Scríbhneoir Gaeilge ab ea Seán Ua Cearnaigh. Tháinig sé chun saoil i dTiobraid Árann ar 13 Meitheamh, 1933, ach bhí cónaí air i Loch Garman, áit a fuair se bás[1] i 2020.

Infotaula de personaSeán Ua Cearnaigh
Beathaisnéis
Breith13 Meitheamh 1933
Contae Thiobraid Árann, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Deireadh Fómhair 2020
87 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Cé gur bainisteoir foraoiseachta a bhí ann, bhí an-suim aige sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht. D'fhoilsigh sé aistí faoi stair cheantar Loch Garman chomh maith le húrscéalta beaga soléite le haghaidh léitheoirí óga. Bhí sé 65 bliain d'aois nuair a foilsíodh a chéad leabhar sa bhliain 1998. T

Ba bhall é de bhuanchoiste Chonradh na Gaeilge agus ainmníodh é d'uachtaránacht na heagraíochta sin.

Saothar cuir in eagar

Bhí cuid mhaith de na húrscéalta suite i dtréimhse chorrach éigin i stair na hÉireann agus ábhar tírghráúil á phlé iontu. Bhí stíl shoiléir nádúrtha aige agus bíonn a chuid leabhar oiriúnach chomh maith do na foghlaimeoirí fásta freisin.

Foilseacháin cuir in eagar

  • Ministrí Misniúla 1798, Coiscéim 1998
  • Buachaill ón mBaváir (úrscéal do léitheoirí óga), Cló Iar-Chonnachta 1999
  • Rún an tSléibhe (úrscéal do léitheoirí óga), Cló Iar-Chonnachta 2001
  • Roibeard Emmet agus 1803, Coiscéim 2003
  • Teachtaire Phádraig Sáirséal (úrscéal le haghaidh léitheoirí óga), Coiscéim 2004
  • Drumadóir na Dubhthíre (úrscéal do léitheoirí óga), Coiscéim 2005
  • Cill Chais (úrscéal le haghaidh léitheoirí óga), An Gúm 2006
  • An tOileán Rúnda (le haghaidh léitheoirí óga), Coiscéim 2006
  • An Gobán Saor (do léitheoirí óga), An Gúm 2007
  • Gleann na Mistéire (úrscéal le haghaidh léitheoirí óga), Coiscéim 2008
  • Scáil an Asailín (do léitheoirí óga), Coiscéim 2009

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Seán was a prolific writer and great family man" (en). independent. Dáta rochtana: 2023-03-01.