cuir in eagar

Bhí a fhios ag Balar dá bharr tairngreacht a dhraoithe go maródh a gharmhac féin é. Chun an chinniúint seo a chosc, he sequesters his only daughter Ethlinn.[6] Ag an am sin, bhí triúr deartháireacha Gaibhne gabha, Samhthainn agus Cian ina gcónaí ag Droim na Tine[7], agus an bhó dhraíochta the Glas Gaibhneann acu. Lá amháin, tháinig Cian go ceárta Ghaibhne chun claíomh a dhéanamh ann, ag fágaint Samhthain i bhfeighil na ba. Tháinig Balar ar an bhfód, agus d'imir sé cleas ar Shamhthain neamhaire, agus ghoid Balar an bhó. D'iarr Cian cabhair ón mbandraoi Biróg an tSléibhe, a thug le fios dó nach bhfaighfí an bhó ar ais fad is a bhí Balar fós ina bheatha.

Sa leagan seo, athraíonn príomhchúram an scéil, agus is scéal gan insint é cinniúint na ba.[3]

Béaloideas bailithe ag Larminie cuir in eagar

Tá dhá chuid ag an leagan le William Larminie[8], darb ainm "The Gloss Gavlen".

D'fhostaigh Balar siúinéir darbh ainm Gobán Saor chun baoth-chaiseal mór a thógáil dó. Um tiarnaí eile a chosc an siúinéir a fhostú chun caiseal níos fearr ná a cheann leis féin a thógáil, shocraigh Balar an siúinéir a mharú. Thug iníon Bhalair rabhaidh do Ghobán, agus a bhuí léi, deir sé nárbh fhéidir leis an saothar a chríochnú gan trí uirlis ar leith ag a thighse, agus cuireadh mac Bhalair amach chun iad a bhailiú. Agus an gasúir seo feicthe ag a bhean, thuig sí an scéal, agus chuir sí i bhfolach é laistigh den chiste uirlisí. Agus an buachaill ina ghiall, d'éiligh sí ar Bhalor íocaíocht chuí agus saoradh a fear céile.

Ar a shlí amach, mhol an siúinéir Gabhaidín Go, gabha, chun ceardaíocht iarainn an chaisil a dhéanamh, ach dúirt sé le Gabhaidín gach luach a dhiúltú ach "an Glas". Ghlac Balar le seo, ach de chleas níor thug sé dó an "téad bóithígh," agus gan é rachadh an bhó amú. Bhí an gabha i seilbh na ba, ach bhí baol ann go síoraí go rachadh sí ar strae, agus dá bharr b'éigean dó gaiscígh a fhostú ó ló go ló chun dul léi sall agus anall ón bhféarach. Thug an gabha mar chúiteamh claíomh as a cheárta.

Sa sraith deiridh den scéal, ghlac "Cian mac Cáinte" leis an deis a chlaíomh a fháil, ach trí easpa cúraim, lig sé an bhó dul amú. B'éigean dó dá bharr a cheann a thabhairt ar an inneoin, ach d'iarr sé cairde trí lá, agus d'imigh leis chun an bhó a fháil ar ais. Ar an trá, bhuail sé le Manannán mac Lir ag feitheamh air i gcurach, réidh chun é a thabhairt go dtí an bhó, ach leath dá bhrabach mar chúiteamh. Tháinig siad i dtír san 'fhearann fuar', áit a d'ití feoil amh, agus fostaíodh Cian mar chócaire, scéalaí, agus fear na tine.

Ar deireadh, a bhuí le piocadh draíochta Mhanannáin, bhí Cian in ann tharraingt isteach i seomraí iníon Bhalair. Tar éis den chailín mac a thabhairt ar an saol dó, d'fhág Cian ghiollacht Bhalair, agus d'imigh leis ar bhord churach Mhanannáin leis an leanbh agus an téad eallaigh. Chonaic Balar seo agus mhúscail sé tonnta móra agus lasracha ar muir, ach chuir Manannán ina n-aghaidh le gaisce draíochta níos tréine. Ar son a chabhrach, thóg Manannán an leanbh ar altramas faoin ainm Dal Dauna. Mínítear an t-ainm seo mar vvv de "Ioldána", an fuath leasainm do Lugh[9] Lá éigin, tharla sé go bhfaca an buachaill Balar ag gabháil thart ina long. Chaith sé ga agus mharaigh sé Balar.[8]

