Gobán Saor
Pearsa i mbéaloideas na hÉireann is ea an Gobán Saor.[1] Tá trácht air i roinnt de na saothair Ghaeilge is sine dá bhfuil ann agus mhair sé i scéalta na ndaoine trí na glúnta. Deirtear gur saor sároilte é, ar a bhfuil ar a chumas eaglaisí a thógáil do na naoimh ar luas lasrach.
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | master builder (en) |
Breith | 7 haois |
Goibhniu cuir in eagar
Deirtear gurb ionann an Gobán Saor agus an sean-dia Ceilteach Goibhniu. Príomhghabha na dTuath Dé Danann ab ea Goibhniu. Ba iad Brigit agus Tuireann a thuismitheoirí. Na Trí Dé Dána a thugtaí ar Ghoibhniu agus a dheartháireacha Creidhne agus Luchtaine.
Gofannon cuir in eagar
Gofannon a thugtar air i miotaseolaíocht na Breataine Bige. Mac leis an mbandia Dôn a bhí ann.
Leabharliosta cuir in eagar
- Seán Ua Cearnaigh, An Gobán Saor (do léitheoirí óga), An Gúm 2007
Naisc sheachtracha cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan (2003)