Osclóidh seo an príomhroghchlár

I Miotaseolaíocht na nGael, rí na Tuatha Dé Danann ab ea Breas (Sean-Ghaeilge Bres). Glaoitear go minic Eochaid Breas é. Ba iad a thuistí Elatha na bhFomhórach agus Ériu, iníon Dhealbhaodh. D'fhás sé chomh tapaidh sin, go raibh sé ar nós duine le ceithre bhliana déag aige, agus é ach a seacht mbliana d'aois. Ba rí gan gnaoi é, a bhí i leith a mhuintir Fomhórach.

Céad Chath Maighe TuireadhCuir in Eagar

Sa Chéad Chath Maighe Tuireadh, baineadh a lámh de Nuada na dTuath Dé Danann. Óir nach raibh sé iomlán a thuilleadh, níorbh fhéidir leis bheith ina rí. Ag iarraidh síocháin a chur chun cinn idir na Fomhóraigh agus na Tuatha Dé Danann, ceapadh Breas ina rí. Phós sé Brigit na dTuath Dé Danann, agus rugadh mac darb ainm Ruadhán díobh (a mharófaí ag iarradh Gaibhne a feallmharú).

Chuir Breas iachall ar na Tuatha Dé Danann cíos agus cáin a íoc do na Fomhóraigh agus obair mar sclábhaithe: cuireadh faoi deara d'Oghma adhmad tine a iompar, do Dbaghdha claiseanna a thochailt thar timpeall ar dhúin. Rinne sé faillí ina chuid dualgais aíochta: bhíodh na Tuatha Dé ag gearán, tar éis bealaithe a thabhairt air, nach mbíodh a sceana bealaithe, agus nach mbíodh boladh leanna ar a n-análacha. Chum Cairbre, file na dTuath Dé, dán géar feanntach ina choinne, a bhí ann chéad aoir in Éirinn, agus chuaigh gach rud ó rath do Bhreas ina dhiaidh sin.

Bhí Breas i réim le seacht mbliana nuair a vvv a lámh airgid, déanta ag Dian Céchtagus Creidhne, le láimh feola agus fola, déanta ag Miach mac Déin Chéachta, i dteannta lena dheirfiúr Airmed. Ina dhiadh seo, cuireadh Nuada i réim arís, agus díbríodh Breas. Chuaigh sé chuig a athair chun cabhair a iarraidh an coróin a atógáil, ach dhiúltaigh Elatha é, óir nára chóir dó a bhaint amach ar ais nárbh fhéidir leis coinneáil ar éigean.[1] Sheol a athair é chuig Balar, ceannaire eile na bhFomhórach, le haghaidh na cabhrach a bhí uaidh.

Dara Cath Maighe TuireadhCuir in Eagar

Bhí Breis i gceannas na bhFomhórach sa Dara Cath Maighe Tuireadh ach cloíodh é. Tháinig Lugh air gan cosaint ar an ármhá, Lugh agus d'impigh sé ar son a bheatha. Níor mharaigh Lugh é toisc gur a gheall sé tíreolaíocht a mhúineadh do na Tuath Dé.

BásCuir in Eagar

Insítear conas ar mharaigh Lugh Breas i ndán de chuid an dinnseanchais. Rinne Lugh 300 bó adhmaid, agus chur sé iontu leacht dearg nimhneach, a "chrúigh" sé isteach i ngogáin agus thairg do Bhreas chun ól, 'séard a rinne Breas, a raibh faoi gheis gan chóir a dhiúltú, gan cúbadh, agus d'éag sé dá bharr.[2] Luaitear an scéal seo go hachomair í Leabhar Gabhála na hÉireann, ach aithnítear gur mhúnlach ab ea an léacht nimhneach.

Cuma agus sanasaíochtCuir in Eagar

I Leabhar Gabhála na hÉireann agus Cath Maighe Tuireadh, léirítear Breas mar fhear dathúil,[3][4] ach mar sin féin géar agus doicheallach. Tá dán an sa dinnseanchas ámh a mholann Bres agus a phearsantacht "lách" agus "uasal",[5] agus a deir gurbh é "bláth" na dTuath Dé Danann.[6]

TagairtíCuir in Eagar

  1. Gregory, Augusta (2013). "The Essential Celtic Folklore Collection". EBookIt.com. 
  2. E. J. Gwynn, The Metrical Dindshenchas Iml. 3, Dán 40: Carn Hui Neit
  3. 1 bres (d) ar eDIL
  4. 2 bres
  5. 1 bres (c) ar eDIL
  6. Béarfaidh tú mac mar thoradh ár dréacht le chéile, agus nára dtuga ainm ar bith dó ach Eochu Bres ('sé sin, Eochu Dathúil), óir go measfar gach ní álainn feicthe in Éirinn -- maigh agus dún, leann agus coinneal, bean agus fear agus capall -- i gcomórtas leis an mbuachaill sin, agus déarfaidh cách faoin rud, 'Is Breas é.'" Cath Maighe Tuireadh, Cuid 21, le fáil ar sacred-texts.com


Roimh
Nuadha (1)
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1897–1890 RC
FFE 1477–1470 RC
Tar Éis
Nuadha (2)