Béaloideas bailithe ag an Donnabhán cuir in eagar

De réir scéil bailithe go neamhspleách ag an Donnabhán, bhí triúr deartháireacha, Gabhaide, Mac Samhthiann, agus Mac Cinnfhaelaidh (Ceannfhaola) ina gcónaí ar oileán amach ón gcósta i gContae Dhún na nGall. Gabha ab ea Gabhaide, agus a cheárta aige ag Droim na Tine. Bhí Mac Ceannfhaola (arab ionann é agus Cian) ina thiarna áitiúil agus i seilbh na ba inmhianaithe, Glas Gaibhleann.

Trasna na dtonnta ar oileán Toraí, bhí Balar ina chónaí. Bhí súil amháin aige i lár a éadain agus súil eile ar chúl a chinn, lenarbh fhéidir leis cloch a dhéanamh de neach ar bith. Thug a dhraoithe tairngreacht dó go maródh a gharmhac é, agus dá bharr chuir sé a aon-iníon Eithne faoi ghlas i dtúr tógtha ar charraig dhoshroichte.

Tháinig Balari dtír chun Glas Gaibhleann a fhuadach. Bhí gnó ag an gCeannfhaola leis an ngabha, agus mar ba ghnách leis, d'fhág sé téad na ba faoi chúram mhic tSamhthainn. Tháinig Balar ansin i dtreo mhic tSamhthainn agus ar sé leis i gcogar go raibh an bheirt eile ag obair go rúnda as lámh a chéile, an chruach go leor a úsáid chun claíomh a dhéanamh don Cheannfhaola, agus an cheann dó féin a dhéanamh as iarrann. D'imigh leis an Samhthann chun fiosrú. Faoin am ar thug na deartháireacha faoi ndeara é, bhí Balar cheana féin leath-trasna an chaolais idir an dá oileán agus an bhó leis ina churach.

Bhí leannán-sidhe darbh ainm "Biróg an tSléibhe" ag an gCeannfhaola, agus dúirt sí go gcabhródh sí leis um an bhó a fháil ar ais. Ní raibh sí in am ámh ach tús a chur le treascairt Bhalair, agus ní soiléir é ón scéal an bhfuarthas ar ais an bhó ariamh.

Seanscéal áitiúil tíreolaíochta cuir in eagar

Tá fothrach dolmaine darb ainm Leaba na Glaise le feiceáil i Sealaí, Contae an Chláir,[10] agus deirtear gur le gabha miotasach é, nó Mac Ceannfhaola nó Lon Mac Liomhtha (an gabha is amhlaidh a rinne san claíomh Mac an Lúin sa cheárta).[10] Sa chontae cheana tá Sliabh na Glaise[11] agus tá dolmain an darb ainm Carraig na Glaise'', áit chónaithe Lon mhic Liomhtha, gabha, is cosúil.[12]

An Fhiannaíocht cuir in eagar

Tá fiannaíocht eile bailithe ag an Donabhán, ina insítear gur bhall den Tuatha Dé Danann ab ea Lon, an gabha. Bhí lámh bhrollaigh sa bhreis aige, um a theanchair a bhreith[13][14]) and one leg to hop on.[15] Cothaíodh é ar feadh na mblianta ag bó a ghoid sé ón Spáinn, agus cuireadh an bhó seo ar féarach ar Shliabh na Glaise, agus ní raibh dóthain torthúlachta in aon áit ar bith eile ar fud na tíre. "Líonadh an bhó seo soitheach ar bith lena chuid bainne... ag aon bhleán amháin". Bhí beirt bhan ann tráth ag cur geallta ar soitheach a thógfadh a táirgeacht, ach nuair a thugadh criathar, chruthaigh bainne na ba seacht sruthán ag cur thar bruach.

Deirtear chomh maith go raibh crúba droim ar ais ag an mbó, agus gur chuir i gcónaí na rianta mar thoradh dallamullóg ar gadaí eallaigh ar a tóir.

Thug Lon cuairt ar Fhionn mac Cumhaill agus thug sé dúshlán na bhFiann rás a bheith acu. D'fhág Caoilte mac Rónáin cosluath ar deireadh é chuig Leaba na Glaise, ach nocht Lon ansin gur chleas cairdiúil ab ea an rás um Caoilte a thabhairt chuig a thigh ceárta agus sár-airm a ghaibhniú dá bhuíon gaiscíoch.[16]

Logainmneacha i gContae Chorcaí cuir in eagar

Sa Leabhar Place Names and Antiquities of S. E. Cork le Patrick Power (1917), tugtar cur síos ar roinnt logainmneacha ar fud an chontae, gaolta le bó sheanscéalach, an Bhó Bhán[17] agus Glas Gaibhneach/Gamhain/Gamhnach (tugann sé na trí litrithe seo).[5]

  • i bhFóite, ar Fota Island, Contae Chorcaí, bhí loch ann darbh ainm Loch na Bó, a cheaptaí go raibh a hainm fréamhaithe ó bhó seanscéalach ― an Bhó Bhán nó Glas Gaibhneach.Power 1917, p. 199
  • i mBaile Uí Óráin (gar do Mhainistir Fhear Maí) faightear tobar darb ainm "Tobar Gamhnach". D'fhéadfadh é gurbh í an bhó eipeamanach í Glas na seanscéalta. Cuid den abha na hAighlinne, a ritheann san fharraige taobh thiar den Sciobairín, is ea an tobar.Power 1917, p. 216

Foinsí cuir in eagar

Príomhfhoinsí cuir in eagar

  • Mackillop, James (1998), Dictionary of Celtic Mythology, New York: Oxford University Press
  • "Glas Gaivlen" (béaloideas), inste le Shane O'Dugan, Toraigh, 1835.
  • "The Gloss Gavlen" (béaloideas), inste le John McGinty, Acaill.
  • "The Cow," béaloideas bailithe ag O'Donovan, ó John Reagh O'Cahane, táilliúir, Cora Finne.

Fofhoinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Mackillop 1998, Dict. Celt. Myth., "Glas Ghaibhleann... Celebrated magical cow, white with green spots, whose inexhaustible supply of milk signalled prosperity"
  2. Monaghan, Patricia (2010) [1886], "Glas Ghaibhleann", Encyclopedia of Goddesses and Heroines, vol. 2, Santa Barbara: Greenwood, ISBN 9780313349935
  3. 3.0 3.1 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named gafm
  4. Heaney 1994, pp. 4–8
  5. 5.0 5.1 Power, Patrick (1917). "Place-names and antiquities of S.E. Cork, Ireland" (Internet Archive): 199, 205, 216. Hodges. 
  6. Tá an t-ainm seo litrithe de réir scoláireachta, ach is Eithne sa bhéaloideas bunúsach
  7. Squire 1904, pp. 447-
  8. 8.0 8.1 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named larminie
  9. Squire, 1904 & p-237, "Dul-Dana... This name, meaning, 'Blind-Stubborn', is certainly a curious corruption of the original Ioldanach"
  10. 10.0 10.1 Borlase 1897, p. 883 (béaloideas bailithe ag John O'Donovan ina Litreacha Shuirbhéireacht Ordanáis.
  11. Sliabh na Glaise
  12. Borlase 1897, " Deirtear go raibh Lon Mac Liomhtha ina chónaí i bpluais ar an sliabh seo. Is amhlaidh gur sheabhac, agus an chéad duine a rinne gaiscí faobhair sa cheárta in Éiríonn."
  13. "Bhí dhá láimh aige mar is gnách, agus d'fhás an tríú lámh, lenar chas sé iarainn na hinneonach, ó lár a bhrollaigh."
  14. Borlase 1897, iml. 3, lch. 884, ag lua Uí Dhonabháin
  15. Borlase 1897 loc. cit. "Ní shiúladh sé riamh mar is gnách... ach léimeadh óna sheastán le cumhacht solúbtha a choime agus a leise."
  16. Borlase 1897, a fhoinse ná O'Donovan, O.S.L. [Litreacha Shuirbhéireacht Ordanáis]   lch. 68. Foilsíodh na litreacha le déanaí mar O'Donovan 1997.
  17. Tá gaol idir an mBó Bhán agus an mbandia Boann